FÁNAIDHEACHT

I

gCONNDAE MHUIGHEO

 

Séamus Mag Uidhir

do scríobh.

 

 

OIFIG AN tSOLÁTHAIR

Baile Átha Cliath.

 

 

An Chéad Chló, 1944.

Clóchuallucht Chathail, Tta., Baile Átha Cliath

 


 

FÁNAIDHEACHT I gCONNDAE MHUIGHEO

CLÁR AN LEABHAIR

IORRUS

CAIBIDIL I. Sean-cháirde - An Muirthead - Áiteacha cáileamhla - Áilneacht na h-áite - Muinntear na h-áite - A slighe bheathadh .

CAIBIDIL II. Tobar Dheirble - Naomh Deirble - Roilig an Fháil Mhóir - Slad 1927 - "An Báthadh Mór" - Caora Inis Géidhe .

CAIBIDIL III. Sean-amhránaidhe - Breathnaigh Inis Géidhe - "Sail Óg Ruadh" - Sgéal an amhráin .

CAIBIDIL IV. Iarsmaí ó’n tsean-am - Mainistear na Croise - Mainistear Thearmainn Chathrach - "Eoghan Cóir" - Riocard Bairéad (file) .

CAIBIDIL V. Inis Glóire - Na fothracha - Uaigh Chlainne Lir - Sean-leachtanna - Ag déanamh an "turais" .

CAIBIDIL VI. An Geata Mór - Tighearnaí Talaimh - Na Biongamaigh - Sglábhuidheacht agus imirce - Tobar an Cháirn .

ACAILL.

CAIBIDIL VII. Suidheamh an Oileáin - Ríoghacht Acla - Iarsmaí ó’n tsean-am - Áilneacht an Oileáin - Slighe bheathadh na ndaoine .

CAIBIDIL VIII. An Seanchaidhe - "Cúl na Beinn’" - Clann tSuibhnigh - San Teach Ósda .

CAIBIDIL IX. Smuglaereacht - An caiptín ó’n bhFrainnc - Mághnus Mac Suibhne - Teacht Humbert - An tAthair Mághnus Mac Suibhne - An Sagart ar a sheachaint - An Sagart ina phríosúnach - A bhás .

CAIBIDIL X. I n-aimsir na bPéin-Dlighthe - An tAthair Ó Gallachubhair - É ar a sheachaint - An spiadóireacht - An feall - A bhás .

CAIBIDIL XI. Gráinne Ní Mháille - A bunadh - Na Flaithbheartaigh - Na Máilligh - Na Búrcaigh - Eachtra Ghráinne - "Diabhal an Chorráin" - "Caiptín Ó Máille"

CAIBIDIL XII. Tighearnaí talaimh - Muinntear Brún - Muinntear Uí Dhomhnaill - Muinntear Mhic Lochlainn - Muinntear Mhic Chormaic - ’Liam Píce - Iarla Chábháin - "Cailleach a’ Valley" .

CAIBIDIL XIII. Roimh an Ghorta - Teacht Nangail - Bunughadh an "Mhisiuin" - Imtheachta an "Mhisiuin" - An "Achill Herald" - Meath an "Mhisiuin" - A dheireadh

CAIBIDIL XIV. An Chéad Traen go hAcaill - An Tairingireacht - An Traen Speiséalta Deiridh - Ag Fóghluim an Bhéarla - Lá an Easbuig - "Hata Acla"

 



 

Fánaidheacht i gConndae Mhuigheo

IORRUS

CAIBIDIL I

Sean-cháirde - An Muirthead - Áiteacha cáileamhla - Áilneacht na h-Áite - Muinntear na h-áite - A slighe bheathadh.

I LÁR an tSamhraidh sa mbliadhain 1938, an té a bhéadh ina sheasamh ar dhroichead an chanáil i mBéal a’ Mhuirthid, d’fheicfeadh sé beirt fhear ar dhá rothar ag tabhairt a n-aghaidh siar agus siubhal maith fútha. Fear óg, sgafánta, leigthe b’eadh duine aca a raibh seal bliadhanta caithte aige i Meiriocá, áit ar éirigh an saoghal go maith leis. Bhí sé ar ais ina thír dhúthchais aríst ag caitheamh saoire a bhí tuillte go maith aige. B’as Iorrus é. É ina Ghaedheal agus ina Ghaedhealgóir breágh agus meas thar an gcoitcheann aige ar an Ghaedhilg, a theanga dhúthchais. Ba é a mhian an chuid ba mhó de Chonndae Mhuigheo, go mór mhór an Ghaedhealtacht atá san gconndae sin, a shiubhal agus eolas a fhagháil ar shaoghal na ndaoine, ar a gcuid staire agus seanchais, agus an oiread de’n chonndae a fheiceál le n-a shúile féin agus a thiocfadh leis ar feadh a shaoire.

Ní raibh sé thar cupla lá sa mbaile as Meiriocá nuair a casadh an mac seo air, agus, má bhí ríméad ar an mbeirt a chéile a fheiceál i ndiaidh seacht mbliadhan, cé thóigfeadh ortha é, mar tóigeadh ag béal a’ dorais ag a’ chéile iad agus chuaidh siad ar sgoil le chéile. Le linn a n-óige ba doiligh beirt a fhagháil a bhí chomh tugtha dh’á chéile, agus i dtaca le spóirt agus achrann na h-óige dhe, bhíodh gach aoinne aca sáidhte chomh mór ann leis an duine eile. Ar an gcaoi sin d’fhás cáirdeamhlacht agus carthannas eatortha beirt nach réabfaidhear fad is beo a lá, bíodh gur fada sgaithte sgartha ó chéile anois iad. Acht nach ’in cúrsaí an tsaoghail?

Ar chuma ar bith nuair a bhí cúrsaí an tsaoghail i Meiriocá agus sa mbaile i gcaitheamh na seacht mbliadhan sin cíortha agus spíonta go maith, shocruigh muid beirt sgathamh a chaitheamh le chéile ag fánaidheacht i gConndae Mhuigheo, ár gconndae dúthchais, ag cur eolais ar na h-áiteacha ann a bhfuil cliú agus cáil ortha ó thaobh na staire agus na h-áilneachta. Bhí fhios againn beirt, ó’n tseanchas a chuala muid ó am go h-am ó na sean-daoine in ár mbaile dhúthchais féin, go raibh áiteacha sa gconndae ar bh’fhiú a bhfeiceál agus go raibh sgéalta agus seanchas imeasg na ndaoine ann ar chóir a gcur ar phár shul a nglaoidheadh an bás uainn na seanchaidhthe a raibh an stór luachmhar seo aca.

Ba mhaith a thuig muid nach mórán a d’fhéadfaidhe a dhéanamh san am a bhí againn acht níor chuir sin aon droch-mhisneach orainn. Bhí fhios againn go ndeacha daoine rómhainn a rinne a gcion san obair chéadna agus go dtiocfadh daoine in ár ndiaidh a chuirfeadh leis an méid a bhéadh déanta, agus ar an gcaoi sin go bhféadfaidhe na bailiúcháin bheaga a chur i dtoll a chéile am eicínt agus cnuasacht toirteamhail a dhéanamh a chuirfeadh cuid mhaith de stair agus béaloideas an chonndae ar an bhfód sábháilte. Bhí dúil againn beirt ’chuile lá ariamh an oiread de’n chonndae fré chéile a fheiceál agus a thiocfadh linn dhá dtigeadh an deis, agus anois nuair a bhí an chaoi agus an t-am againn níor bhfailligheach dhúinn a thapughadh. Deir an sean-fhocal nach bhfuil long a fhanfas le cóir nach bhfuighidh, agus b’fhearacht sin againne é.

Ar an Muirthead siar a thug muid aghaidh i dtoiseach mar bhí fhios againn de thairbhe an tseanchais a chuala muid faoi go raibh sé ar cheann de na h-áiteacha ba suimeamhla i nIorrus le cúpla lá a chaitheamh ann. ’Sé an Muirthead an chuid sin d’Iorrus atá ar an taobh thiar de’n chanál atá ag dul thríd Bhéal a’ Mhuirthid agus atá ag ceangailt Cuan an Fhóid Dhuibh agus Cuan an Inbhir le chéile. Sgarann an canál seo an Muirthead ó’n mhóir-thír sa gcaoi gur féidir a rádh gur oileán é an Muirthead. Tá droichead ag dul treasna an chanáil agus caoi ann leis an droichead a árdughadh, le báid agus longa a leigint ó chuan go cuan do réir mar a bhíos gádh leis.

an talamh is fearr i nIorrus ar an Muirthead agus ní dheacha sé seo amugha ar na tighearnaí talaimh san am atá caithte, mar go mba líonmhaire iad ins an gceanntar sin ná i gceanntar ar bith eile i nIorrus. Bhí go leor de na tighearnaí seo a raibh an chuid ba mhó dá ndúithchí i n-áiteacha eile ar fud Iorruis acht má bhí féin, ní raibh duine aca nach raibh stiall de’n Mhuirthead aige. Is ar éigin má bhí ceanntar ar bith eile dá mhéid i nÉirinn a raibh an oiread tighearnaí talaimh ag cur fútha ann agus a bhí ar an Muirthead. Acht d’imthigh a lá agus is fada fánach an sgapadh atá ortha agus ar a sliocht indiu agus tá a gcuid caisleán "ina bhfothracha folamha gan áird," acht is glas i gcuimhne na ndaoine go fóill cáil na dtighearnaí sin, agus a leoca féin, ní h-í an deagh-cháil í. Is doiligh dearmad a dhéanamh dhi mar cháil, mar nach bhfuil míle de’n cheanntar sin a shiubhalfas duine nach mbéidh rud eicínt le feiceál ann a mheabhróchas dó an chúmhacht a bhí ag na tighearnaí sin agus an cruadhtan agus an sglábhuidheacht a d’fhulaing na daoine a bhí mar thionóntaí fútha.

Ó Bhéal a’ Mhuirthid siar ó dheas go dtí an Fál Mór ní tada gearr de cheithre mhíle dhéag é. ’Sé an Fál Mór an baile is fuide ó dheas ar an Muirthead, acht ar fhad na gceithre mhíle dhéag sin tá an oiread sin de’n áilneacht faoi do shúil agat ar ’chaon taobh nach n-aireochthá fada mar aistear é. Tá Cuan an Fhóid Dhuibh ar thaobh na ciotóige ar fhad an bhealaigh agus an Fhairrge Mhór ar thaobh na deasóige. Is ar éigin má cailltear amharc ar an bhfairrge ar ’chaon taobh ó thoiseach go deireadh an aistir agus ’chaon taobh dhíobh chomh h-áluinn suimeamhail leis an taobh eile. Tá tráigheanna fada geala, alltracha árda fiadháine agus carraigreacha géara garbha ar gach aon taobh agus iad uilig go léir ag cur leis an áilneacht ina mbealach féin.

Ar thaobh na deasóige, amuigh san bhFairrge Mhóir, tá Inis Glóire, an áit a bhfuil Clann Lir curtha, Inis gCaorach, Inis Géidhe ó thuaidh agus Inis Géidhe ó dheas. Ar an taobh ó dheas de’n Fhál Mór tá Dubh-Oileán agus na Léimneacha. I bhfad amach siar san aigéan tá an Toir, carraig mhór atá corrlach le deich míle amach ó’n mhóir-thír. Ar thaobh na ciotóige, mar adubhradh, tá Cuan breágh leathan an Fhóid Dhuibh. Taobh thoir de’n chuan tá sléibhte Iorruis agus Baile Chruaich. Níos fuide soir aríst tá Corr-Shliabh le feiceál agus a ceann go maith aici ar na sléibhte eile atá luaidhte. Ar an taobh ó dheas de’n chuan tá Oileán Acla, áit a bhfuil dúil againn cúpla lá a chaitheamh agus a mbéidh cunntas faoi amach annseo.

Ceanntar réasúnta comhthrom é ó fhágfas tú Béal a’ Mhuirthid go dtéighidh tú go dtí an Fál Mór. Thiar i n-aice leis an bhFál Mór tá Cnoc Tearmainn. Meall nó árdán mór cloch-eibhir é seo a bhfuil clúdach tanaidhe de chréafóig bhoicht neamh-shéasúirigh air. Suas go dtí timcheall fiche bliadhan ó shoin bhí glaodhach mór ar an gcineál sin cloiche agus bhí dhá choiléar dh’á n-oibriughadh ann agus thart ar céad fear ag obair agus ag saothrughadh ionnta.

Thugtaoi cuid mhór de’n chloich-eibhir seo chun bealaigh go h-áiteacha eile ar fud na tíre agus thar sáile go tíortha eile chomh maith mar bhí árd-cháil uirthi agus í go feileamhnach i gcóir foirgnidh. Acht cébí fáth a bhí leis, tháinig meath ar an tionnsgail sin sa gcaoi nach bhfuil ann anois acht cineál béaloidis go raibh a leitheide ann.

Talamh gainimheach an chuid eile de’n Mhuirthead, mórán. Tá cuid mhaith de faoi ghainimh shéidte atá chomh geal le sneacht, agus chomh mín le min. Níl fásradh ar bith gur fiú trácht air ar an ngainimh shéidte seo acht corr-thom muirínighe. Talamh sruth-ghainimh an chuid eile agus é go maith i gcóir curaidheachta agus gan aimhreas é saothruighthe go maith. Níl fód amháin móna ó Bhéal a’ Mhuirthid siar agus níl léigheadh ná innseacht ar an anró a gheibhtear ann ag iarraidh móin an gheimhridh a sholáthar agus a thabhairt thar cuan isteach ó’n mhóir-thír.

Taobh tíre lom é nach bhfuil crann ná sgeach gur fiú le feiceál ann. Deir muinntir na h-áite gur cuireadh ann iad ó am go h-am agus go bhfásadh siad maith go leor go mbíodh siad sé nó seacht dtroigh ar airde agus annsin chríonadh siad. An ghaoth láidir, ghuirt ó’n bhfairrge ba chionntach leis, dar leo.

Níl áilneacht na h-áite seo ar aon dul le áilneacht fhiadháin, shléibhteamhail Thír Chonaill ná áilneacht gharbh, chlochach, lochach Chonamara, acht mara bhfuil féin tá áilneacht dh’á chuid féin ann. Tá radharc ar an bhfairrge ó gach ball de. Tá tráigheanna geala, gainimheacha agus alltracha árda, sin, agus corr-loch, agus an méid sin go léir faoi n-a shúil ag duine i n-aon radharc amháin. Tá éagsamhlacht san áilneacht atá ann agus an éagsamhlacht sin níos ciuine agus níos sochmhaidhe ná mar atá le fagháil i n-aon áit eile san gconndae.

Is beag má tá difridheacht ar bith idir tréithe na ndaoine ar an Muirthead agus tréithe na ndaoine i gConamara ná i nGaedhealtacht Thír Chonaill. Tá siad lághach, fial agus fáilteach agus iad i gcómhnuidhe réidh le cabhrughadh leis an strainséar. Fearacht ’chuile áit eile san Ghaedhealtacht, ní h-é go leor de mhaoin an tsaoghail atá aca, nó ag an gcuid is mó aca ar chuma ar bith. Acht tá an chuma ortha go bhfuil siad sásta le n-a bhfuil aca, agus ní minic a cluintear ag clamhsán iad. Daoine láidre, cruaidh-dhéanta iad uilig, agus cuma na sláinte agus an fhollántais ortha go léir fré chéile.

Mar atá ráidhte, tá an córtas agus an gheanamhlacht a gheibhtear san Ghaedhealtacht le fagháil ann ó mhuinntir na h-áite. I gceann an mhéid sin, tá an tsaoidheacht uasal Ghaedhealach ann nár truailligheadh go fóill le "síbhialtacht" Gall. Is soiléir gur de’n dúthchas an tsaoidheacht sin; go bhfuil sí geinte ins na daoine go smior agus go smúsach agus go bhfuil an fhuil uasal Ghaedhealach go fóill ag ropadh léithe ina gcuisleanna go láidir bríoghmhar i ndiaidh an mhéid a rinneadh le "Sacsan beag d’ar b’ainm Éire" a dhéanamh de’n tír seo. Cé’n chaoi eile a mbéadh sé leis na daoine seo atá le fagháil agus a tóigeadh san Ghaedhealtacht seo agus i ngach Gaedhealtacht eile sa tír? Nach de shliocht na righthe iad, an tsliocht sin a raibh an spiorad agus an uaisleacht ró-láidir ionnta le n-a gcreideamh ná a ndúthchas a shéanadh ná a chaitheamh uatha ar mhaithe le cúmhacht, maoin ná saidhbhreas? Is furast a fheiceál gur de bhunadh na n-uasal iad san iomchur atá fútha agus an tógáil atá ortha. Acht nach ’in é an sean-dúthchas Gaedhealach atá beo go fóill áit ar bith a bhfuil an teanga dhúthchais go bríoghmhar láidir, mar atá sí ar an Muirthead? Is roighin an rud an dúthchas agus is doiligh a chlaoidheadh agus tá a chruthughadh sin go soiléir againn ins an áit seo.

an Ghaedhilg go beo bríoghmhar ag muinntir na h-áite seo go fóill, chomh bríoghmhar slán agus atá i nGaedhealtacht ar bith eile sa tír, agus leis an eolas ceart a fhagháil ar an áit agus eile, ní mór do dhuine bheith i n-ánn an Ghaedhilg a labhairt go measardha maith. Acht ná síltear go bhfuil siad i muinighin na Gaedhilge ar fad mar theangaidh, mar nach mar sin atá. Tá cuimse maith Béarla aca chomh maith, acht gur fearr i bhfad atá siad i n-ánn seanchas a dhéanamh agus a gcuid smaointe a nochtadh sa nGaedhilg. Ina cheann sin tá eolas comhthrom aca - na h-iasgairí go mór mhór - ar an bhFrainncis. Tigeann báid iasgacha anall ó’n bhFrainnc ag iasgaireacht thart ar chóstaí Iorruis agus bíonn dlúth-bhaint ag na h-iasgairí sin le iasgairí na h-áite. Sin é an chaoi a bhfuair siad an t-eolas ar an bhFrainncis mar go mbíonn na Franncaigh ag ceannacht an éisg uatha, agus, ag déanamh an mhargaidh dhóibh, ’sé an dá mar a chéile aca é an Béarla nó an Fhrainncis.

 

 

CAIBIDIL II

Tobar Dheirble - Naomh Deirble - Roilig an Fháil Mhóir - Slad 1927 - "An Báthadh Mór" - Caora Inis Géidhe.

ANOIS, a léightheoir, ó thárla breac-bharamhail agat ar an gcineál ceanntair é an Muirthead ní fearr rud a dhéanfá ná bualadh linn siar chomh fada is is féidir linn agus annsin cuartughadh linn aniar ar ais go bhfeicimid cé’n t-eolas atá le fagháil. B’fhéidir gur fánach an chaoi a gcasfaidhe sean-duine eicínt orainn ar an searsa sin a bhéarfadh glac seanchais dúinn faoi na h-áiteacha is mó le rá ó thaobh staire agus seanchais. Caithfidh sé go bhfuil an t-an-chuimse seanchais ann acht bun a chur air, mar ó n-a bhfuil le feiceál ann de sean-bheanntracha, ballóga agus fothracha sean-mhainistreach, is cinnte go raibh an Muirthead go h-árd i réim tráth de’n tsaoghal.

Mar adubhradh cheana ’sé an Fál Mór an baile is fuide siar ar an leith-inse seo. Ar chúl an bhaile tá dúmhacha móra gainimhe gan aon cheo ag fás ortha acht corr-shlámán muirínighe agus dornán fánach de fhéar chruadh roighin. Istigh i logán imeasg na ndúmhacha gainimhe seo tá tobar beannuighthe. Is minic a déantar iongantas de nach líontar suas an tobar seo leis an ngainimh atá thart air ar ’chaon taobh. Tá dhá ainm ar an tobar seo. Tobar na Dúmhaiche an t-ainm is minicighe a cluintear ag muinntir na h-áite air acht tá Tobar Dheirble air chomh maith. ’Chuile bhliadhain idir an dá Lá Fhéile Muire bíonn na sluaighte le feiceál ’chuile lá, mórán, ag déanamh an "turais" ag an tobar seo.

Ar ndóigh ní faisiún úr ná nuaidhe é daoine a fheiceál ag déanamh "turais" áit ar bith a bhfuil tobar beannuighthe acht ní raibh aon tsásamh intinne le fagháil ag mo chomrádaidhe - Micheál a b’ainm dhó, mur bhfuil sé i n-am agam é a chur i n-aithne dhuit, a léightheoir! - go bhfaghadh sé amach cé’rd ba bhun leis an turas i dtoiseach. Cráin-fhear cnámhach, cruaidh de iasgaire a bhí ag cur deis’ ar shean-churach thíos ar an dúirling a d’innis dhúinn beirt an sgéal a bhaineas leis an tobar beannuighthe seo agus seo chugaibh anois é mar a h-innsigheadh dúinne é, agus má tá bréag ann bíodh, ní muide a chum ná a cheap é, mar adeireadh na sean-tseanchaidhthe.

Am eicínt i ndeireadh na h-ochtmhadh aoise, bhí tighearna nó flaith saidhbhear ina chómhnuidhe áit eicínt suas i lár na hÉireann. Ní raibh de chlainn aige acht an t-aon inghean amháin agus más fíor do’n tseanchas ba bhreágh, dathamhail an ainnir í nuair a bhí sí ina cailín óg. Casadh taoiseach airm ar cuairt i dteach an chailín óig tráth agus leis an gcéad amharc thuit sé i ngrádh léithe. Ba bheag cluas a thug sise dhó nuair a d’iarr sé uirthi é a phósadh. Chuir an taoiseach seo go bog agus go cruaidh ar athair an chailín cómhairle a chur ar a inghin glacadh leis an tairisgint a bhí dh’á tabhairt dhi. Bhí an t-athair sásta go leor leis acht bhí sé fánach ag an mbeirt fhear a bheith ag iarraidh cómhairle mar sin a chur uirthi-se. Bhí rún aici-se a saoghal a chaitheamh i seirbhís Dé agus chaith sí ’chuile smaoineamh ar phósadh as a ceann, sa gcaoi nach raibh gar ann do’n athair ná do’n taoiseach a bheith ag iarraidh uirthi géilleadh dhá dtoil.

Cé go ndearna sí gach a dtáinig léithe leis an rún a bhí aici a chur ina luighe ar an mbeirt fhear ní raibh lá suaimhnis le fagháil aici ó’n taoiseach seo acht é go síorraidhe agus i dtólamh ag iarraidh a chur i n-iúl do Dheirble, an cailín óg, chomh mór agus bhí sé i ngrádh léithe. Bhí sé ag dul di chomh mór sin gur shocruigh sí ar deireadh a h-áit dhúthchais a fhágáil agus imtheacht léithe go h-áit eicínt nach mbéadh aon fhagháil ag an taoiseach uirthi.

D’fhág sí slán ag a muinntir agus moill ná mór-chómhnuidhe ní dhearna sí gur shroich sí an Fál Mór i n-iarthar Iorruis. Ag marcuidheacht ar asal a tháinig sí, agus cinnte ba doiligh áit ní b’iargcúltaighe a fhagháil ná an áit fhiadháin, lom sin thiar ar éadan an chnuic ar bord na Fairrge Móire. Ba chráibhtheach naomhtha an saoghal a bhí dh’á chaitheamh aici ann ag cabhrughadh leis na bochtáin agus ag treorughadh na ndaoine san áit chuig Dia ar ’chuile bhealach.

Acht is doiligh an grádh a cheannsughadh agus ar ndóigh más fíor do’n tsean-fhocal é, galar é an grádh nach leigheastar le luibheanna agus is cosamhail nach raibh leigheas i ndán do’n taoiseach seo go bhfaghadh sé Deirble. Chomh luath agus chrothnuigh sé ise imthighthe as a h-áit dhúthchais thoisigh seisean ’ghá tóruidheacht. Lean sé dhó oidhche agus lá ar an tóir go géar go bhfuair sé fáirnéis ar deireadh go raibh sí ag cur fúithi thiar ar an bhFál Mór.

Nuair a fuair sé sin amach srian níor tharraing sé gur shroich sé an áit a raibh sí. Ba ar luing a tháinig sé ann agus ba i gclúid an Phuirt Mhóir a chaith sé ancoire. Nuair a tháinig sé i dtír chuir sé tuairisg Dheirble, rud a fuair sé gan ró-mhoill. Nuair a bhuail sé isteach sa mbothán a bhí aici, níor b’iongantaighe léithe an sioc sa tSamhradh ná é a fheiceál aríst, mar go mba é an duine deiridh a raibh súil aici a fheiceál san áit iargcúlta sin.

Chuir sí fearadh na fáilte roimhe agus d’fhiafruigh dhe céard a thug an bealach sin é. D’innis sé dhi agus thoisigh air aríst ar an tsean-sgéal sin nach mbéidh sean go deo, ag cur i n-iúl dhi chomh mór agus bhí sé i ngrádh léithe agus nach raibh aon tsólás i ndán dó sa tsaoghal seo gan í. Lean an seanchas seo eatortha go ceann sgathaimh maith, ise ag iarraidh cómhairle a chur air filleadh abhaile agus dearmad a dhéanamh dhi. Acht ní raibh gar ann di. Ar deireadh nuair a bhí sí sáruighthe amach dh’á chómhairliughadh agus é ag cliseadh amach is amach uirthi, d’fhiafruigh sí dhe céard a chonnaic sé innti thar chailín ar bith eile go dtug sé an oiread sin grádha dhi.

"Do dhá shúil," ar seisean.

Ní dhearna sí a dhath acht a dhá súil a phiocadh amach as a ceann agus iad a chaitheamh chuige. D’fhóbair go mbrisfidhe a chroidhe nuair a chonnaic sé an rud a rinne sí acht ní raibh leigheas aige ar an ngníomh a bhí déanta. Le croidhe a bhí anois ina chrotal-cró i ngeall ar a dhílseacht i ngrádh, d’fhág sé slán ag Deirble agus an Fál Mór agus sgéal ná sguan níor cluineadh faoi san áit sin ní ba mhó.

Bhí Deirble dall annsin agus caoi bhocht uirthi acht lean sí leis an tsaoghal diadhanta cráibhtheach, ag guidhe Dé fóirthint di agus do bhochtáin na h-áite. Lá amháin agus í ag iarraidh a bheith ag mothughadh a bealaigh thríd dúmhacha an Fháil Mhóir, d’airigh sí crónán fiodáin cómhgarach dhi. Rinne sí a bealach i dtreo an fhiodáin agus nuair a shroich sí an t-uisge chrom sí síos gur chuir sí baslach ar a h-éadan. Ar an móiméad ar chuir sí an t-uisge ar a h-aghaidh fuair sí radharc na súl ar ais aríst. Tá Tobar Dheirble ó’n lá sin go dtí an lá atá ann indiu san áit ar nigh an cailín óg sin a h-éadan na céadtha bliadhan ó shoin agus ómós mar is cuibhe dh’á thabhairt dó ag Gaedhil anuas thríd na bliadhanta sin.

Thoisigh Deirble ag obair i ndáirírí annsin. Chuir sí mainistear ar bun ar an bhFál Mór agus lean sí uirthi ag cur síol na Críostuidheachta sa gceanntar sin. Idir an Eachléim agus an Fál Mór tá baile a dtugtar an Tearmainn air agus ba leis an mainistir a bhí ag Deirble talamh an bhaile sin mar a tuigtear ó’n ainm. Tá fothracha na sean-mhainistreach sin le feiceál go fóill i roilig an Fháil Mhóir agus más féidir tuairim ar bith ar a méid a fhagháil ó’n mhéid di atá fágtha, is léir nár mhainistear ró-mhór a bhí innti. Tá uaigh Dheirble sa roilig sin le h-ais na bhfothracha agus balla beag cloch thart uirthi, agus gan fiú tráithnín amháin féir ag fás uirthi acht í chomh lom le croidhe do bhoise. Tá sean-leachtanna go leor sa roilig chéadna, cuid aca chomh h-aosta sin nach féidir aon mheabhair a bhaint as an sgríbhinn atá ortha. Tá sean-chloch thumba ann a bhfuil an dáta 843 gearrtha uirthi agus gidh go raibh tuilleadh thar an dáta uirthi ní féidir níos mó a dhéanamh amach.

Nach fada siar a théigheas cuimhne Gaedheal agus nach iongantach mar a tháinig seanchas na laethe i n-allód anuas thríd na h-aoiseanna ó ghlúin go glúin go dtiocfadh le sean-iasgaire a tóigeadh ar bord na Fairrge Móire, seanchas bríoghmhar cruinn a dhéanamh indiu ar neithe a thárla os cionn míle bliadhan ó shoin!

"Tá sgéal Naomh Deirble agaibh anois," ar seisean, "mar a tháinig sé anuas chugam-sa uatha seo atá imthighthe agus cuirigidh sibh-se uaibh é chuca seo a thiocfas i n-bhur ndiaidh, mar d’fhág sí a rian ar an áit seo sa gcaoi nach ndéanfaidhear dearmad di fhad ’s bhéas uisge a’ rith ná féar ag fás ar na creagáin gharbha seo. Tá a h-uaigh, mar adubhairt mé libh, thoir sa roilig agus má théigheann sibh soir, ná dearmad Paidir agus Cré a chur le n-a bhfuil curtha ann mar thuill siad é agus is bocht an nidh a bheith gann faoi do ghuidhe. Is beag dhinn féin nach mbéidh cabhair a dhith orainn. Acht ar ndóigh tá Dia láidir."

"’Sé ’tá," arsa Micheál, "agus Máthair mhaith Aige."

D’fhág muid slán ag an tsean-iasgaire agus bhog muid linn suas ag déanamh ar an tsean-roilig. "Bhfaca tú iongantas ariamh acht an chaoi a bhfuil an Ghaedhilg agus an Béarla ar a thoil ag an tsean-fhear sin?" arsa Micheál. "Tig leis casadh leis ó cheann go ceann aca ar a shocracht gan pioc stróimh ná briotaighile ’réir mar fheilfeas teanga aca thar an gceann eile do’n tseanchas."

"Nach bhfeicim sin," arsa mise, "acht is bríoghmhaire i bhfad a chuid seanchais nuair is i nGaedhilg a sgaoileann sé uaidh é. Nach é an truagh é go bhfuil a leitheide ag imtheacht uainn go tiugh agus ag tabhairt ’un na cille leo, an teanga uasal agus an stór luachmhar seanchais atá aca?"

"Is mór an tsléacht agus an chaill é dá mbéadh neart air," arsa Micheál, "go mór mhór an Ghaedhilg. Nach bhfeiceann tú go gcuireann an sean-Ghaedhilgeoir i láthair is faoi choimirce Dé thú leis an gcéad fhocal a thigeas as a bhéal nuair a castar ort é, agus aríst, agus tú ag sgaradh uaidh, guidheann sé Dia na nGrást’ a bheith do d’ chosaint ’s do d’ chúmhdach ó anachain ’s ó bhaoghal?"

"Nach bhfeicim sin," arsa mise, "acht seo í an roilig annseo agus buailimís isteach go mbreathnuighmid thart. A Thighearna, nach é an áit atá ciuin, annseo ar cholbh na Fairrge Móire, gan aon cheo ag cur isteach ar an gciuineadas sin acht mion-tsleasáil na dtonnóg atá ag lighe agus ag pógadh na gcairrgreach thíos, an lá ciuin samhraidh seo! Bíodh geall nach mbíonn an áit seo chomh sochmhaidhe socair nuair bhíos an fhairrge tóigthe le stoirm agus anfadh an gheimhridh, nuair a bhíos na róisteacha móra muing-gheala ag teacht ina sean-rása aniar ó bhun na spéire agus ghá gcaitheamh féin go mío-thrócaireach árd-ghlórach i n-aghaidh na gcairrgreach seo thíos?"

"Is beag beann atá ag na cairrgreacha sin ar threasgairt na dtonn mar tá an seasamh ionnta agus iad sáthach dubhshláinneach dhóibh dá chúmhachtaighe iad," ar seisean. "Acht nach í seo uaigh Dheirble leis an mballa beag cloch thart uirthi?"

B’fhíor do’n tsean-iasgaire. Ní raibh tráithnín amháin féir ná cineál ar bith eile ag fás uirthi. Í go lom íseal annsin i gcroidhe na roilige mar bhí an naomh í féin tráth i gcroidhe na ndaoine atá thart uirthi anois ag iomchur na bhfód. Agus, a Dhia, nach é an sean-iomchur é ag cuid aca seo atá ’na luighe annseo le corrlach ’s míle bliadhan? Is doiligh baramhail a thabhairt ar an gcineál saoghail a bhí ar an bhFál Mór nuair a mhair Deirble ann acht is cosamhail gur ghlac na daoine a bhí ann an tráth sin go fonnmhar, dúthrachtach le teagasg an naoimh agus tá a rian sin san áit indiu, mar adubhairt an t-iasgaire. Má bhí sluagh mór thart uirthi ina lá níl sí gan cómhluadar thart uirthi anois chomh maith leis an uair sin. Nár dhearmadthar go deo iad, agus go mba h-árd a leabaidh imeasg na naomh.

"Acht breathnuigh, a Mhicheáil, cé ’tá curtha faoi ’n leacht bhreágh, árd údaigh thiar ag sgonnsa na roilige?"

"Sin é an áit a bhfuil na h-iasgairí as Inis Géidhe a báitheadh suim bliadhanta ó shoin curtha. Nár chuala tú faoi’n mbáthadh mhór sin?"

"Ní feasach mé gur chuala," arsa mise.

"Innseochaidh mise dhuit é mar is maith is cuimhneach liom an oidhche chéadna. Amach i mí Dheire Fóghmhair sa mbliadhain 1927 tháinig tráthnóna chomh ciuin sáimh ’s a tháinig ó shoin. Thuit sé ’un ciuinis chomh mór sin le contráth na h-oidhche nach gcorróchaidhe ribe gruaige ar do cheann. Bhí ’chuile chosamhlacht ar an bhfairrge go mbéadh iasg le fagháil go fairsing an oidhche sin agus seo chun fairrge iasgairí Inis Géidhe ina gcuid curach ag brath slad a dhéanamh ar na h-éisg an oidhche sin. Rinneadh an slad agus sléacht acht ní ar na h-éisg a rinneadh é acht ar na h-iasgairí, mar a chluinfeas tú.

Nuair a bhí sé ag teannadh amach le meadhon oidhche agus na h-iasgairí ag bordáil a gcuid eangach amuigh i ndoimhneacht na fairrge, agus éadáil mhaith aca ionnta, mar a bhuailfeá do dhá bhois faoi n-a chéile, d’árduigh an stoirm de phlimp. Shiab sí agus shéid sí, agus ag neartughadh a bhí sí go dtí go raibh an fhairrge tóigthe ina róisteacha fiadháine aici taobh istigh de leath-uair a chluig. A leitheide níor shéid ariamh chomh tobann. Glacadh na h-iasgairí chomh gearr sin san am nach raibh súil ar bith aca le n-a leitheide, agus iad ag carraidheacht le eangacha fliucha amuigh san aigéan i ndorchadas na h-oidhche gur gearr a sheas siad. Cuireadh cuid de na curaigh faoi chois agus séideadh cuid eile aca roimh an ghaoith gur dearnadh cláiríní dhíobh i n-aghaidh na gcairrgreach sin thiar. Ba uathbhásach go deo an oidhche í le stoirm nár mhair i bhfad, acht ba bhocht an oidhche í do mhuinntir Inis Géidhe. D’fhág stoirm na h-oidhche sin néall ar mhuinntir na n-oileán nach ndéanfaidh siad dearmad de i gcaitheamh a solais."

"Ar báitheadh mórán an oidhche sin?" arsa mise.

"Báitheadh, fairíor," ar sisean. "Ní amháin as Inis Géidhe acht rug an stoirm chéadna ar iasgairí thart ar chladaigh Chonamara agus ar thuaisceart Mhuigheo gur sguabadh go tóin puill mór-sheisear a’s dá fhichead, más cuimhneach liom i gceart é. Fuarthas cuid de na cuirp ina dhiaidh sin acht ag Dia amháin atá fhios cá bhfuil uaigh na coda eile."

"Feicim go bhfuil aon duine dhéag curtha san uaigh seo," arsa mise.

"Tá," ar seisean. "Iad seo a báitheadh as Inis Géidhe atá curtha annseo agus féach gur chabhruigh na deoraidhthe Gaedheal le leacht mar ba chóir a chur ar an muinntir a bhfuil a gcolannacha i dtaisge san uaigh seo."

"Nach bhfeicim sin?" arsa mise, "agus ba mhinic cheana a mb’éigean dóibh teacht de chabhair ar mhuinntir na Gaedhealtachta. Is fada anois í faoi amhgar agus faoi chrádh, mar Ghaedhealtacht. Le mo linn féin is iomdha céasadh atá fáighte aici ó Chonamara go hÁrainn Mhóir ar chladaigh Thír Chonaill. Is fada a bhéas cuimhne ag muinntir Chois Fhairrge ar an tsléacht a rinne an mine a tháinig i dtír annsin agus gan fhios ag na daoine a bhí cruinnighthe thart air céard a bhí ann gur phléasg sé agus gur dearnadh mion-spruadhán díobh uilig. Annsin, nach glas in do chuimhne féin an mío-ádh mór a thuit ar mhuinntir na h-Árainne Móire i dTír Chonaill nuair a báitheadh naoi nduine dhéag a bhí ar a mbealach abhaile as Albain agus an mío-ádh sin a thuitim ortha agus iad i n-amharc a dtighthe féin. Annsin aríst teanam leat go hAcaill áit a bhfuil gruaidheanna fliucha go fóill agus ní gan ádhbhar. Tá bás agus an-bhás ann acht nach iad an deichneabhar ógánach a bhí i nAlbain as Acaill a fuair an t-an-bhás nuair a rinneadh luaithreamhán díobh thall. Ní h-iongantas ar bith é na gruaidheanna a bheith fliuch ag muinntir Acla mar gur tugadh cuirp na n-ógánach sin abhaile chucu ina luaithreamhán gan toirt gan aithne."

"Is truagh é, agus is ró-thruagh é go dtárluigheann a leitheide," arsa Micheál, "acht ar ndóigh b’in an bás a bhí i ndán dóibh agus ní raibh aon dul uaidh aca."

"Sean-sgéal é sin agus meirg air, a Mhicheáil. ‘An bás a bhí i ndán dóibh.’ Seafóid! Nach bocht an bhail atá ag dul ar iarsmaí Chlann Gaedheal i ndiaidh an mhéid a d’fhulaing siad le n-a dtír, a gcliú agus a gceart a chosaint agus anois nuair ba chóir tárrtháil a bheith le fagháil aca ar deireadh, níl le fagháil aca acht báthadh agus dóghadh. Mur bhfuil i ndán dóibh acht sin i ndiaidh an iomláin, is cleasach an peata an chinneamhaint."

"Acht ós ag trácht ar ár agus sléacht muid, nach iongantach nár cumadh dán ná amhrán fútha seo atá curtha annseo? Mac a samhail ‘Anach Cuain’ a chum Reaftuirí fadó atá mé a rádh," arsa Micheál.

"Ó thárla gur mheabhruigh tú dhom é, is cuimhneach liom gur cumadh," arsa mise. "Ná síl go bhfuil Iorrus fágtha go fóill gan file. Tá fear a dtugtar Seán Ó Monacháin air ina chómhnuidhe ar an Árd Mór i n-aice le Béal a’ Mhuirthid agus chum seisean píosa filidheachta faoi. B’fhéidir gur furast méar a leagaint air mar fhilidheacht acht ba mhaith an iarraidh é do fhear nach raibh i n-ánn léigheadh ná sgríobhadh. Seo chugat anois saothar Sheáin go bhfeicidh mé do bharamhail faoi:

 

AN BÁTHADH MÓR

1

Nach bocht an gháir is nach daor an bás é,

Ó rinneadh an t-ár seo i nInis Géidhe?

Tá’n sgata báidhte a b’fhearr san áit seo

I bPort a’ Chárainn, ’s nach mór an sgéal!

Dá sínthí a gcnámha i gcómhnra cláraidh

Nó ’n cholainn ghránda bheith curtha i gcré,

Ní bhéadh mná ’gus páistí chomh buartha cráidhte

’S bhéadh a muinntear sásta i nInis Géidhe.

2

Ní i mbaile ná paráiste ’tá cainnt faoi’n mbáthadh

Acht ins na ceithre h-áirdí uilig go léir;

Ar sgéal chomh cásmhar tá’n domhan a’ tráchtadh

’S ní gan ádhbhar, céad fairíor géar!

’S gurb é seo an cóireadh a bhí geallta dhóbhtha

Nuair a d’árduigh an cuaifeach ’s an tír faoi shuan,

Thart le cóstaí bhí an fhairrge tóigthe

Gan slighe gan treorughadh mar bhí i nAnach Cuain.

3

Bhí ’n domhan tréigthe ag gealach ’s réalta,

Ba dubh na spéarthaí ó thuit an oidhch’,

Nár mhór é a n-eagcaoint ’s iad sa ngéibhinn,

Ní raibh gar ’á fhéachaint ó d’athruigh an ghaoth.

Ní raibh gath gealaighe ann ná deallramh gréine,

Gur chaill siad léargus ’s meabhair cinn

’S ó d’fheall na céaslaí ’gus mothughadh a méara

Gur cuireadh i dtréas iad i mbéal na tuinn’.

4

Bhí an ghaoth ag séideadh thrí chnuic ’s sléibhte,

An fhairrge ag géarughadh i mbéal an chuain;

Bhí an curaichín éadtrom gan brígh gan téagar,

’S nár bheag a h-éitir ar bhárr na dtonn.

Bhí an bhuilg a’ bualadh ’r an taobh ó thuaidh dhíobh,

’Sí tabhairt fuagraidh ghlain ghéir ó’n mbás,

Acht bhí aingle a’ fuagairt ’r an tráigh taobh thuas díobh

Agus leagadh anuas iad i mbéal an tsnáimh.

5

Mac Dé ’s A Mháthair a d’árduigh an gála,

Le toil na nGrásta a shéid an ghaoth:

Bhí a cúmhacht ró-láidir, ní raibh goir ’á sárughadh

’S ní fhéadfadh bádóir a theacht i dtír.

Acht níl sa mbáthadh acht gur mór an t-ár é,

Is tapaidh an bás é gan briseadh croidhe,

Ní aicíd áithrid é feadh bliadhan’ ná ráithe,

Acht beannacht a fhágáil le buaidhreadh ’n tsaoghail.

6

Séard dubhairt na h-áird-chinn chaith i bhfad i gcoláiste,

A fuair fios ó’n bPápa ar chainnt na naomh,

Má rinneadh an báthadh i bPort an Chárainn

Go raibh an Breitheamh i láthair ’ghá leigint saor.

Bhí Dia ’ghá sábháil ’s ag réidhteach áit’ dóibh

Ní sgathamh gearr é ná lóistín oidhch’,

Acht do’n anam táruighth’ céad míle fáilte

I Ríoghacht an Áird-Ríogh aríst a choidhch’."

 

"Mh’anam," arsa Micheál, "gur maith atá sé curtha le chéile ag an bhfile agus ba doiligh leacht cuimhneacháin ní b’fheileamhnaighe a thógáil ar na créatúirí atá anois ag tabhairt an fhéir annseo. Dream iad a shaothruigh a gcuid go cruaidh, contabhairteach oidhche ’gus lá acht tá súil le Dia agam go bhfuil siad san áit nach mbéidh aon easnaimh ortha feasta.

Tá sompla maith le fagháil thart annseo ar an tsaoghal anróiteach atá aca seo atá ina gcómhnuidhe cois na Fairrge Móire. D’fhéadfaidhe a rádh gur ins an bhfairrge sin atá a mbeatha agus a mbás leis na cianta. Ba í a bhí ’ghá sguabadh anonn go Meiriocá fadó ina ngasúir bhoga óga agus ina sean-daoine críona, liatha i n-aimsir an droch-shaoghail. ’Sí atá ’ghá n-iomchur anois féin thar sáile go tíortha eile ar lorg greim a mbéal. Iad seo nach bhfágann baile bíonn siad ag síor-phléidhe léithe ag iarraidh slighe bheathadh a bhaint aisti. Is iongantach é grádh na ndaoine seo do’n fhairrge, acht dá mhéid a gcuid grádha dhi, tá sgáth a gcroidhe ortha róimpi, mar is maith atá fhios aca, má tá sí mealltach ciuin sgaithte go bhfuil sí fealltach, sanntach uaireannta eile agus go mbéidh a cuid féin aici ar deireadh. Is iomdha duine a dtug sí slighe maireachtála dhó, acht ar an láimh eile is iomdha duine a shluig sí chuici féin gan sgaradh leis go deo, acht is beag má tá tréith ar bith innti nach dtuigeann an cladachóir agus cinnte is í atá tréitheach."

"Shul a n-imthighidh muid ó’n áit seo innseochaidh mé sgéilín beag dhuit a chuala mé go minic, acht b’fhéidir gur chuala tú féin é. ‘Caora Inis Géidhe’ atá mé ag cuimhniughadh air," arsa mise le Micheál nuair a bhí an píosa cainnte thuas faoi na cladachóirí agus an fhairrge déanta aige.

"Ní cuimhneach liom," ar seisean, "gur chuala mé ariamh é agus le do thoil sgaoil chugam é agus giorróchaidh sé an bóthar dúinn mar tá sé i n-am againn an Fál Mór a fhágáil."

"Seo é an chaoi ar chuala mise é. Casadh beirt fhear as Inis Géidhe ar aonach Bhéal a’ Mhuirthid tráth amháin agus é ar intinn ag gach aoinne aca sgata caorach a cheannacht. Chuartuigh siad an t-aonach ar fad acht ní raibh ann an lá sin acht an sgata amháin gur bh’fhiú ceannacht. Níor theastuigh an sgata ar fad ó cheachtar de’n bheirt acht ní raibh fear na gcaorach sásta an sgata a roinnt. Ar deireadh shocruigh an bheirt as Inis Géidhe an sgata uilig a cheannacht i bpáirt. Cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a tugadh na caoirigh go hInis Géidhe fuair an bheirt fhear amach go raibh caora corr sa sgata. Annsin thoisigh an clampar. Ní raibh ceachtar aca sásta an chaora chorr a bheith ag an duine eile agus ní leigfeadh an cheann-dánacht do cheachtar aca luach na caorach a thabhairt do’n duine eile agus an cheist a shocrughadh. Ar ndóigh níor bh’fhéidir smaoineadh ar dhá leith a dhéanamh de’n chaora agus cead ag gach aoinne aca leath a bheith aige.

Lean an t-achrann mar sin go dtáinig an Geimhreadh agus bhí saoghal an ghirrfhiaidh ag an gcaora bhoicht ag imtheacht léithe, ruaigthe ó sgata go sgata. Nuair a tháinig an t-am leis na caoirigh a lomadh rug duine de’n bheirt ar an gcaora agus lom sé leath-taobh dhi, cead ag an bhfear eile an leath eile de’n olainn a bheith aige. Níor bhac an dara fear léithe agus ba seó do’n tsaoghal í anois agus leath-taobh dhi bearrtha.

Bhí go maith go dtáinig oidhche pholltach, fhuar sa nGeimhreadh. Chuaidh an chaora bhocht ar fasgadh faoi thom driseacha agus mío-ádhmhail go leor chuaidh an olann fhada i bhfastódh ins na driseacha sa gcaoi nár bh’fhéidir léithe sin a fhágáil gur cailleadh í. Annsin a thoisigh an clibín agus an clampar i ndáirírí idir an bheirt fhear faoi cé aca ba chionntach le bás na caorach. Deir an fear nár lom a leath féin di dá bhfágtaoi í gan lomadh chor ar bith nach ngoillfeadh fuacht na h-oidhche uirthi agus nach mbéadh call uirthi dul ar fasgadh. Deir an fear eile nárbh é féin ba chionntach mar, dá lomthaoi an chaora uilig nach ngabhfadh sí i bhfastódh mar bhéadh an olann ró-ghearr.

Chuaidh an cheist ó chúirt go cúirt gur bochtuigheadh an bheirt fhear sin chomh mór leis an dlighe go mb’éigean dóibh an t-oileán a fhágáil agus gan pinginn ruadh aca agus an cheist gan socrughadh. Ó shoin i leith tá sé ina leath-fhocal i nIorrus faoi cheist ar bith a théigheas ó chúirt go cúirt gur geall maith le ‘Caora Inis Géidhe’ é."

"Sin sgéal nár chuala mé ariamh go dtí anois," arsa Micheál, "agus mh’anam go gcreidfinn é. Bíonn daoine ann nach leigeann an cheann-dánacht dóibh éisteacht le réasún ná cómhairle a mbéidh ciall léithe. Ba mhilis a d’íoc an bheirt úd ar a gcuid ceann-dánachta agus ba daor an chaora ortha í ar deireadh thiar."

"D’fhéadfá a rádh go mba daor, a dhuine, acht nach fíoradh ar an tsean-fhocal é adeir gur i ngan fhios do’n dlighe ba chóir a bheith ann ’gus ní costas ar bith an t-éadach?"

D’fhág muid slán ag an bhFál Mór agus thug muid an bóthar aniar orainn féin mar bhí sé ag teannadh amach go maith sa lá. Aniar thríd Ghlais a tháinig muid ag tarraingt ar an Eachléim. Baile réasúnta mór é Glais ó tháinig muinntir Inis Géidhe isteach ann. I ndiaidh an bháthaidh mhóir a bhfuil trácht déanta air thuas tugadh talamh ar an mhóir-thír do mhuinntir Inis Géidhe uilig sa gcaoi nár fágadh aoinne amuigh ar na h-oileáin. Acht má tá siad anois ar an mhóir-thír tá a gcroidhe go fóill ins na h-oileáin atá amuigh ar ucht árd na dtonn.

Ba le iasgaireacht a chlaoidh siad nuair a bhí siad ar na h-oileáin agus cé go raibh an obair sin anróiteach agus contabhairteach, bhí siad déanta air, agus a n-intinn air. Acht nuair a tugadh isteach ar an mhóir-thír iad le dúil go gclaoidhfeadh siad le talmhaidheacht, baineadh as a gcleachtadh iad sa gcaoi anois nach bhfuil aon luighe aca le curaidheacht ná iasgaireacht. Deir siad féin nach bhfuair siad leath a ndíoladh de thalamh agus go mba deiseamhla i bhfad iad nuair a bhí siad ar na h-oileáin ná mar atá siad anois. Ar chuma ar bith tá an t-aos óg anois ag imtheacht leo go hAlbain agus go Sasana, nós nach raibh aca chor ar bith go dtáinig siad isteach ar an mhóir-thír, ná call ar bith leis, má’s fíor dóibh féin é.

 

 

CAIBIDIL III

Sean-amhránaidhe - Breathnaigh Inis Géidhe - "Sail Óg Ruadh" - Sgéal an amhráin.

NUAIR a bhí muid ag teannadh aniar ar an gceann thoir de’n bhaile bhí bean ag buachailleacht cúpla bó i gcúlán a bhí le h-ais an bhóthair. Ina suidhe ar charagán cloch ar theorainn an chúláin a bhí sí, a h-aghaidh ar an bhfairrge agus ar na h-oileáin amuigh. Nuair a tháinig muid ní ba goire dhi thug muid faoi deara go raibh sí ag casadh amhráin di féin. D’ísligh muid de na rothair go bhfeicfeadh sinn an dtiocfadh linn aon mheabhair a bhaint as a cuid amhránaidheachta. Gan aon strómh bhain. Ba "Sail Óg Ruadh" a bhí dhá ghabháil aici agus cinnte, ba deas uaithi an t-amhrán a chasadh. D’fhan muid go raibh sé críochnuighthe aici agus annsin chuaidh muid isteach thar an gclaidhe agus suas chomh fada léithe.

"Tá tú ag buachailleacht, bail ó Dhia ort," arsa Micheál.

"Tá go díreach, go mba h-é dhuit," ar sise. "Is beag eile atá mé i n-ann a dhéanamh mar tá aois mhór orm agus ’sé mo shláinte é bheith amuigh nuair atá an lá go breágh."

"Tá tú i n-ann níos mó ná buachailleacht a dhéanamh," arsa mise, "mar is maith is féidir leat amhrán a chasadh."

Tháinig meangadh beag gáiridhe ar a h-aghaidh agus ar sise: "Leig do do chuid magaidh anois faoi shean-bhean."

"Ní magadh ar bith é," arsa mise, "acht lom-chlár na fírinne. Acht cogair mé seo, le do thoil. Cé’n áit a bhfuair tú an t-amhrán sin a bhí dh’á chasadh agat shul a dtáinig muid aníos chugat?"

"‘Sail Óg Ruadh,’ an eadh?" ar sise.

"Seadh díreach," arsa mise.

"Bhí sé ag mo mhuinntir rómham le mo shean-chuimhne agus tháinig sé anuas chugam-sa uatha, beannacht Dé leo. Is beag má bhí aoinne dá’r tóigeadh ariamh ar na h-oileáin úd amuigh ó’n am ar mhair Sail bhocht í féin amuigh annsin, nach raibh an t-amhrán sin aige," ar sise.

Anois má bhí iongantas ar aon bheirt ariamh bhí iongantas orainne beirt nuair a chuala muid sgéal na sean-mhná sin faoi’n amhrán cáileamhail sin. Bhí fhios againn gur amhrán é a bhí le fagháil i gceithre cheárda Fódla acht níor chuala ceachtar againn go dtí sin go raibh aon bhaint aige le Inis Géidhe. Dá bhrigh sin chinn muid gan sin a fhágáil go bhfághadh sinn amach ó’n tsean-bhean seo gach a raibh ar eolas aici faoi’n amhrán.

"Agus a ndeir tú liom é," arsa Micheál, "go mba as Inis Géidhe Sail Óg Ruadh?"

"B’as cinnte," ar sise, "agus dá bhféadtaoi bun a chur leis tá lúb gaoil agam féin le n-a muinntir. Tá daoine muinnteardha dhi ina gcómhnuidhe ar an mbaile seo go fóill, acht ba amuigh ar na h-oileáin a bhí cómhnuidhe ortha go dtí gur dearnadh tighthe dhóibh annseo le goirid."

"Creidim," arsa mise, "go bhfuil seanchas eicínt ag muinntir an bhaile seo fúithe, nó b’fhéidir go dtiocfadh leat féin tuairisg a thabhairt dúinn fúithe, mar go mba mhaith linn an sgéal uilig a chlons."

"Dheamhan a bhfuil agam-sa de’n tseanchas," ar sise, "acht gach a bhfuil ag ’chuile dhuine eile ar mo bhaile agus bíodh sé agaibh agus fáilte." Leis sin thoisigh uirthi gur innis sí dhúinn an sgéal seo a leanas i nGaedhilg ghlain bhríoghmhair:

Tráth amháin ba mhór ar fad an cháil a bhí ar na h-aontaighe a bhíodh i mBéal a’ Mhuirthid, go mór mhór ar aonach Lá ’l Muire Beag agus aonach na Samhna. Bhíodh ceannachóirí ó ’chuile cheárd sa gconndae, mórán, ar na h-aontaighe seo mar go mba mhór an tír caorach é an ceanntar thart ar an mbaile mór, an tráth sin. Acht tháinig lá eile air. D’éirigh feilméirí an taobh sin tíre go mór as beathughadh caorach agus chlaoidh siad le curaidheacht. Meastar gurbh é an t-úghdar a bhí leis an athrughadh go raibh na daoine ag dul i líonmhaireacht agus an talamh dh’á roinnt ortha, agus ar an ádhbhar sin ní raibh an leigint amach aca leis na tréada a choingbheáil.

’Chuile lá ariamh b’fhearr oileáin Inis Géidhe i gcóir caorach ná áit ar bith eile ar an mhóir-thír thart ar an gcósta sin. B’fhurast na caoraigh a thigeadh as na h-oileáin a phiocadh amach ar aonach Bhéal a’ Mhuirthid, bhíodh siad chomh ramhar beathuighthe sin. Dá bhrigh sin bhíodh tóir mhór i gcómhnuidhe ag na ceannachóirí go léir ar chaoraigh na n-oileán ar aontaighe Bhéal a’ Mhuirthid. Bhíodh na ceannachóirí ’ghá ngearradh féin amach sa luach sa gcaoi go bhfuigheadh muinntear na n-oileán an phinginn a b’aoirde i gcómhnuidhe ar a gcuid caorach.

San tráth sin bhí triúr driotháireacha de na Breathnaigh ina gcómhnuidhe i nInis Géidhe, agus le cruth agus dóigheamhlacht ba doiligh a sárughadh a fhagháil. Fir bhreághtha, chruaidh-dhéanta a bhí ionnta agus bhí siad chomh dóigheamhail dathamhail sin go gcuirtí sunndas ionnta as imeasg an tsluaigh ar aonach Bhéal a’ Mhuirthid. Bhí siad láidir, teann agus dubhshláinneach agus gan baoghal ortha a gcnámh a leigint go bog uatha ná go suidhfeadh duine ar bith ina mbun. Acht ar an láimh eile bhí an córtas agus an gheanamhlacht ionnta agus bhí sé de cháil ortha nár dhún siad súil ariamh ar an mbochtán ná ar an té a raibh call ná fágáil ar bith air, fad is bhí an chaoi aca-san fóirthint air.

Drifiúr amháin a bhí aca. Sail a b’ainm di agus mur’ raibh cion ag a cuid driotháireach uirthi ní lá go maidin é. Cailleadh an mháthair nuair a rugadh Sail agus ba le aire chiuin agus freastal críonna a tugadh an naoidhneán thríd, acht bhí a bhuidheachas seo ar bhean-ghlúin an oileáin. Ní raibh Sail acht ag teacht ins na déaga nuair a báitheadh an t-athair agus é ag teacht ó aonach Bhéal a’ Mhuirthid agus d’fhág sin na Breathnaigh gan athair gan máthair. Acht má d’fhág féin, ’sé an chaoi ar mhéaduigh cion na ndriotháireach ar Shail agus ag méadughadh a bhí an cion agus an grádh sin in aghaidh an lae.

Gearrchaile ghleoidhte, sgiamhach b’eadh Sail. Gruag fhionn-bhán ag tuiteam ina duala trillseacha anuas ar ’chaon taobh de’n aghaidh lághach, chineálta a bhí uirthi agus gan samhail ar bith le tabhairt di acht na ríoghain mhaordha a bhfuil trácht ortha san bhFiannaidheacht. Bhíodh sí i gcómhnuidhe i n-éinfheacht leis na driotháireacha ar Aifreann, aonach agus margadh agus ba doiligh clann eile a fhagháil a bhí chomh dílis d’á chéile leis an gclainn seo.

Thárla gur casadh na Breathnaigh le sgata caorach ar aonach Bhéal a’ Mhuirthid tráth, agus bhí sin aca an sgata a b’fhearr ar an aonach. Bhí ceannachóirí ag teacht ag breathnughadh ar na caoraigh agus corr-dhuine ag cur luach ortha agus ag imtheacht leis aríst. Amach faoi mheadhon lae tháinig ceannachóir ó cheanntar Chaisleán a’ Bharraigh thart agus bheannuigh sé do na Breathnaigh agus bheannuigh siad-san dó. Bhí sean-aithne aca ar a chéile agus níor bh’fhada go raibh na caoraigh díolta ceannuighthe, an bonn-tsochar tugtha agus an béil-éist dh’á ól. Bhí Sail i láthair ag an mbéil-éist agus ba é seo an chéad uair ariamh a leag an ceannachóir súil uirthi, cé gur chuala sé cainnt uirthi go mion minic. Ó’n móiméad ar leag sé súil uirthi thuit sé i ngrádh léithe agus sos ná suaimhneas ní raibh aige ná ag na Breathnaigh uaidh gur socruigheadh lá an chleamhnais. Óig-fhear múinte, tóigthe a bhí ann agus ba díol mná ar bith sa tír é. I gceann an dóigheamhlacht a bheith aige bhí ainm an airgid air agus ba mhaith a bhí a fhios seo ag na Breathnaigh agus ar an ádhbhar sin bhí siad lán-toilteannach a ghlacadh mar chéile do’n drifiúr.

Ar chuma ar bith pósadh an bheirt agus i ndiaidh an bhainis a bheith thart i nInis Géidhe thug sé Sail leis abhaile. Chuaidh na driotháireacha leo ar cuairt go ceann seachtmhaine agus b’in seachtmhain a caitheadh go sultmhar má caitheadh seachtmhain ariamh le aoibhneas agus sult. Ba bhrónach iad na driotháireacha ar fhilleadh abhaile dhóibh acht ba mhór a chuaidh sé chun sóláis dóibh go raibh fear fiúntach mar chéile ag Sail.

Ba chiotach ar fad a bhí an saoghal anois ortha sa mbaile gan bean sa teach aca acht roighnigh siad leo ag baint lá as agus gan chainnt ag aoinne aca pósadh. Chastaoi fear Sail’ ortha go minic ag na h-aontaighe agus ní bhíodh aige dhóibh acht an deágh-sgéal, agus lom-chlár na fírinne aige ann mar go raibh an saoghal ag dul ar aghaidh go seolta leis féin agus le n-a mhnaoi ó pósadh iad.

Acht is corr-dhuine nach mbaineann an saoghal líomóg as luath nó mall. I dtrátha ama bhí triúr clainne ag an lánamhain agus ba doiligh triúr a fhagháil a bhí chomh dathamhail, tóigthe múinte leo. Acht mar adeir an sean-fhocal, "nuair atá an cupán lán seadh is fusa a dhóirteadh" agus b’fhearacht sin é ag Sail agus ag a fear. Cailleadh ise i dtinneas clainne leis an tríomhadh breith agus fágadh an fear le triúr dílleachtaidhthe le tógáil agus le soláthar dóibh. Bhí an saoghal ag teacht crosach go maith air anois acht b’éigean dó cur suas leis. Chuir sé a thoil le toil Dé agus shocruigh sé go nglacfadh sé go foighdeach le cébí a bhí geallta dhó, rud a rinne sé, cé go raibh a chroidhe réabtha ina lár.

Cuireadh Sail i roilig Oileán Éadaigh gan focal ná sgéal faoi n-a bás a chur go h-Inis Géidhe. B’fhéidir gur mhór a bheithfidhe sa mhilleán ar an mbaintrigh fir a leitheide a dhéanamh acht ba le teann truaighe dhóibh a rinne sé é mar nár mhaith leis an droch-sgéal a sheoladh chuca agus bhí a fhios aige go gcluinfeadh siad é sáthach luath.

Ní raibh caoi anois ag an gceannachóir a bheith ag dul chuig na h-aontaighe chomh minic agus bhíodh sé agus níor facthas é ar aonach ná margadh taobh amuigh dhíobh seo a bhí cómhgarach dh’á bhaile féin. Chrothnuigh na Breathnaigh as Béal a’ Mhuirthid é agus bhíodh siad i dtólamh ag cur fáirnéise le ceannachóirí eile faoi, go dtí ar deireadh fuair siad amach an sgéal ar fad, sé sin, go raibh Sail marbh agus nach mbíodh a fear ag dul i bhfad ó bhaile ó cailleadh í. B’aisteach leo é sin agus ghoill sé go mór ortha nuair nár chuir sé sgéal chuca faoi bhás Sail’. Bhraith siad gur dearnadh éagcóir uirthi, nach raibh sé ina cheann mhaith dhi agus go raibh sé ag ceilt na fírinne ortha. Chuir siad a gcómhairle i gcionn a chéile agus shocruigh siad a dhul chomh fada leis agus cruthughadh a fhagháil dóibh féin faoi’n sgéal uilig. Bhí rún ina gcroidhe aca ag fágáil Inis Géidhe dhóibh go mbainfeadh siad díoghaltas amach dá bhfághadh siad cruthughadh gur dearnadh feall nó éagcóir ar an drifiúr.

Níor fhás mórán féir faoi na gcosa aca ó d’fhág siad Inis Géidhe gur bhain siad baile an cheannachóra amach. Bhí an clap-sholas ann nuair a bhí siad i n-amharc a thighe agus chinn siad go bhfanfadh siad ag fálróid thart go n-éirigheadh sé dorcha, agus annsin go ngabhfadh siad go dtí an doras ag cluais-éisteacht le fagháil amach céard a bhéadh ar siubhal istigh. Nuair a bhí an oidhche tuitthe i gceart agus an saoghal go socair ciuin, d’éaluigh an triúr leo go raibh siad taobh amuigh de dhoras an cheannachóra. Ar shroichint an tighe dhóibh chuala siad an fear istigh ag bréagadh na bpáistí chun codlata agus an t-amhrán "Sail Óg Ruadh" dh’á ghabháil aige go binn-ghuthach brónach.

D’fhan an triúr ag éisteacht go raibh an t-amhrán críochnuighthe agus annsin ba léir dóibh nach raibh aon fheall ná éagcóir san sgéal. Bhí siad sásta ina n-intinn agus cé go mba géar a sgrúduigh bás an drifiúra iad-san thuig siad go mba seacht ngéire a ghoill sé ar an té a thug grádh a chroidhe go fírinneach dhi an chéad mhóiméad ar leag sé súil uirthi acht gur sgar an bás ó chéile go deo iad.

D’fhill na Breathnaigh ar ais go hInis Géidhe gan cur isteach ná amach ar an mbaintrigh fir bhocht. Thuig siad ó n-ar chuala siad go raibh a dhóthain go binn de bhuairt air agus sin dh’á nochtadh aige i n-amhrán dh’á chumadh féin.

Níl aon cheanntar, mórán, sa gconndae nach bhfuil an t-amhrán le fagháil ann. "Sail Óg Ruadh" a tugtar air i n-áiteacha agus "Oileán Éadaigh" i n-áiteacha eile, acht admhuightear go bhfuil sé ar cheann de na h-amhráin is brónaighe acht san am chéadna ortha seo is binne sa teangaidh.

Nuair a bhí an cunntas seo thuas críochnuighthe ag an tsean-bhean, d’fhiafruigh muid di an mbéadh sí sásta an t-amhrán a rádh aríst sa gcaoi go bhféadfadh sinn é a sgríobhadh síos mar go mba mhian linn focla an amhráin a bheith againn mar a bhí siad aici. Thoiligh sí an t-amhrán a rádh agus seo annseo focal ar fhocal mar a chan sí dúinne é.

 

SAIL ÓG RUADH

1

I nOileán Éadaigh ’tá mo rún ’s mo chéad ghrádh,

An bhean ar leig mé léithe mo rún ’s mé óg.

Triúr ar aon chiall ag gol ’na diaidh-se,

’S an bhean a bhréagfadh iad mo léan, faoi’n bhfód.

Tá mé go tréith-lag ’s níl gar ’ghá shéanadh,

Níl mé ar aon chaoi acht mar a’ gceo

’S a stór mo chléibhe nach tú d’fhág liom féin mé

’S go ndeacha tú i gcré uaim ’s tú i’ do chailín óg.

2

I n-aois a sé déag ’seadh phós mé féin í,

Ba deas an féirín í ag fear le fagháil,

Ba deas a béasa ’s ba chiuin é a méin-mhaith,

’S ba geal le réalt í ar maidin bhreágh.

Mo ghrádh do bhéilín nár chum na bréaga,

Do ghruadh geal glégeal mar an eala ar snámh,

Do chómhrádh tréitheach le do leanbh a bhréagadh,

Acht a ghrádh níor fhéad mé thú a thabhairt ó’n mbás.

3

Dá bpósainn málóid de chailligh ghránda,

Thóigfeadh a lán orm bheith ’gol ’na diaidh,

Acht an óig-bhean bhán úd ar thug mé grádh dhi,

’S gur ina páistín seadh phós mé í.

B’fhearr liom go mór mór mo dhiaidh sa ród í,

Ag bleaghan mo bhó nó i gcionn mo thighe,

Ná saidhbhreas Sheoirse ’gus é a fhagháil le stróinse,

’S gur faoi na fóidí a cuireadh í.

4

Níl fhios ag na daoine chomh brónach ’s bhím-se,

An tráth a smaoinighim ar stór mo chroidhe.

’S mé ag oileadh a leanbh ar bhacán mo láimhe,

’S ’ghá chur a chodladh le tigheacht na h-oidhch’.

Níl gar dhom smaoineadh go bhfeicfidh mé choidhch’ í,

I mbun mo thighe nó mo leanbh bán.

Tá fuil mo chroidhe istigh a’ silt ina braonacha

’S, a Dhia, cé h-iongnadh dhom bheith i ndiaidh mo ghrádha.

 

 

CAIBIDIL IV

Iarsmaí ó’n tsean-am - Mainistear na Croise - Mainistear Thearmainn Chathrach - "Eoghan Cóir" - Riocard Bairéad (file).

IS ar éigin má tá ceanntar ar bith eile i nIorrus a bhfuil an oiread iarsmaí ó’n tsean-am le fagháil ann agus atá ar an Muirthead. Idir shean-mhainistreacha, toibreacha beannuighthe, sean-roiligí agus dúnta tá go leor aca ann le cruthughadh go raibh cómhnuidhe agus áitreabh ar an Muirthead i bhfad shul a raibh cómhnuidhe ar dhaoine i n-áit ar bith eile i nIorrus, sé sin más cruthughadh ar bith é na sean-iarsmaí atá ann. Thart leis an gcósta atá an chuid is mó de na sean-iarsmaí seo, agus uaidh sin is cosamhail gur thar fairrge isteach a tháinig siad seo a chuir fútha ar an Muirthead i dtoiseach.

Thug muid cuairt ar chuid de na h-áiteacha seo agus geobhfar beagán eolais fútha sin anois annseo do réir mar a casadh orainn iad, acht ní bhéidh ann acht ag sgríobadh leis an uachtar mar nach raibh mórán ama againn le caitheamh ann agus ní raibh fhios againn go gcasfaidhe a leitheide orainn. Cinnte tá an seanchas le fagháil san gceanntar fútha acht níor mhór go leor ama le n-a fhagháil.

Mainistear na Croise

Ar an gcósta thiar de’n Mhuirthead, ar bhruach na Fairrge Móire, agus timcheall sé mhíle ar an taobh ó thuaidh de’n Fhál Mhór tá an tsean-mhainistear seo. Do réir cosamhlachta tá sí níos sine ná Mainistear Dheirble féin. Tá difridheacht mhór eatortha sa déanamh agus sa leagaint amach chomh maith. Os a cómhair amuigh sa bhfairrge tá Inis Glóire agus ní mór nach mar a chéile sa déanamh an mhainistear seo agus na mainistreacha, nó na fothracha atá ar Inis Glóire. Tá sean-roilig thart ar an mainistir seo agus cuireadh méid leis an roilig le gairid. Talamh gainimheach atá thart ar an roilig agus ar Bhaile na Croise uilig. Níl aon tseasamh sa gcineál seo talaimh i n-aghaidh na fairrge atá ag caitheamh agus ag creimniú róimpi gan bac gan stop. Tá an creimniú seo ar siubhal chomh tréan sin go bhfuil cuid mhór de’n roilig atá thart ar an mainistir sguabtha chun bealaigh aige cheana féin. Tá an fhairrge isteach anois go binn na mainistreach, mórán, agus mur’ gcuirtear bac leis an sgrios seo, agus is doiligh a dhéanamh, is gairid go raibh an roilig agus na fothracha sguabtha síos san áibéis le oibriughadh na fairrge.

Caithfidh sé gur mór an caitheamh a tháinig ar an talamh san áit sin le seal gearr anuas mar tá daoine beo go fóill gur cuimhneach leo go mbíthí ag bualadh báire i bpáirc a bhí idir an roilig agus an fhairrge. Acht ní h-aon iongantas sin mar nach bhfuil cur síos ar an neart a bhíos leis an bhfairrge san áit seo go mór mhór le linn stoirme, agus ar ndóigh tugann an gaineamh uaidh go réidh.

Ina sheasamh do dhuine ag an mainistir sin agus é ag breathnughadh síos faoi ar an bhfairrge ag greadadh agus ag síor-sguabadh an talaimh amach léithe do réir a chéile, chuirfidhe i n-iúl dó go soiléir, suaraighil agus éidtreoireacht an chine daonda i gcomórtas le cúmhacht iongantaigh na Nádúire. Tá cnámha na marbh dh’á sguabadh amach go grinneall na fairrge le síor-oibriughadh na dtonntrach agus gan goir ag intleacht an duine, dá chumasaighe í, stop a chur leis an ár atá dh’á dhéanamh.

Níl ina sheasamh de’n mhainistir seo anois acht an bhinn thiar agus cuid de’n dá thaobh-balla. Is deacair baramhail a thabhairt ar a méid nuair a bhí sí faoi lán-tseoil mar tá an chuid is mó de na fothracha clúduighthe leis an ghainimh. Tá leacht árd ina seasamh istigh san tsean-mhainistir agus deirtear go raibh sgríbhinn i n-ógham uirthi tráth, acht leis an gcaoi a ndeacha an síon-chaitheamh i gcionn uirthi, ní mór nach bhfuil ’chuile rian de’n sgríbhinn sin glanta dhi anois. San roilig seo tá Riocard Bairéad, an file cumasach sin a bhfuil an oiread tráchta air ag lucht litridheachta na Gaedhilge, curtha. Níl lia ná leacht ar a uaigh acht mur’ bhfuil féin ná síltear go ndéanfaidhear dearmad de, ná go ngabhfaidh a uaigh ó aithne fhad is bhéas sí ar thalamh tirm. Acht níor mhór féachaint chuige agus cosaint a chur uirthi i n-am, mar má déantar faillighe mórán níos fuide san obair, béidh an fhairrge thart uirthi agus ní bhéidh aon drannadh léithe annsin.

Mainistear Thearmainn Chathrach

Thiar ó thuaidh i n-aice le cósta fiadháin Iorruis Dhomhnainn tá fothrach sean-teampaill eile. Mainistear Thearmainn Chathrach is ainm dó agus ó n-a bhfuil fágtha de na fothracha indiu tá ’chuile chosamhlacht gur sine i bhfad an mhainistear seo ná Mainistear na Croise. Is léir chomh maith go dtáinig feabhas mór ar cheird na saoirseanacht cloch ó rinneadh an mhainistear seo go ndearnadh Mainistear na Croise. Níl an obair chomh slachtmhar ná chomh teann. Tá na ballaí íseal agus is furast a aithne nach go ró-mhaith a bhí a cheird ag an tsaor a chuir an obair ó n-a láimh. Ó ainm na h-áite bheithfidhe ag súil go mbéadh baile réasúnta mór san áit, acht níl.

Ceanntar lom garbh é acht go bhfuil an talamh atá thart ar na fothracha saidhbhir go leor mar is talamh trom gainimheach an chuid is mó dhe. Tá, ar an leiceann ó thuaidh de’n árdán a bhfuil na fothracha air, go leor sean-bhallóga ag síneadh siar agus aniar, agus annseo agus annsiúd corr-mhullán ag gobadh aníos thríd an ngainimh. Tá cuma ar na mulláin seo go raibh siad i n-obair tráth mar go bhfuil rian an chasúir ortha. Thiocfadh dhó mar sin go raibh baile nó "cathair" ann nuair a bhí an mhainistear ina seadh acht go bhfuil sé chomh fada sin ó bhí, go bhfuil fothracha na "cathrach" clúduighthe le gainimh shéidte, gan acht corr-chloch aca le feiceál.

Tá roilig thart ar fhothracha na mainistreach seo agus balla slachtmhar a rinneadh le gairid, thart ar an roilig. Ní raibh de chosaint thart ar an roilig roimhe sin acht claidhe fód agus i n-áiteacha bhí an claidhe sin leagtha go talamh sa gcaoi gur ar éigin a bhí rian claidhe ann chor ar bith.

Ní mór nach bhfuil sé seo ar cheann de na h-áiteacha is fiadháine agus is iargcúltaighe san gconndae. Acht mar sin féin is doiligh áit a fhagháil san gconndae a bhfuil iomsgéimh chomh breágh fiadháin ann agus atá thart ar Thearmainn Chathrach. Tá, mar atá ráidhte, réimse comhthrom de thalamh maith ann acht gur áit fhosgailte lom é.

Dá iargcúltaighe é, mar áit, fuair tighearna talaimh amach é. Thóg sé áit chómhnuidhthe dhó féin cómhgarach do’n roilig agus bhí talamh an bhaile sin uilig aige. B’iomdha sin tighearna a chaith sgathamh dh’á shaoghal i nIorrus, acht le olcas agus tíorántacht thug sé seo an chraobh leis ortha uilig, más fíor do’n tseanchas atá le fagháil go fóill thart ar an áit faoi. Is glas agus is úr a chuimhne go fóill i seanchas na h-áite, agus níl aon bhaoghal go ndéanfaidhear dearmad go luath ar a chuid tíorántachta thart san gceanntar sin. Ní gádh a ainm a luadh mar tá sean-daoine thart ar Thearmainn Chathrach go fóill a bhfuil cuimhne aca air agus chuirfeadh siad an ghruag ina seasamh ar a cheann ag duine leis na sgéalta atá aca faoi. Tá an sgéal seo a leanas aca faoi agus bhéarfaidhear annseo é mar atá sé aca-san agus má tá bréag ann bíodh.

"Annsin thall le h-ais na roilige a rinne an tíoránach a theach mar go mba é an phlásóg ba deise agus ba tirme ar an mbaile é," arsa an seanchaidhe. "Níor gheall Dia ariamh go mbeadh crochadóir chomh mío-thrócaireach leis ag cur faoi chomh gar do roilig a raibh cnámha Críostuidhthe ina luighe innte acht ar ndóigh ba bheag a bheann seisean ar Chríostuidheacht nó creideamh mar nár thuig an duine gránda céard é.

"Ba geal leis i gcómhnuidhe a bheith ag imirt ’chuile chleas ba diabhalta ná a chéile ar na daoine a bhí faoi n-a smacht, acht ba gearr an seal a fuair sé agus ba bheag an cathughadh a bhí ina dhiaidh nuair a tháinig an sgairt air. Nuair a d’airigh sé go raibh a sheal ar an tsaoghal seo le bheith tugtha, d’orduigh sé a chur sa roilig i dTearmainn Chathrach. Anois ná síltear gur le grádh do’n áit ná do’n mhuinntir a bhí curtha ann a thug sé an t-ordughadh seo, acht le teann uilc agus droch-mheasa ar mhuinntir na h-áite, mar go mba mhaith a thuig sé nach mbéadh siad-san sásta leis mar ordughadh. Ba mhinic é ag déanamh magaidh agus ag sgig-aithris faoi na daoine nuair a bhíodh sochraoid ag an roilig, agus ar bhéasa na ndaoine ar shochraoid. Acht anois nuair a chuaidh an sgéal amach go raibh orduighthe aige a chur sa roilig bhí siad i gcruth ceangailte le neart a bhfeirge agus a mbáinidhe. Ba mhór a bhí le rádh aca nuair a chuala siad i dtoiseach é, go ndéanfadh siad siod agus seo, acht ní raibh gar dóibh ann. Tugadh an t-ordughadh agus chaithfidhe a choimhlíonadh, má b’olc maith leo é.

"Bhí an sgéal dona go leor aca é féin a bheith ina measg fhad is bhí sé beo acht ba seacht measa leo é mar sgéal, a chorpán a bheith i n-aon roilig le n-a muinntir a bhí ag tabhairt an fhéir i gcré choisreactha.

"Lá na sochraoide tugadh an corp chun na roilige agus cuireadh é acht nuair a bhí an sgraith dheireannach socruighthe, d’fhosgail an talamh agus le aon bhrúcht amháin, caitheadh an chómhnra go h-uachtar. Cuireadh ath-uair é acht thárla an cleas céadna aríst. Féachadh an tríomhadh uair é acht b’é an toradh céadna a bhí air. Ní raibh aon ghlacadh ag an gcré choisreactha leis agus b’éigean a chur taobh amuigh de’n roilig áit a bhfuil an uaigh le feiceál go dtí an lá atá indiu ann."

Is ins an roilig seo atá Eoghan Cóir, an báille sin ar chum Riocard Bairéad an dán cáileamhail faoi, dán atá ina sheod ar aortha na teangadh agus a bhuanóchas cuimhne ar Eoghan go gcaithtear an saoghal. Ba as Baile na Léime Eoghan. Ba duine de na Conmhachtáin é agus bhí sé ina bháille ag tighearna talaimh na h-áite. Báille dílis a bhí ann nach ndearna faillighe ar bith ar a chuid oibre agus is iomdha sgéal a innstear faoi agus faoi na cleasanna a tharraing sé chuige féin le beithidhigh agus earraidhe a thógáil i leith an chíosa.

Tráth amháin bhí lánamhain ann nach raibh sé d’acfuinn aca an cíos trom a bhí ortha a íoc agus cuireadh Eoghan ar a lorg. Ghléas Eoghan é féin mar bhacach bóthair agus le tuitim na h-oidhche tháinig sé go dtí teach na lánamhna agus d’iarr sé lóisdín oidhche, rud a fuair sé gan doicheall. Dhá mbéadh fhios ag an lánamhain gurbh é an báille a bhí aca ann ba bheag fáilte a bhéadh roimhe ní h-é amháin lóisdín a thabhairt dó, acht ar ndóigh shíl siad-san gur "bhochtán Dé" a bhí aca ann agus tugadh ’chuile chomphórt d’á mb’fhéidir dó.

Nuair a tháinig am luighe chuaidh muinntear an tighe a chodladh agus shín an "bochtán Dé" ar an tsráideoig a bhí cóirighthe dhó féin. Nuair a d’airigh sé muinntear an tighe ina gcodladh d’éirigh sé. Sgaoil sé na beithidhigh agus thiomáin sé leis iad go dtí an ponta.

Baisteadh Eoghan Cóir mar leas-ainm air mar nach raibh córtas ná trócaire ar bith aige. Nuair a fuair sé bás chum Riocard Bairéad dán faoi. Dán cliste é ina dtugann an file árd-mholadh do’n bháille acht gur mhaith a thuig sé go dtuigfeadh na daoine gur moladh magaidh a bhí dh’á dhéanamh aige i n-áit é a cháineadh go díreach.

 

Eoghan Cóir

1

Nach é seo an sgéal deacrach sa tír seo,

I n-anacair chroidhe agus bróin,

Ó fhágas tú cnocán na líne

Go dtéighidh tú go dtí an Fál Mór.

A leitheid de sgreadadh ’s caoineadh

Níor cluineadh sa tír seo go fóill,

Acht ar ndóigh níl againn ann iongnadh,

Ó cailleadh, fairíor! Eoghan Cóir.

2

Bhí cion agus meas ag gach aon air,

An sean-duine críon ’s an t-óg.

Bhí saidhbhir a’s daibhir i ngrádh leis,

I ngeall ar a chroidhe maith mór.

Le togha a’s rogha na tíre

Do chaitheadh sé píosa óir,

’Gus le daoine bocht’ eile níor spíd leis

Buidéal ó’n tsíbín a ól.

3

Ba ró-mhaith ag tógáil a’ chíos’ é.

Ba bheag aige mí nó dhó,

Go ndíoltaoi an bhó ar an aonach

Nó an giota a bhí ins an tseol.

Tá Annraos Ó Gabháin ag caoineadh

’Gus ní bhéidh Seán Ó Baoghaill i bhfad beo,

Ó cailleadh a gcaraid sa tír seo

Is dubh atá a gcroidhe le brón.

4

I dTearmainn Chathrach níor síneadh

Ariamh faoi leac ná fód,

Aoinne ba mheasa do na daoine,

Ná an duine bocht maol Eoghan Cóir.

’Séard dubhairt Séimín Pheadair ag caoineadh,

’S é ag agairt ar Rí na nDeor,

Do réir mar bhí seisean le daoine,

Gur b’amhlaidh bhéas Críosta dhó.

5

Bréag atá siad-san ag déanamh,

Níor cailleadh an fear groidhe go fóill.

Acht chuaidh sé ar cuairt chuig a ghaolta,

Go bhfeiceadh sé an ríoghacht is mó.

Má thigeann sé ar ais ’un na tír’ seo,

Ní thiománfaidh sé a choidhche aon bhó,

Acht cuirfidh muid amach as an tír é

’S a leanbh Ó Baoghaill a bhéas leo.

6

Tá an h-aon ’s an seacht ins a’ líne

’Gus an ocht a chur síos faoi dhó

Ó ghlac seisean cead le n-a dhaoine,

Níor labhair sé gíog níos mó.

Ó tá sé dearbhtha sgríobhtha

Gur talamh is críoch gach beo,

’S chomh fada is bhéas muid beo ar an tsaoghal seo,

Cé’n dochar dúinn braon beag a ól.

 

I mbaile beag ar a dtugtar Bearraic a rugadh an file cumasach Riocard Bairéad. Tá an baile seo timcheall sé mhíle taobh thiar de Bhéal a’ Mhuirthid, agus cé gur beag le rádh é mar bhaile indiu tá dalladh cruthamhnais thart air go mba mhór le rádh é san am atá imthighthe. Tá fothracha sean-dhún-phuirt ann agus is dócha gur ó’n dún-phort chéadna a fuair an baile a ainm.

Togha sgoláire a b’eadh Riocard. Thiocfadh leis cúig cinn de theangacha a labhairt gan aon strómh. Bhí sé ina mhúinteoir ag clainn na ndaoine móra san áit, acht d’éirigh sé as an múinteoireacht agus thoisigh sé ar fheilméaracht. Bhí sé pósta faoi dhó. Neans Ní Tallot a b’ainm do’n chéad bhean a bhí aige agus bhí beirt chlainne aca - beirt inghean - acht níltear cinnte faoi’n tsloinneadh a bhí ar an dara bean acht ba Máire a h-ainm baiste. Leis an dara pósadh d’athruigh sé a áit chómhnaidhthe ó Bhearraic go Cáirn, baile atá timcheall trí mhíle ar an taobh thiar de Bhéal a’ Mhuirthid. Deirtear go mba fear lághach, gnaoidheamhail é, folt tiugh de ghruaig fhinn air agus go raibh sé ina chómhráidhteach breágh agus ina sheanchaidhe thar cionn. Deirtear faoi chomh maith gur amuigh sa ngort agus é i gcionn a chuid oibre a chum sé an chuid is mó agus an chuid is fearr dh’á chuid filidheachta. Ar an gCáirn a fuair sé bás acht thiar i roilig na Croise atá sé curtha. Suim bliadhanta ó shoin thóg an tAthair Pádraig Ó Raghallaigh leacht os a chionn acht ní raibh ann acht leacht ádhmaid agus níor mhair sé i bhfad. Níl lia ná leacht ar an uaigh indiu.

 

 

CAIBIDIL V

Inis Glóire - Na fothracha - Uaigh Chlainne Lir - Sean-leachtanna - Ag déanamh an "turais."

BHÍ an t-ádh orainn shul ar fhág muid an Muirthead go bhfuair muid caoi le dul amach go hInis Glóire, ceann de na h-oileáin is mó cáil ar chósta na hÉireann. Le breathnughadh ó’n mhóir-thír amach ar an oileán seo, Inis Gluaire Bhreanndáin, mar a tugtar air ins an tsean-stair, déarfadh duine gur beag le rádh é, agus ar ndóigh maidir le achar is beag. Ní mórán le cois trí ceathramhna míle ar fhaid é agus isteach is amach le ceathramha míle ar leithead ins an áit is leithne.

Talamh gainimheach atá ar an oileán acht tá cuid mhaith de’n oileán féin ina lom-charraig, go mór mhór an chuid thiar de. Tá an gaineamh agus an chréafóig sguabtha chun bealaigh leis an bhfairrge áird a théigheas treasna an chuid sin de’n oileán le linn stoirme. Annseo a chuirfidhe i n-iúl do dhuine an chúmhacht agus an neart iongantach atá sa bhfairrge. Tá cairrgreacha móra a bhfuil na céadta tonna meadhchain ionnta réabtha ó n-a leabthacha agus caithte soir agus isteach leith-chéad slat ar an oileán. Tá siad ina luighe annsin ar mhullach a chéile ina gcárnáin mhóra gan órd gan eagar go dtigidh ruathar eile a chuirfeas sgathamh eile isteach iad. ’Sé an ceann thiar de’n oileán an chuid is aoirde de. Tá an dul le fánaidh soir go dtí an ceann thoir de.

Acht cé gur beag le rádh é an t-oileán anois i gcúrsaí staire, tá an cruthughadh ann go mba áit cháileamhail é ina lá. Tá fothracha cheithre mhainistreach nó teampall ann agus le cois an mhéid sin, tá ann, fothracha cheithre cheall. Tá dhá cheann de na cealla seo a bhfuil an clúdach slán ortha go fóill. Clúdach cloch atá ortha agus iad déanta sa gcaoi go bhfuil na sreathanna cloch ag cumhangughadh isteach i dtreo lár na cille go dtí nach bhfuil san tsreath dheiridh ar bárr acht cúpla leac. Tá an clúdach nó an ceann tuitthe isteach ins an dá cheann eile agus tá maológa beaga eile thart cómhgarach dhóibh seo agus níl aimhreas ar bith nach cealla eile a bhí ins na maológa seo acht gur thuit an ceann isteach ionnta agus gur fhás an féar ortha.

Mar adubhradh thuas, tá fothracha cheithre theampall ann. Teampall na bhFear a tugtar ar an gceann is fuide soir, agus beagán ó dheas de, acht gan é chomh fada soir, tá Teampall na mBan. Tá cuid mhaith de Theampall na bhFear slán go fóill, acht tá binn agus taobh-bhalla de Theampall na mBan leagtha go talamh, mórán. Teampall Bhreanndáin agus Teampall Mhochamhóig atá ar an dá theampall eile. Is beag de’n dá cheann seo nach bhfuil leagtha go talamh anois, acht ó na fothracha, is soiléir nach raibh mórán méid ionnta nuair a bhí siad ina seadh.

Is geall maith le ceithre clocha cúinne iad na ceithre teampaill seo, agus istigh i lár an ghiodáin atá eatortha tá Uaigh Chlainne Lir. Tá ceithre clocha árda ina seasamh ar an uaigh, ceann os cionn gach duine de’n cheathrar do réir mar a d’orduigh Fionnghuala do Naomh Mochamhóg iad a chur nuair adubhairt sí:

"Is amhlaidh orduighim an uaigh,

Fiachra ’s Conn cruaidh rem’ thaobh;

Roimh m’ucht, idir mo dhá láimh,

A chléirigh cháidh, cuir Aodh."

Idir Uaigh Chlainne Lir agus Teampall na mBan tá tobar beannuighthe. Tá balla íseal cloch thart air agus gan sa tobar acht beagán uisge agus an méid sin féin i bhfad síos ann. Tá seacht nó ocht gcinn de chéimeanna ag dul síos go dtí an t-uisge agus iad seo socruighthe go daingean slachtmhar ina n-áit. Tá ’chuile chuma ar na céimeanna seo go bhfuil siad ann leis na cianta agus go raibh tarraingt mhór daoine síos agus aníos ortha tráth eicínt, tá siad chomh caithte sleamhan sin. Níl idir an tobar agus an fhairrge nuair a bhíonn sé i n-aoirde-mhara acht timcheall deich slat de thalamh acht ina dhiaidh sin níl aon bhlas ghuirteanas ar uisge an tobair, cé go bhfuil leibhéal an uisge ann níos ísle ná leibhéal na fairrge, fiú amháin nuair a bhíonn sé ina dhíth-thráigh. Cruthughadh ann féin é sin nach bhfuil bealach ar bith go fairrge ag uisge an tobair, gidh go bhfuil sé chomh cómhgarach di is atá sé. Ádhbhar iongantais eile atá ann, go mbíonn an t-uisge ins an tobar ar an leibhéal chéadna i gcómhnuidhe, is cuma fliuch nó tirm an aimsear.

San tsean-am bhíthí ag teacht ina sluaighte ó ’chuile cheárd de’n chonndae ag déanamh an "turais" ar Inis Glóire, acht ní théigheann ann anois acht fíor-chorr-dhuine. Tá sé ráidhte chomh maith, má thógann bean uisge as an tobar go n-éirigheann an t-uisge ins an soitheach chomh dearg le fuil. Deir duine de mhuinntir Gháthchain a bhí ina chómhnuidhe go dtí le goirid ar an oileán, go bhfaca sé féin é seo cruthuighthe go minic.

Níl aoinne ina chómhnuidhe anois ar an oileán acht bhí go dtí seal bliadhanta ó shoin. Bhí muirighin amháin de mhuinntir Gháthchain ag fanacht air acht tá cómhnuidhe ortha anois ar an móir-thír.

Tá dhá roinn déanta de’n oileán le claidhe atá ag síneadh ó thaobh go taobh. Deirtear go bhfuil an chuid de’n oileán atá ar an taobh thoir de’n chlaidhe seo beannuighthe, acht nach bhfuil an roinn thiar. San roinn thoir atá na fothracha a bhfuil trácht déanta ortha thuas. Ní mór nach roilig mhór amháin an chuid bheannuighthe de’n oileán. Tá an draoi de leachtanna agus clocha thuamba ann, cuid aca ina seasamh agus cuid eile caithte anuas ar an talamh. Ar chuid díobh seo atá ina seasamh tá sgríbhinn acht tá sé chomh caithte sin nach féidir aon mheabhair a bhaint as anois.

San roinn thiar tá ceithre leachtanna móra. Níl ins na leachtanna seo acht cárnáin mhóra, árda de chlocha móra agus iad déanta go teann láidir. Tá an ceann is aoirde dhíobh seo timcheall dhá throigh dhéag ar aoirde agus tá an ceann is ísle tuairim ocht dtroigh ar aoirde. Tá leachtanna de’n chineál chéadna ar Inis Mhóir, ceann de Oileáin Árann, acht go bhfuil na leachtanna atá ar Inis Mhóir déanta níos slachtmhaire.

Níl fhios ag aoinne anois cé’n t-úghdar a bhí leis na leachtanna seo ar Inis Glóire, mar ní h-é gur ar uaigheanna atá siad tóigthe mar nach bhfuil fútha ná thart ortha acht an charraig lom. Is cinnte nach é an t-úghdar céadna a bhí leis na leachtanna seo a thógáil agus a bhí leo seo atá ar Inis Mhóir, mar deirtear gur le linn sochraoid a tóigeadh iad seo atá ar Inis Mhóir, acht ní raibh aon tsochraoid ag teacht ó threo na leacht go dtí an roilig ar Inis Glóire, agus dhá mba le linn sochraoid a tóigeadh iad bhéadh níos mó ná ceithre cinn ann.

Nuair a bhíthí ag déanamh an "Turais" ar Inis Glóire, b’éigean do’n té a bhéadh ’ghá dhéanamh toisiughadh ag an tobar agus cuairt a thabhairt thart ar ’chaon cheann de na leachtanna seo agus ar ais aríst go dtí an tobar shul a dtéigheadh sé chomh fada leis an gcéad leacht eile. Chaithfidhe dul thart ar gach leacht de na ceithre cinn agus ar ais go dtí an tobar mar sin. Chuirtí críoch leis an "turas" ag an tobar, acht ó thoiseach go deireadh an "turais" ní raibh cead ag duine agus é ’ghá dhéanamh siubhal ar fhéar acht i dtólamh ar an gcarraig agus ar chlocha an chladaigh. Ba dian an "turas" é agus thóigfeadh sé an chuid ba mhó de lá le n-a dhéanamh go ceart agus go h-iomlán. Deirtear go bhfuil sé de bhuaidh ag an oileán chomh maith nach bhfacthas ariamh luchóg ná franncach ná fiú an loisgeann féin air am ar bith gidh go bhfuil siad ar Inis gCaorach, oileán eile atá faoi neasacht ceathramha míle dhó.

’Sé an truagh é nach bhfuil níos mó eolais le fagháil faoi’n oileán seo, mar is cinnte go raibh am ann nuair a bhí sé go h-árd i réim i gcúrsaí staire. ’Sé an déanamh céadna atá ar na teampaill atá air agus atá ar an teampall atá i roilig na Croise agus is dócha gur timcheall an ama chéadna a tóigeadh iad agus go raibh dlúth-bhaint aca le chéile tráth.

Is iongantach mar atá cuimhne ar Chlainn Lir congbhuighthe beo go fóill thart ar chóstaí fiadháine Iorruis Dhomhnainn. Tá an t-an-chuimse seanchais fútha go fóill thart ins an gceanntar sin agus teasbáintear na clúideanna agus na pluaiseanna ar chuir na h-ealaí oidhcheannta fuara, gaingideacha tharstú ionnta. I n-áit amháin tá an Charraig Reoidhte agus deirtear gur ar an gcarraig sin a bhí na h-ealaí nuair a bhí an fhairrge ó Cheann Iorruis go Ceann Acla ina clár amháin le leac oidhre. Bhí an reodhadh chomh dian sin gur ghreamuigh cosa na n-ealaí do’n charraig agus gur fágadh cuid de chraiceann a gcos ar an gcarraig nuair a d’fhág siad é.

Tá áiteacha eile ann agus is cinnte gur ó Chlainn Lir a fuair siad a n-ainmneacha. Tá Uaimín Chuinn, Gob Aodha, Poirtín na nEala, Sgeilp Fhiachra agus Linn na nEalaí mBeannuighthe, agus go leor áiteacha eile a fuair a n-ainmneacha ó na h-ealaí.

Ag éisteacht do dhuine le seanchaidhe de chuid na h-áite sin ag cur síos ar Chlainn Lir, shílfeadh sé gur ó chianaibh a chothuigh siad an áit, le chomh soiléir bríoghmhar agus a dtig leis seanchas fútha a sgaoileadh uaidh. Ní dearmadtar i seanchas na h-áite sin acht oiread gur éad mná ba siocair leis an dian-chruadhtain agus an buan-phionós a cuireadh ar Chlainn Lir agus gur mhian mná ba chionntach le n-a mbás obann ar deireadh ar Inis Glóire.

 

 

CAIBIDIL VI

An Geata Mór - Tighearnaí Talaimh - Na Biongamaigh - Sglábhuidheacht agus imirce - Tobar an Cháirn.

FÁGFAIDH muid slán ag na sean-mhainistreacha agus na roiligí seo go ceann sgathaimh acht guidhimis go roinnfidh an Rí A Ríoghacht go fial le anamnacha na marbh atá ag iomchur na bhfód ionnta. Ba mhaith a sheas siad ar thaobh an chirt agus an chreidimh san tsaoghal chorrach chruaidh a bhí ann nuair a mhair siad. Chosain siad agus thárthuigh siad ar bhain le n-a sinnsear agus ba bhríoghmhar glan gan smál a d’fhág siad ar chosain siad agus ar chleachtuigh siad de’n dúthchas gur bh’fhiú dúthchas agus saoidheacht a thabhairt uirthi, againne. Shoraidh dhinn agus shoraidh dhinn aríst má tá an tsaoidheacht uasal sin a fágadh mar oidhreacht againn, dhá truailliughadh agus dhá leigint i ndearmad againn, nuair ba chóir glúin a chur le gliadh agus troigh le taca le n-a cosaint agus le n-a cleachtadh. Fillfidh muid aríst ar chuid eile de na mainistreacha, nó na fothracha manntacha, bearnacha ba chóir a rádh.

Idir Thearmainn Chathrach agus Baile na Croise tá réimse fairsing leathan de dhúmhacha gainimhe a bhfuil cuid de na biollaí atá ann chomh h-árd le sléibh. Thíos idir na biollaí árda seo tá gleannta agus coirí chomh doimhin sin nach sroicheann gaethe na gréine a n-íochtar an lá is fuide sa mbliadhain. Gluaiseam cois cladaigh ó Thearmainn Chathrach aníos arais ag tarraingt ar an nGeata Mór, daingean na mBiongamach i nIorrus. Ó’n árdán ar an taobh ó thuaidh de’n Gheata Mór tá radharc de’n chineál nach bhfeictear acht go h-annamh. Tá, ós chómhair a shúl ag duine, limistéar de’n talamh is fearr san gconndae, is cuma cén taobh dhe a bhreathnóchas sé.

Cé’n t-iongnadh mar sin go bhfuil sean-mhainistreacha agus iarsmaí eile atá chomh sean leis an gceo, le feiceál thall is i bhfus ar an machaire réidh seo. Shanntuigh an tsean-chine an áit. Bhunuigh siad cill agus teampall ann. D’oil siad agus theagasg siad agus ghuidh siad. Bhunuigh siad agus mhúnluigh siad saoidheacht agus béasa a bhí ceart agus díreach, saoidheacht a sháruigh ar fheill, ar mhealladh ná ar thíorántacht, dá chúmhachtaighe, iad a chlaoidheadh san bpór a shíolruigh uatha, agus ba géar a féachadh an pór céadna.

Acht tháinig lá eile ar an machaire céadna nuair a tháinig "ál gach cráine coigcríche" anall. Ortha seo bhí an Biongamach. Ba le cneamhaireacht agus caimiléaracht a fuair sé seilbh ar an áit seo i dtoiseach. Féach uait ar na sean-bheanntracha sin thoir uait ar thráigh Oiligh. Sin a bhfuil fágtha anois de chaisleán an Bhiongamaigh. Ba le sgiúirse agus sglábhuidheacht a tóigeadh é agus ba le fuil, foghail agus fuadach a coingbhigheadh ar siubhal é. Ní raibh áird ná éisteacht le ologan máthar ná le osna athar. Ba chuma fútha. Caithfidhe an tsainnt agus an ain-mhian a shásughadh, agus an soiléar a choingbheáil lán. Acht nach ’in stair "shliocht Sheáin" sa tír seo ó’n gcéad lá ar leag sé crúb air? Stair atá le léigheadh ar chnoc agus i ngleann, ar fhód agus ar chloich ar fud na tíre. Fuair siad a seal agus chaith siad é, acht tháinig an t-athrughadh ar an athrughadh agus leis tháinig sgapadh ál an mhadaidh ar na tíoránaigh agus bhí an lá ag lucht na foighde.

Seadh, sin iad fothracha chaisleán an Bhiongamaigh. Tá na préacháin ag neadughadh ins na similéir agus na buláin ina luighe ar urlár an phárlúis. Tá flith, neanntóga agus cupógaí ag fás go buacach árd i ngach clúid agus coirnéal de. Sé an deireadh é a bhí tuillte aige. Nach iomdha sin bothán seasgair a bhánuigh sé féin agus a shliocht le n-a linn? Thug sé dídean agus fasgadh do éanacha an aeir san áit a raibh téagar agus comphórt go dtáinig sé. Chuir sé aithreacha geanamhla agus máithreacha múirneacha go h-óg san uaigh agus an fán agus an seachrán ar a gclainn, acht má’s mall is fíor é díoghaltas Dé. Is lag fann a bhfuil fágtha dh’á shliocht féin indiu i nIorrus. Éist leis an tseanchaidhe ag cur síos ar na Biongamaigh:

"Ba é Major Denis an chéad duine aca a tháinig go hIorrus. Ar an Druim a chuir sé faoi i dtoiseach acht ní raibh sé sásta leis an áit sin. B’fhearr leis greim a fhagháil ar Oiligh, rud a fuair. Ba le muinntir Chormaic Oiligh agus fuair an Major cúpla páirc uaidh ar chíos. Bhí an t-airgead ag an Major agus thoisigh air annsin ag déanamh an chaisleáin agus ag cur feabhais ar an talamh san gcaoi nach raibh Mac Uí Chormaic i n-ann an Biongamach a chúitiughadh ná a íoc ar an bhfeabhas a bhí curtha aige ar an talamh. Thug sé léas do’n Mhajor ar thuilleadh talaimh acht nuair a bhí an léas caithte bhí a chrúba ró-dhaingean ag an mBiongamach i nOiligh agus b’éigean do Mhac Uí Chormaic géilleadh dhó sa gcúirt agus an talamh a fhágáil aige.

Cé go raibh an sean-Mhajor go h-olc ba mheasa i bhfad an dream a tháinig ina dhiaidh. Ní raibh i gcuid olcais an Mhajor acht caitheamh dartacha ar ghualainn an chrochadóra a tháinig ina dhiaidh, fear a dtugtaoi Donnchadh Caoch air. Leis an am fuair na Biongamaigh seilbh ar áiteacha eile anonn ’s anall ar fud Iorruis agus nuair a fuair b’iad nach raibh fuar ná failligheach a ndlighe a chur i bhféidhm agus a gcúmhacht a theasbáint.

Bhí riaghail déanta aca go gcaithfeadh ’chuile thionónta dhá mhuic sa mbliadhain a thógáil agus a bheathughadh dhóibh, annsin na muca a chur go aonach Bhéal a’ Mhuirthid nó go dtí an Geata Mór faoi Nodlaig, áit a mbéadh an Biongamach ag fanacht leis na muca a ghlacadh. An té nach mbéadh "banbh an Bhiongamaigh," mar a thugtaoi ar na muca, beathuighthe aige faoi Nodlaig chaithfeadh sé dhá phunnta coróin agus sé pingne a íoc leis an mBiongamach, sin agus an mhuc a thabhairt ar ais abhaile leis agus í a bheathughadh sa gcaoi go mbéadh an máighistir sásta í a ghlacadh. Anois san saoghal a bhí ann an tráth sin, bhí aithreacha agus máithreacha ag fagháil a sean-tsáith le déanamh a gclann féin a thógáil gan beathughadh na muice sin a bheith de chúram ortha, dhá mbéadh ceart le fagháil. B’iomdha sin máthair a mb’éigean di a chuid a cheilt agus a choingbheáil ó n-a páiste le n-a thabhairt do’n bhanbh ar fhaitchíos go bhfuigheadh an banbh gránda bás, nó nach mbéadh sé ramhar beathuighthe aici faoi Nodlaig. Ar ndóigh dhá gcailltí an mhuc chaithfidhe luach an bhainbh agus an dá phunnta coróin agus sé pingne a íoc, sin nó seilbh a thabhairt suas agus cead ag an tighearna tionónta eile a chur i seilbh na h-áite.

Riaghail eile a bhí aige mar thighearna, go gcaithfeadh ’chuile thionónta a bhí faoi, dhá lá dhéag oibre a thabhairt dó i n-aisge sa mbliadhain, ag obair ar an bhfeilm a bhí aige i nOiligh. Go h-iondual ba sé lá san Earrach agus sé lá sa bhFóghmhar a bhí leagtha amach aige. Ba chuma céard a bhéadh le déanamh ag an dtionónta ar a ghabhaltas féin chaithfeadh sé a fhágáil annsin agus freastal ar obair an Bhiongamaigh agus na ‘duty days’ a bhí air a dhéanamh.

Acht níor bh’é sin an chuid ba mheasa dhe mar riaghail. Cébí áit a raibh cuid dhá dhúithche aige, chuirfeadh sé focal faoi dhéin na dtionónta a bheith i nOiligh ar a leitheide seo de lá. Chuirfeadh sé a bhád mór féin faoi dhéin cuid aca a bhí ar an taobh eile de Chuan an Fhóid Dhuibh. Thigeadh siad agus ní bhíodh le fagháil aca fhad ’s bhéadh siad i nOiligh acht dhá bhéile sa lá. Dhá bhéile! Fan go bhfeicidh tú. Nuair a thigeadh am dinnéir thigeadh dhá chairt amach ó’n gcaisleán go dtí cébí áit a mbéadh na daoine ag obair. Ualach fataí bruithte ar chairt amháin agus ualach sgadán bruithte ar an gcairt eile. Nuair a shroichfeadh na cartacha an áit a raibh na h-oibridhthe ag obair, sgaptaoi na fataí agus na sgadáin thart ar an mbán mar a chaithfidhe turnapaí chuig caoirigh. Thoisigheadh an sgiob sgeab annsin idir na h-oibridhthe ar na fataí agus na sgadáin. An té a bhí láidir bhéadh a sháith aige acht chaithfeadh an té a bhí lag teacht leis an bhfuighleach. Bhíodh na créatúirí uilig idir lag agus láidir stiúctha leis an ocras agus marbh amach leis an obair agus ’sé an chaoi a raibh sé aca ag an mbéile, an sgian ba géire feannadh sí.

Thigeadh an dara béile, fataí agus sgadáin aríst, amach chuca tráthnóna nuair a bhíodh obair an lae thart agus bhíodh an obair chéadna ann ’s a bhí ag am dinnéir. Annsin nuair a thigeadh an oidhche ní raibh leaba ná fasgadh aca acht iad sáithte cois claidhe nó faoi bhruacha nó tom driseacha go dtigeadh an mhaidin aríst agus go dtoisigheadh siad ar an obair. Ba chuma fliuch nó tirm an aimsear ba amuigh faoi spéartha neimhe a chaitheadh na h-oibridhthe sin an t-am, oidhche agus lá fhad ’s bhíodh siad i nOiligh ag obair.

B’iomdha sin easlán agus lagarán a bhí ag iarraidh na ‘duty days’ a chur isteach agus gan é i n-ann. Théigheadh fuacht na h-oidhche agus an cruadhtan i gcionn chomh mór ar a leitheide sin gur iomdha duine aca a cailleadh faoi’n mbruach a ndeacha sé ar fasgadh faoi. Nuair a d’airighthí ar iarraidh é maidin lá ar n-a bhárach, théigheadh searbhfhóghantaí an Bhiongamaigh thart ’ghá chuartughadh. Nuair a gheibhfidhe é, ní dhéanfadh na searbhfhóghantaí a dhath acht an bruach a leigint anuas air agus a fhágáil annsin."

Ar ndóigh níl an seanchaidhe acht ag toisiughadh i gceart ar a bhfuil de sheanchas aige faoi na Biongamaigh acht béidh baramhail ag an léightheoir ó’n mhéid atá innste thuas faoi’n gcineál saoghail a bhí ag muinntir Iorruis agus an meas a bhí ag an mBiongamach ar a chuid tionónta nuair a bhí a réim féin aige. Bhí na riaghlacha agus na dlighthe thuas agus go leor eile a bhí chomh dona leo, i bhfeidhm i nIorrus gur chuir Connradh na Talmhan stop leo. Déarfaidh an sean-tseanchaidhe go fóill, dá dhonacht iad na Biongamaigh mar thighearnaí go mba mheasa i bhfad na báilidhthe a bhí aca. Acht ar ndóigh ní ag seanchaidhe Iorruis amháin a bhfuil sé sin le rádh aige faoi na báilidhthe agus a gcuid oibre.

Tá muid ag druidim aniar anois ó Bhaile na Croise. Tá an Geata Mór i n-amharc againn cheana féin. Is beag suarach le rádh é mar bhaile indiu gan aonach gan margadh acht bhí lá eile aige mar bhaile. Bhí sé ar cheann de phríomh-bhailte Iorruis nuair a bhí réim an Bhiongamaigh ina neart. Ba é an príomh-bhaile ar an Muirthead é. Bhí aonach agus margadh ann. Bhí cúirt agus oifigí ann agus an Biongamach féin ina ghiuistís. Acht bhí stórtha agus tráchtáil ann. Nach bhfuil céabh an tSáilín faoi neasacht míle dhó, áit a mbíodh tráchtáil an cheanntair uilig ar siubhal, báid mhóra ag teacht agus ag imtheacht, luchtuighthe le ceilp, coirce, beithidhigh agus torthaí an talaimh? B’fhurast do na tighearnaí cur maith a bheith aca mar bhí na h-oibridhthe le fagháil i n-aisge aca nó ar bheagán páighe. Bhí an talamh maith aca agus ar ndóigh é saor. Tá, le h-ais an tSáilín sean-bhallóga agus beanntracha go leor, agus mar a chluinfeas tú baineadh úsáid asta sin chomh maith. Ponta nó "príosún beithidheach" a bhí ann, áit a gcuirtí beithidhigh a thóigthí i leith an chíosa nár h-íocadh. D’fhágtaoi ins an bpríosún sin sgathamh iad agus annsin dhíoltaí amach iad. B’iomdha ceann dhá leitheide seo a bhí i bhfus agus thall ar fud dhúithche an Bhiongamaigh agus b’annamh a bhíodh siad folamh.

Tá an fánaidh soir linn anois go ceann sgathaimh ó’n Gheata Mór agus muid ag teannadh ar Bhéal a’ Mhuirthid. Tír mhór curaidheachta í seo anois agus is ann atá na feilméirí agus na gabhaltais is fearr i nIorrus. Tá cur agus treabhadh dhá dhéanamh ann go h-ealadhanta saothrach. Tá an talamh ann go saidhbhir séasúrach agus é ag tabhairt a shean-eire barr de thorthaí feilme. Tá Béal a’ Mhuirthid cómhgarach dhó, áit a bhfuil margadh maith le fagháil ar thorthaí na bhfeilmeacha. Tá téagar agus comphórt anois ag muinntir an cheanntair seo acht má tá is maith atá siad ag cur ar a son.

Féach uait ar an bpáirc mhóir sin os cionn an bhóthair ar thaobh do chiotóige. Breathnuigh chomh turtógach mío-chomhthrom is atá sí. Tuige? Iarsma ó’n droch-shaoghal an pháirc sin. Tá sí gan cur mar a fheiceas tú í le tarraingt ar chéad bliadhan anois. Bhí fataí curtha innti bliadhain an droch-shaoghail acht theann an t-ocras chomh géar sin ar mhuinntir na h-áite an tráth sin gur ionnsuigh siad an pháirc shul a raibh na gais aníos gur ith siad an pór. Leis an gcuartughadh a rinneadh san gcréafóig ar lorg an phóir nach bhfuair seans ná am le fás tóigeadh na turtógaí innti agus fágadh mar sin í ó shoin.

A Thighearna, nach i bpáirceanna na tíre atá an stair dhá bhféadtaoi a dhul go bun na sprioga sa tseanchas. Tá, agus a gcuid féin de’n tseanchas ag na caladh-phuirt agus na céabhanna. Is beag le rádh é céabh an tSáilín indiu acht is iomdha deor guirt a sileadh ag an gcéibh chéadna nuair a bhí an saor-imirce ar siubhal agus an bánughadh dh’á dhéanamh. Ba ó’n gcéibh seo a sheol ceathrar agus trí sgór i n-aon lucht amháin i mbliadhain an droch-shaoghail go Meiriocá. Daoine iad idir óg agus sean a fágadh gan teach gan teine nuair a bánuigheadh Baile an Mhullaigh, baile a bhí i n-aice leis an Abhainn Mhóir i nIorrus.*

*[Tá trácht iomlán déanta i "Dhá Chrann na Marbh agus Sgéalta Eile" faoi’n mbánughadh mór seo.]

Is gearr anois go raibh muid ar ais aríst i mBéal a’ Mhuirthid acht shul a bhfágaidh muid an Muirthead bhéarfaidh muid cuairt ar thobar beannuighthe an Cháirn. I mbaile an Cháirn atá sé agus é timcheall leith-chéad slat ó’n mbóthar mór ar an taobh ó thuaidh. Fearacht go leor dh’á leitheide is beag le rádh é le breathnughadh air, acht is iongantach do’n tsaoghal an méid daoine a bhíos le feiceál ag déanamh "an turais" ann san tSamhradh, go mór mhór ar an gcúigeamhadh lá déag de mhí Lughnasa. Lá an Logha atá ag muinntir Iorruis ar an lá sin agus is ar an lá sin is mó a théigheas daoine ag déanamh "an turais" chuig Tobar a’ Cháirn.

Ní raibh ins an tobar seo i dtoiseach acht linn bheag uisge gan áird air ná tábhacht ar bith ag baint leis. Acht am eicínt sa tsean-tsaoghal bhí duine de na Gáthchain i nIorrus ar leag Dia lámh air. Bhí an duine bocht gan chéill gan réasún ó rugadh é agus ina cheann sin bhí súil amháin aige nach raibh aon radharc ariamh innti. Do réir mar a bhí an fear bocht seo ag fás bhí sé ag éirghe crosta agus do-cheannsuighthe. Fear mór a bhí ann a raibh urradhas agus neart ann thar an ghnáth-dhuine agus leagtar air go bhfuair triúr nó ceathrar bás ó bhualadh a thug sé dhóibh. Bhí faitchíos a n-anama ar mhuinntir na h-áite roimhe acht b’éigean dóibh cur suas leis agus a choingbheáil as a bhealach chomh maith agus a tháinig leo. Bhíodh sé go síorruidhe ag imtheacht roimhe ar fud na mbailte, é ciuin go leor amannta, acht nach dtiocfadh le aoinne a bheith cinnte cé’n t-am a bhuailfeadh an taod buile é. San tráth sin ní raibh áit ná osbuidéal le n-a leitheide a chur agus b’éigean fulaingt leis ag baile.

Lá amháin agus é sa tóir ar sgata gasúr agus ar ndóigh iad-san ag rith uaidh le n-a n-anam, chuaidh siad thart leis an linn bheag uisge seo. Nuair a shroich an geilt buile é chrom sé gur ól sé deoch as agus annsin nigh sé a éadan ann. Ó’n móiméad sin amach bhí a chiall agus a réasún aige chomh maith le aon fhear ar an mbaile. Ní h-amháin sin acht bhí radharc sa tsúil nach raibh staidhm innti gur nigh sé é féin sa tobar. Ina dhiaidh sin shocruigh sé síos i gcionn a ghraithe mar fheilméar agus tá cuid dh’á shliocht ar an Muirthead go fóill.

Nuair a chuaidh an sgéal amach faoi’n míorbhuilt a rinneadh ag an tobar thigeadh daoine as ’chuile cheard d’Iorrus ag déanamh "an turais" agus ar ndóigh tá an nós céadna ar siubhal ’chuile bhliadhain ó shoin. Má’s fíor do’n tseanchas, beannuigheadh an tobar i bhfad ó shoin agus sin thuas an fáth a mba bhun leis a bheith ina thobar beannuighthe.

 

 

ACAILL.

CAIBIDIL VII

Suidheamh an Oileáin - Ríoghacht Acla - Iarsmaí ó’n tsean-am - Áilneacht an Oileáin - Slighe bheathadh na ndaoine.

DUBHRADH cheana san gcunntas seo go raibh dúil againn cuairt a thabhairt ar Acaill agus a mbéadh le feiceál agus le clons againn ann a thabhairt do’n léightheoir. Seo muid anois ag tarraingt siar air ar theann ár ndíchill. Tá an lá mar a d’iarrfadh sinn é a bheith. Spéar ghlan ghorm agus gaothnóg fhionnfhuar ann ó’n áird aniar nach raibh bac ná moill uirthi ó d’fhág sí Meiriocá gur bhuail sí cnuic Acla.

’Sé Acaill an t-oileán is mó ar chóstaí na hÉireann acht is ar éigin gur ceart oileán a thabhairt air chor ar bith mar go bhfuil sé ceangailte leis an móir-thír le droichead. Níl acht cuisle caol de’n fhairrge san áit a bhfuil an droichead, acht mar sin féin, nuair a bhíos sé ina lán-mhara bíonn a sáith doimhneachta ag báid mhóra san gcuisle seo. Is féidir an droichead a chasadh thart sa gcaoi go dtig leis na báid mhóra a dhul suas nó anuas do réir mar theastuigheas. Acht nuair a bhíos sé ina dhith-thráigh, tá áiteacha san gcuisle seo a dtig le duine nó beithidheach dul ó’n oileán go dtí an mhóir-thír de shiubhal cos.

San am fadó, má’s fíor do’n stair, ba ríoghacht bheag ann féin Acaill. Bhí an ríoghacht sin i bhfad níos mó ná mar atá Acaill indiu, mar bhí sí ag síneadh soir agus thart ó dheas de Chuan Mhodh. Ba leis an ríoghacht seo Cruachán Aighle, nó Cruach Phádraig mar a tugtar ar an gcruaich sin ó aimsir Naoimh Pádraig anuas. Ina cheann sin thóg sí isteach na h-oileáin i gCuan Mhodh. Leis an am bhí an ríoghacht bheag seo ag éirghe níos lúgha agus dh’á cumhangadh isteach go dtí nach bhfuil innti indiu acht Oileán Acla féin agus leith-innse an Chorráin.

B’iad na Máilligh agus na Búrcaigh a bhí i gceannas na ríoghachta seo an t-am ba láidre agus ba mhó a bhí sí. Duine de na Máilligh seo a b’eadh Gráinne Ní Mháille a bhfuil a cliú agus a cáil mar bhainríoghan ar fhairrge agus ar thalamh beo go fóill, ní h-amháin i seanchas Chonnachta acht i seanchas na hÉireann féin. Mhair na Máilligh agus na Búrcaigh i gceannas go dtí gur cailleadh Gráinne agus ina dhiaidh sin bhí a réim i nAcaill ag dul i n-ísle-bhrigh. Annsin tháinig muinntear Bhrúin agus clann Uí Dhomhnaill agus má éirigheann linn aon tseanchas a fhagháil fútha ar an oileán gheibhfidh an léightheoir é gan doicheall.

Is fada siar a théigheas seanchas na nGaedheal agus níl iongantas acht chomh cruinn bríoghmhar ’s a tháinig cuid mhór de anuas ó ghlúin go glúin sa gcaoi go bhfuil léargus againn indiu ar imtheachtaí ár sean a mhair na céadta, nó, is féidir a rádh, na mílte bliadhan ó shoin. Deirtear sa stair gur theich na Fir Bholga go dtí na h-oileáin ar an gcósta thiar nuair a fuair na Tuatha De Danann an ceann is fearr ortha ag Mágh Tuireadh. Is cosamhail agus iad ar teicheadh go dtáinig cuid aca go hAcaill, mar go bhfuil áit ar an oileán a dtugtar Sruthaill na bhFear mBolg air. Ina cheann sin tá sean-leachtanna agus dúnta annseo agus annsiúd ar fud an oileáin a chruthuigheas go raibh cómhnuidhe agus áitreabh ar an oileán i ré na págántachta. Ortha seo tá Uaigh an Fhathaigh, an Croimleac Mór, agus Dún an Champa. Thiar faoi sgáth na Sléibhe Móire tá Altóir na nDraoi agus níos fuide ó dheas tá dúnta cearcallacha agus sean-roiligí na bpágán. Tá na sean-leachtanna eile atá anonn is anall ar fud an oileáin an-chosamhail leo seo atá ar Oileáin Árann acht nach bhfuil siad chomh slachtmhar.

Ar an tsean-bhóthar ó íochtar Acla aniar ag tarraingt ar Chill Damhnait i n-uachtar Acla is líonmhaire na leachtanna seo. Níl ionnta acht cárnáin cloch agus na clocha, idir mór agus beag, caithte ar mhullach a chéile gan órd gan eagar. Bhí tráth ann, más fíor do’n tseanchas, nuair nach raibh acht an t-aon roilig amháin ar an oileán, an roilig i n-uachtar Acla ar a dtugtar roilig Chill Damhnait. Nuair a gheibhfeadh duine bás i n-íochtar Acla b’éigean an corp a thabhairt aniar an sean-bhóthar treasna bogaigh agus sléibhe agus i ngeall ar an mbóthar a bheith go h-olc agus gan cairt ná cóiste ann an uair sin, ’sé an chaoi a gcaithfidhe an chómhnra a iomchur ar ghuailneacha daoine agus ba mhór an t-anró a gheibhthí mar bhí an bealach go mío-chomhthrom corrach. Ina cheann sin ba bealach fada é mar ní mórán gearr de dhá mhíle dhéag é ó árdóchas duine ar an mbóthar ag Dúmhach Cinn Aille go sroichidh sé Cill Damhnait.

Bhí sé d’fhaisiún aca an t-am sin go raibh áiteacha ar leith ar an mbealach aniar a leagadh siad an chómhnra le sgíth a thabhairt dóibh seo a bhíodh ag iomchur na cómhnrann. Nuair a thóigthí an chómhnra aríst, chaitheadh ’chuile dhuine a bhíodh ar an tsochraoid cloch san áit a raibh an chómhnra leagtha agus sin an t-úghdar atá leis na leachtanna a bheith ar an mbóthar sin. Ar ndóigh ní bhíodh duine a chaitheadh cloch ar leacht lá sochraoide nach gcuireadh paidir le anam an té a bhí sa gcómhnrainn agus ní i nAcaill amháin a bhí an nós sin.

Cé is móite de Thobar Cholmáin, Tobar Mhionnáin agus Cill Damhnait níl iarsma ar bith eile de Ré na Críostaidheachta sa tsean-am ar an oileán. Thiar ar an taobh ó dheas de Shléibh Mhóir tá Tobar Cholmáin. Níl aon eolas gur fiú le fagháil ó sheanchaidhthe na h-áite ar Cholmán acht amháin gur ó Inis na Bó Finne a tháinig sé go hAcaill, go raibh complacht mhór manach leis agus nár fhan sé i bhfad i nAcaill. Thiocfadh dhó gurb é an Colmán céadna é a bhunuigh an mhainistear i "Muigheo na Sacsan" agus gur ar a bhealach ó Árainn a bhí sé nuair a tháinig sé go hAcaill.

I n-aice le Alltracha Mhionnáin atá Tobar Mhionnáin agus is dócha gur ó ainm na n-alltracha a fuair an tobar a ainm. Níl aon eolas le fagháil faoi acht gur tobar beannuighthe é agus go dtí le goirid bhíodh na sluaighte daoine ag teacht ag déanamh "an turais" ag an tobar sin. Tá an nós sin ar siubhal go fóill acht nach dtigeann baoghal ar an oiread daoine anois agus a thigeadh fadó. ’Sé an cás céadna é le Tobar Cholmáin. Fadó bhíodh an áit dubh le daoine ag déanamh "an turais" idir dhá Lá Fhéile Muire acht ní thigeann anois acht corr-dhuine.

Thuas i n-uachtar Acla tá Cill Damhnait áit a bhfuil fothracha sean-chille agus tobar beannuighthe. Deirtear gur naomh ar bh’ainm dhi Damhnait a bhunuigh an chill ann i gcéadóir agus gur uaithi a h-ainmnigheadh an tobar. Bíonn an "turas" dh’á dhéanamh ag an tobar seo chomh maith agus is ar an gcúigeamhadh lá déag de Lúghnasa an lá is mó sa mbliadhain a mbíonn daoine le feiceál ann ag déanamh an "turais."

B’fhéidir gur chóir focal beag a rádh annseo faoi n-a bhfuil le feiceál ar an oileán de’n áilneacht atá ann ó nádúir. Níl i n-áit ar bith eile i gconndae leathan Mhuigheo áilneacht ná iomsgéimh le cur i gcomórtas le áilneacht agus iomsgéimh Acla. Tá an fiadhántas agus an éagsamhlacht ann. Tá sléibhte árda agus gleannta doimhine, leathana ann. Tá an fhairrge agus locha ann agus ina gceann sin uilig tá alltracha árda agus tráigheanna geala gainimheacha nach bhfuil a sárughadh le fagháil ar an gcósta ó Ghaillimh go Cill Alaidh.

Má castar a choidhche i nAcaill tú, a léightheoir, agus dúil agat iomsgéimh na h-áite a fheiceál, ní fearrde rud a dhéanfá ná píosa strapadóireachta a dhéanamh suas an tSliabh Mhór. ’Sé seo an cnoc is aoirde ar an oileán agus is ó n-a bharr atá an radharc a bhfuil sásamh ann nuair atá an lá go breágh. Ní mór nach bhfuil an cnoc seo chomh h-árd le Cruach Phádraig agus na sleasa ’chuile ordlach chomh righte acht nach bhfuil siad chomh garbh ná chomh clochach. Acht ná síl gur gan saothar a shroichfeas tú an barr mar go bhfuil fraoch fada fiadháin i n-áiteacha ann agus claiseacha doimhine, acht go mbíonn sé tirm cruaidh san tSamhradh.

Nuair a bhéas an barr bainte amach ní bhíonn aon chuimhne ar an duadh ná an trioblóid a fuarthas ar an mbealach aníos. Ina sheasamh do dhuine ar fhíor-bharr an chnuic seo tigeann uamhan agus iongantas air le n-a bhfuil faoi n-a shúil aige. Ar an taobh thiar de’n oileán tá an Fhairrge Mhór ag síneadh siar go luaimneach luasgach agus gan talamh ná tráigh níos goire ná Meiriocá dhó. Ag síneadh amach sa bhfairrge ag bun an tSléibhe tá Druim Diallaide agus Ceann Acla agus gan samhail ar bith le tabhairt ortha acht dhá adhairc seilmide ag síneadh amach ó’n tsliogán. Tá, ar an gcósta thiar agus thiar ó thuaidh, alltracha atá i n-áiteacha os cionn cúig céad troigh ar aoirde agus iad beo le éanlaith mara, iolair agus gabhair fhiadháine.

Ar an taobh ó thuaidh tá Cuan an Fhóid Dhuibh go lán leathan doimhin leathnuighthe amach os a chómhair agus sléibhte agus gleannta Iorruis. Soir uaidh tá an t-oileán ag síneadh agus radharc sásamhail le fagháil air agus ar Bhaile Chruaich leis. Níos fuide soir go fóill tá Néifin le feiceál ag sáthadh a chinn suas thar gualainn Corr Shléibhe. Ar an taobh ó dheas tá Cuan Modh agus é breacaighthe le oileáin agus níos fuide ó dheas tá Cruach Phádraig agus a cheann i bhfolach ins na néallta. Beagán níos fuide siar tá, fad a shean-radhairc uaidh, na Beanna Beola guala le gualainn le chéile agus thiar aríst amuigh san aigéan tá Inis Tuirc agus Inis na Bó Finne.

Acht gan breathnughadh leath chomh fada ar shiubhal tá gnéithe chomh h-áluinn. Ag neadughadh go seasgair ag bun na Sléibhe Móire tá Dubhghort, baile a mbíonn tarraingt na gcéadta fámairí air ó thoiseach an tSamhraidh go dtí go mall sa bhFóghmhar. Ar an taobh ó dheas de tá an Caol, áit eile a mbíonn riar maith fámairí ann sa tSamhradh. Tá tráigheanna geala, gainimheacha san dá áit seo gur doiligh a sárughadh agus ina gceann sin tá bádóireacht, iasgaireacht, snámh, strapadóireacht ar shléibh agus aill ann leis an am a chaitheamh go folláin spéiseamhail.

Taobh thoir de thráigh an Chaoil tá Alltracha Mhionnáin a bhfuil a gcáil ar fud an domhain. Tá na h-alltracha seo i n-áiteacha suas le sé chéad troigh ar aoirde agus iad ag éirghe aníos glan díreach ó’n bhfairrge. Ag tarraingt do dhuine ortha ó’n gCaol aniar lá breágh gréine, níl coiscéim d’á dtiúbhrfaidh sé nach bhfuil athrughadh cuma agus datha ag teacht ar na h-alltracha. Na cineálacha éagsamhla cairrge atá ionnta is cionntach leis an athrughadh datha a thigeas ortha faoi lonnradh na gréine, mar tá cloch-ghréine, grian-chlochóid, míca agus go leor cineálacha eile nach iad, measgtha le chéile i n-éadan na n-alltracha.

Annsin ó Dhubh Acha tá bóthar ag dul siar ar an taobh ó dheas de Chruachán. I n-áiteacha tá an bóthar seo suas le ceithre chéad troigh os cionn na fairrge agus é déanta ar bhruach na h-aille. Ag ceann thiar an bhóthair seo tá gleann na Cuime, an gleann is deise ar an oileán acht go bhfuil sé i bhfolach thiar ar chúl Chruacháin sa gcaoi nach bhfeicfidh duine é go mbídh sé buailte air. I lár an ghleanna seo tá cros agus umar uisge coisreactha ar altóir cloch, áit a mbíodh an tAifreann dh’á léigheadh nuair a bhí an tóir agus an ruagairt reatha ar chléir na tíre.

’Siad na h-áiteacha atá luaidhte thuas na h-áiteacha is mó le rádh ar an oileán i gcúrsaí áilneachta agus iomsgéimhe acht tharstú seo tá áiteacha eile anonn agus anall ann gur fiú d’aoinne a chuireas spéis i n-áilneacht iongantach na nádúire cuairt a thabhairt ortha.

Cé nach bhfuil ar an oileán fré chéile acht fíor-dhroch-thalamh i gcóir curaidheachta tá na daoine deiseamhail go leor agus caoi chóir ar a bhfurmhór. Ní h-é go leor áirde a bheireann siad ar churaidheacht, mar, i ndiaidh a ndícheall a dhéanamh, ba bheag a bhéadh dh’á bharr aca. Téigheann na fir uilig, acht amháin iad seo atá ró-shean, go Sasana agus go hAlbain go luath san Earrach agus fanann siad thall go Samhain nó go Nodlaig. Imthigheann na cailíní óg go leor sa tsaoghal ag saothrughadh a mbeatha chomh maith. Ar Albain is mó atá a dtarraingt siad-san, áit a mbíonn siad ó thoiseach an tSamhraidh go deireadh an Fhóghmhair ag obair ar fheilmeacha le fóghmhar na bhfataí. Obair chruaidh anróiteach í seo go mór mhór dóibh seo a théigheas ina cionn díreach i ndiaidh an sgoil a fhágáil dóibh. Acht mar adubhairt sean-fhear de thógáil an oileáin, "acht go bé Sasana agus Albain ní bhéadh aon Acaill ann."

Bíonn na fir a fhanann sa mbaile ag pléidhe le iasgaireacht sa tSamhradh agus sa bhFóghmhar agus cé go bhfuil cóstaí an oileáin feileamhnach go maith i gcóir iasgaireachta, agus eolas go binn ar a gceird ag na h-iasgairí is beag tairbhe a baintear as mar shlighe bheathadh. Deir na h-iasgairí nach bhfuil na h-éisg ann mar bhíodh fadó. Ba mhó go mór an saidhbhreas a bhaintí as mar shlighe bheathadh san am atá caithte, acht tháinig meath ar an iasgaireacht thart ar chóstaí an oileáin chomh mór sin go bhfuil na daoine ag éirghe as ar fad, mar nach bhfeiceann siad aon tairbhe dhóibh ann.

 

 

CAIBIDIL VIII

An Seanchaidhe - "Cúl na Beinn’" - Clann tSuibhnigh - San Teach Ósda.

"TÁ do sháith canta anois agat faoi iasgaireacht agus eile," arsa Micheál, "agus leag uait go mbuailidh muid thart agus b’fhéidir go n-éireochadh linn glac seanchais a fhagháil a bhéas níos suimeamhla ná an ráiméis sin atá ar siubhal agat."

"Maith go leor," arsa mé féin, "acht meas’ tú cé’n áit is fearr dúinn a dhul le n-a fhagháil?" "Nach minic a chuala tú gur fánach an áit a bhfáightear bradán?" ar seisean. "Feicim fear annseo thíos ag briseadh cloch. Buailfidh muid síos chuige agus buailfidh muid bleid air. Níor casadh fear ariamh orm a raibh an cheird sin aige nach mbéadh ina sheanchaidhe maith."

"Bail ó Dhia ort, a dhuine chóir," arsa mé féin nuair a tháinig muid chomh fada leis an bhfear a bhí ag briseadh na gcloch. "Go mba h-é dhíbh," ar seisean i nGaedhilg ghlain bhinn. Leis sin chaith sé an casúr le n-a ais ar an gcnap cloch agus d’éirigh ina sheasamh. I ndiaidh searradh a bhaint as féin tharraing sé amach a phíopa agus thoisigh air ’ghá líonadh.

"Creidim," arsa Micheál, "gur tuirseamhail an obair í a bheith in do shuidhe síos mar sin ag obair ar feadh an lae."

"D’fhéadfá a rádh gur b’é," ar seisean, "agus ba mhaith sin dá mbéadh mórán dá bharr ag duine i ndiaidh a bheith struncaighthe ina shuidhe ar chárnán cloch ó mhaidin go h-oidhche, acht nach bhfuil neart air. Caithfidh duine eicínt é a dhéanamh."

"Is fíor dhuit," arsa mise, "acht más do réir an phíosa atá tú ag obair nár cheart go ndéanfá páighe maith lae."

"’Réir an phíosa ’tá mé," ar seisean, "acht más eadh féin is mó an saothrughadh ná an cómhaireamh. Níl a mhalairt ann ar chuma ar bith agus más beag le rádh an páighe féin, tá an obair i n-aice baile agus nach mór an gar an méid sin? Acht mur’ bhfuil dul amugha orm ní de thógáil an oileáin sibh-se mar ní feasach mé go bhfaca mé cheana sibh."

"Níl dul amugha ar bith ort," arsa Micheál. "Indé a leag muid cos de’n chéad uair ar an oileán. Chaith muid an oidhche aréir ar an gCaol annsin thiar agus tá muid anois ar ár mbealach soir acht ba mhaith linn an oiread eolais a fhagháil agus a thig linn faoi Acaill mar gur mór a chuala muid faoi ó am go h-am."

"Más ar an gCaol a bhí sibh aréir," ar seisean, "bhí sibh i n-áit a raibh

‘Biadh ’s leabaidh ann ’s míle fáilte,

 ’S cómhrádh geanamhail ag fear ’s mnaoi,’

mar adeir an t-amhrán."

"Cé’n t-amhrán atá i gceist agat anois?" arsa mise, "nó bhfuil aon bhaint ag an amhrán sin le Acaill?"

"Tá agus dlúth-bhaint," ar seisean, "mar gur chaith an fear a chum é sgathamh maith ar an oileán. Ní fhaca mise an fear ariamh mar bhí sé ann roimh mo linn, acht ós ar lorg eolais atá sibh innseochaidh mé dhíbh ar chuala mé féin faoi."

Leis sin chuir sé bun seanchais air féin gur sgaoil sé uaidh go clisde cruinn an méid a bhí ar eolas aige féin faoi’n amhrán, agus ag seo a leanas chomh cuimir baileach é sgéal an tseanchaidhe sin is do b’fhéidir a bhreacadh síos.

Nuair a tháinig Humbert agus na Franncaigh go Cill Alaidh fadó chuaidh fear ar a dtugtaoi Peadar Mac Shiúrtáin as Cúl na Beinne síos i n-airicis na bhFranncach le sgata fear a bhí oilte aige agus réidh le n-a gcion a dhéanamh le buille a bhuaileadh ar son na saoirseachta. Throid sé féin agus a dhream beag ar thaobh Humbert go dtáinig an briseadh tubaisteach ar na Gaedhil ag Baile na Muc. Nuair a tháinig, d’éirigh leis an Siúrtánach a anam a thabhairt slán leis acht is ag Dia amháin atá fhios cé’n bhail a chuaidh ar an sgata a bhí leis. Ar chuma ar bith níor fhill aoinne aca ariamh ní ba mhó go Cúl na Beinne, baile atá faoi sgáth Néifin, acht Peadar.

Nuair a bhí an troid thart, d’fhill saighdiuirí Shasana ar Chonndae Mhuigheo agus níor fhág siad baile ann as a ndeacha aoinne de chabhair ar Humbert nár thug siad cuairt air le n-a ndeascaidh a leigint amach agus díoghaltas a imirt ar mhuinntir na mbailte sin i ngeall air sin. Ar ndóigh b’éigean do’n tSiúrtánach a bhaile féin a fhágáil agus dul ar a sheachaint nuair a chuala sé go raibh an tóir air. Bhí sé ag imtheacht roimhe, oidhche annseo agus oidhche annsin, go dtí ar deireadh, casadh go hAcaill é. Loiteadh go damáisteach é sa troid agus b’olc a bhí sé i n-ann aon chruadhtan a sheasamh agus ar an ádhbhar sin níor chuidigh an t-anró a fuair sé agus é ar a theicheadh leis.

Nuair a shroich sé Acaill bhí caoi bhocht air, a shláinte caillte aige, an gonadh a fuair sé sa troid ag teacht leis agus níos measa ná sin uilig é ina dhílseach báis ag dlighe cham a námhad. Ar an gCaol a chuir sé faoi acht ba gearr ann é gur buaileadh síos le fiabhras é agus ó fuair an leaba greim air, ba gearr an spás a fuair sé. Shul ar cailleadh é chum sé amhrán fada ag cur síos ar a áit dhúthchais agus ar a mhuinntir nach raibh sé geallta dhó a bhfeiceál go deo. Fuair sé bás i nAcaill agus cuireadh é i roilig na Sléibhe Móire, acht tá an t-amhrán ag cuid mhóir de amhránaidhthe Acla go fóill.

Nuair a bhí an sgéal sin innste ag an tseanchaidhe d’iarr muid air an t-amhrán a rádh mar go mba mhaith linn é a chlons. Rinne sé é gan doicheall agus bhéarfaidhear annseo é díreach mar a fuarthas é ó fhear briste na gcloch ag cros-bhóthar Ghabhail a’ Mháma i nAcaill:

 

Cúl na Beinn’

1

Dá mbeinn-se féin i Mám a’ Gharrdha,

Dubhach ’s páipéar a bheith agam ann,

Ba deas a sgríobhfainn i ndubh ’s i mbán é,

An moladh áluinn a bhí ar an ngleann.

’Sé a n-iarrfainn d’impidhe ar Rígh na nGrásta,

Intleacht Hómair a bheith in mo cheann,

Is gur le n-a mhaitheas ba mhian liom trácht air,

Acht fairíor géar go bhfuil m’intleacht fann.

2

’Sér’d dubhairt fear as Acaill liom, "ná bí gan chéill,

Ná bí a’ gol ná ag éagcaoint i ndiaidh Cúl na Beinn’,

Bhéarfaidh mise bean ’s dhá chéad bó léithe,

’Gus acra móinfhéir i n-aghaidh gach cinn,

Bád ’s eangacha a bheith i n-éinfheacht leo,

Le go dtiubhrfá éadáil isteach ó’n tuinn,

’S sílim féin gur fearr an méid sin,

Ná bheith a’ gol ’s ag éagcaoint i ndiaidh Cúl na Beinn’."

3

Dá dtugtá bean agus dhá chéad bó dhom,

’Gus acra móinfhéir i n-aghaidh gach cinn,

A bhfuil de bháid is d’eangaigh as seo go Bó Finn,

Agus saidhbhreas Sheoirse ar fad gan roinn,

B’fhearr liom acra de’n bhogach báidhte

Atá idir an Máimín ’s Inse an Droighin,

Cead rinnce le cailíní lá saoire ’s Domhnaigh

Thart ar na bóithre úd i gCúl na Beinn’.

4

Tá na coillte go dlúth ann ar thaobh Ghleann Néifin.

Tá an duilleabhar craobh-ghlas ag sileadh síos.

Tá an chuach ’s an traghna ar bharr na gcraobh ann,

Ag seinm go h-éadtrom gach lá ’s oidhch’.

Tá daoine uaisle ar bharr an tsléibhe ann,

Ag déanamh éirligh ar chearca fraoigh;

Tá an bradán bruinngheal ag tigheacht ón tsáil ann,

Ag feara Éireann le fagháil gan pinginn.

5

Tá an loch is sáimhe ann d’á bhfuil i nÉirinn,

Tá na báid ag éirghe air ó thuinn go tuinn,

Do’n té a chleachtuigh é ’s ’tá anois ’ghá thréigean,

Nach beag an dochar dó a chroidhe bheith tinn.

Acht más é seo an cúrsa a gheall Dia dhom-sa,

’S gur le méid mo chúmhaidh a liathadh mo cheann,

Mo chúig céad slán leat, a Bhoth a’ Dúin,

’S na coillte dlúth údaigh i gCúl na Beinn’.

6

Ní cháinfead Acaill cé gur mian liom a fhágáil,

Is deas an áit é ag strainséirí;

Tá biadh ’s leaba ann ’s míle fáilte,

’S cómhrádh geanamhail ann ag fear ’s mnaoi.

Acht mar an t-iasg a thigeanns le nádúir,

I ndiaidh a dháta a chaitheamh amuigh faoi’n tuinn,

Sé sin fearacht agam-sa dhá bhfághainn ann pálás,

B’fhearr liom árus beag i gCúl na Beinn’.

7

Tá leitir sgríobhtha agam agus réidh le séaladh,

A chuirfeas mé i mbárach go Cúl na Beinn’,

Go bhfuil mé mo luighe le tuilleadh ’s ráithe,

Go buadhartha cráidhte le tinneas cinn.

Mur’ bhfághaidh mé fóirithín ó Rígh na nGrásta,

A bheith in mo shláinte aríst mar is cóir,

Gléastar túmba ’s cómhnra clár dom,

Go síntear mo chnámha ag Bun Shléibh Mhóir’.

 

"Tá bhéarsa nó péire eile ann," arsa an seanchaidhe, "acht nach gcuimhnighim ortha anois. Ar chuma ar bith ní beag an méid sin féin agus b’fhéidir go gcasfaidhe duine eicínt eile oraibh a bhéarfas an dá cheann eile dhíbh."

"Feicim gur doiligh do shárughadh féin a fagháil," arsa mise, "agus chuirfinn mo cheann ar cheap go bhfuil tuilleadh seanchais agat faoi na bailte thart annseo agus na daoine a mhair ionnta fadó."

"Thiocfadh dhom seanchas a bheith agam dhá gcuirinn aon tsuim ann nuair a bhí mé a’ teacht aníos. Tá daoine dubh i dtalamh indiu agus b’aca a bhí an seanchas agus b’iad nach gceilfeadh é ar chómhluadar ná ar chuideachtain, acht iad ag coimhlint le chéile go bhfeiceadh siad cé aca a b’fhearr. Dhá dtugainn áird ortha sin bhéadh stór agam, acht fairíor, fearacht go leor liom níor thug, agus fágann sin aithreachas mo sháith orm indiu," ar seisean.

"Rinne tú tagairt do Humbert ar ball," arsa Micheál, "agus tú ag trácht ar an tSiúrtánach. An feasach dhuit go raibh aon bhaint ag aoinne as Acaill leis an troid an tráth sin?"

"Anois, leis an bhfírinne a dhéanamh," ar seisean, ag freagairt, "níor chuala mé ariamh go raibh, acht tá’s agam gur crochadh sagart as Acaill i mBaile Uí bhFíodhcháin i ngeall ar an troid, agus is iongnadh liom nár chuala sibh féin trácht ar an sagart céadna. An tAthair Mághnus Mac Suibhne, beannacht Dé leis, atá mé a’ maoidheamh."

"Ó mheabhruigh tú dhúinn é," arsa mise, "is cuimhneach liom gur chuala mé gur crochadh sagart de chlainn tSuibhnigh i mBaile Uí bhFíodhcháin an tráth sin acht ní raibh fhios agam go dtí seo go mb’as Acaill é."

"B’as muise," ar seisean, "agus ar an mbaile sin thíos a bhfuil cómhnuidhe orm-sa a rugadh é. Dúmhach Cinn Aille ainm mo bhaile, agus tá sé ar cheann de na bailte is sine ar an oileán."

Bhí fhios agam féin agus mo chara faoi seo go raibh an t-ádh orainn, go raibh muid ag cainnt le seanchaidhe de’n chineál nach gcastar ar dhuine acht go h-annamh. Ní raibh sé thar leith-chéad bliadhan d’aois acht ní raibh righeachan saoghail le n-a raibh de sheanchas aige agus fonn air a innseacht. Ba léir dúinn go mba fear é a chuir an-tsuim i gcúrsaí an tsaoghail fré chéile agus a raibh bród air, gan aon mhaoidheamh a dhéanamh, go raibh an t-eolas sin aige. Shocruigh muid eadrainn beirt gan sgaradh ó’n tseanchaidhe seo nó go bhfághadh sinn tuilleadh eolais uaidh go mór mhór faoi’n Athair Mac Suibhne ó thárla gur casadh ar an láthair muid. Thuig muid chomh maith go mba túisge deoch ná sgéal i nAcaill fearacht ’chuile áit eile agus níor mhaith linn a dhul ní b’fhuide leis an tseanchas go bhfiafruigheadh sinn de’n tseanchaidhe an raibh dúil ar bith aige sa mbraoinín go mór mhór ó ba lá brothallach Samhraidh a bhí ann, agus teach ósda faoi n-easacht cúpla céad slat dúinn.

"Caith uait an casúr sin," arsa Micheál leis, "agus teanam leat síos go raibh deoch againn."

"Ní chaithfidh mé uaim é, go raibh maith agaibh," ar seisean, "acht bhéarfaidh mé liom é, mar feicthear dhom go bhfuil obair lae chomhthruim déanta agam agus ó thárla gur beag le cois uair go leith gréine fágtha, ní mórán eile a thig liom a dhéanamh indiu agus ar ndóigh béidh obair le déanamh nuair a bhéas muid imthighthe."

Leis sin d’éirigh sé. Chruinnigh sé leis a chuid uirlisí agus bhog muid triúr síos an bóthar go dtí an teach ósda.

"Céard é do dheoch anois?" arsa Micheál.

"Pionnta, le do thoil," ar seisean, agus bhuail sé faoi ar stól ar aghaidh an dorais.

Glaoidheadh ar na deochanna agus leagadh a dheoch féin ós chómhair ’chaoinne de’n triúr againn. Dhearc an seanchaidhe go géar ar a phionnta. Thug sé coiscéim anonn gur thóg sé anall leis é agus shuidh ar an stól aríst. Chroch sé i n-áirde é, agus bhreathnuigh sé air go lághach ceanamhail.

"Bhur sláinte, a cháirde, agus nár fheiceamuid a choidhche triomach síorruidhe ná tart gan caoi le n-a mhúchadh."

Leis sin d’ísligh sé an gloine beagán, ghlan siar an cúbhar a bhí ina mhaol air le séideoig agus d’ól sé tarraingt a chinn as go sásta. Annsin leag sé an gloine leath-fholamh le n-a ais ar an stól. Chuir sé strainc air féin agus chuimil a bhéal le cúl a láimhe.

"Is géar é," arsa Micheál leis.

"Is géar atá sé a’ teastáil," ar seisean, "i ndiaidh bheith a’ briseadh cloch lá mar an lá indiu."

Nuair a bhí uair a chluig nó mar sin caithte sa teach ósda againn thug an fear cuireadh dhúinn síos go dtí n-a theach féin go bhfághadh sinn tráth bidh. Ghlac muid leis an gcuireadh agus ba gearr go raibh muid triúr thíos sa teach agus níor bh’fhada go raibh béile taithneamhach réidh ag bean a’ tighe agus muid triúr ag dul feadughadh dhó go sásta.

Nuair a bhí an béile thart agus a phíopa féin faoi lán-tseoil ag ’chaoinne againn, tarraingeadh anuas aríst sgéal an tsagairt agus cé nach bhfuil sé focal ar fhocal mar tugadh dhúinne é tá sé chomh gar dó agus do b’fhéidir é annseo in ár ndiaidh.

 

 

CAIBIDIL IX

Smuglaereacht - An caiptín ó’n bhFrainnc - Mághnus Mac Suibhne - Teacht Humbert - An tAthair Mághnus Mac Suibhne - An Sagart ar a sheachaint - An Sagart ina Phríosúnach - A bhás.

TIMCHEALL lár na h-ochtmhadh aoise déag bhí duine de mhuinntir Suibhnigh ina chómhnuidhe i nDúmhach Cinn Aille i nAcaill, agus duine é a raibh deis mhaith air agus riar a cháis go maith aige. Bhí sé pósta le bean de mhuinntir Mhaolmhuidhe agus teach breágh seasgair aca a raibh fearadh na fáilte ann i gcómhnuidhe roimh lucht bealaigh is bóthair. Ina cheann sin bhí muilionn aca, an t-aon cheann amháin a bhí ar an oileán an t-am sin.

Ba mhór an méid smuglaereachta a bhí ar chois san iarthar an tráth sin agus d’fhóir cuanta agus clúideanna Acla go maith do na smuglaeirí. Bhí fasgadh ionnta agus iad doimhin i gcóir na luingeas agus ar an ádhbhar sin b’annamh nach mbíodh long smuglála i gclúid eicínt thart ar an oileán ag fanacht le cóir. Bhí ainm na féile ar theach an tSuibhnigh agus i ngeall air sin ba mhinic caiptíní na luingeas seo ag baint fútha ann faoi stoirm agus am sgléipeach dh’á chaitheamh aca ag trácht ar áiteacha agus ar dhaoine i bhfad ar shiubhal. Ortha seo bhí caiptín ó’n bhFrainnc agus ba mhór ar fad an caradas a bhí idir é féin agus an Suibhneach. Fear tuigsionach fad-bhreathnuightheach an caiptín seo a raibh cuid mhór de’n domhan feicthe aige agus eolas as cuimse aige ar an gcine dhaonda agus cúrsaí an tsaoghail fré chéile.

Thárla uair amháin agus é ag cur faoi i dteach an tSuibhnigh gur rugadh mac óg do’n tSuibhneach. Ba mhór an lúthgháir a bhí ar mhuinntir an tighe agus cuireadh féasta ar bun i n-onóir na h-ócáide. Bhí an caiptín ag an bhfleidh agus nuair a teasbánadh an naoidhneán dó, bhreathnuigh sé go géar é agus dubhairt:

"Bail ó Dhia air is breágh an leanbh é, acht cé gur leisg liom a rádh, tá saoghal corrach roimhe agus an chroch i ndán dó ar deireadh."

"Is olc é do sgéal agus ní ró-gheal do thairingireacht," arsa an t-Athair, "agus nár leigidh Dia gur mar sin a thárlóchas."

"Níor mhaith liom féin gur mar sin a bhéadh," arsa an caiptín, "acht an rud atá i ndán do dhuine is doiligh a bhánughadh. Tá faitchíos orm nach bhfuil dul uaidh aige agus gur bás ar an gcroich a dhán, mur’ bhfuil ag Dia."

Níor leig an Suibhneach focla an chaiptín i ndearmad agus do réir mar bhí an páiste ag fás bhí imnidhe an athar ag méadughadh agus gan stop ag dul air oidhche nó lá acht ag leagaint amach ina intinn féin cé’n tslighe bheathadh a b’fhearr dh’á mhac. Ar deireadh, i ndiaidh cómhairle a ghlacadh le n-a mhnaoi agus leis an gcaiptín, shocruigh siad an mac a chur ar sgoil le bheith ina shagart, dhá mbéadh sé orduighthe ag Dia dhó. Nuair a tháinig Mághnus Mac Suibhne, sé sin an malrach óg, i n-aois le dul ar sgoil, thug an caiptín leis é anonn go Páras na Frainnce agus cuireadh Mághnus Óg ar sgoil thall le bheith ina shagart. D’éirigh thar barr leis ar sgoil agus, leis an am, rinneadh sagart de.

Níor luaithe ina shagart é ná tháinig sé abhaile go hAcaill, agus sgathamh gearr i ndiaidh teacht abhaile dhó cuireadh go Baile Uí bhFíodhcháin ina shéiplíneach é. Nuair a bhí sé timcheall deich mbliadhna nó mar sin i mBaile Uí bhFíodhcháin tháinig na Franncaigh go Cill Alaidh faoi cheannus Humbert. Ba sagart fíor-Ghaedhealach é a ghrádhuigh a thír dhúthchais ó dhoimhneacht a chroidhe, agus má bhí fáilte aige faoi chómhair na bhFranncach níorbh iongantas ar bith é, mar shíl sé, fearacht go leor eile leis, go n-éireochadh leo, le cuidiughadh Gaedheal, saoirseacht na tíre a bhaint amach.

I dtrátha ama bhain Humbert Caisleán a’ Bharraigh amach agus cuireadh an ruaig ar na casóga dearga as bun barr. Síleadh annsin go raibh an bealach leis na Gaedhil agus bhí muinntear Mhuigheo uilig mórán, bródamhail go bhfaca siad an lá sin. Lá amháin faoi’n tráth sin casadh an t-Athair Mághnus agus caiptín a bhí ar na Franncaigh le chéile i mBaile Uí bhFíodhcháin. D’aithnigh siad a chéile mar gur casadh le chéile iad sa bhFrainnc roimhe sin nuair a bhí an tAthair Mághnus ar sgoil ann. Bhí bród an tsaoghail ar an mbeirt a chéile a fheiceál aríst agus bhí seanchas fada cáirdeamhail aca le chéile agus ba doiligh a thógáil ortha mar nach bhfaca siad a chéile le sgathamh maith roimhe. Ba bheag a shíl an sagart go raibh lámh aige ina bhás féin nuair a chuir sé fáilte roimh an bhFranncach, ná go gcuirfidhe ina leith é, i gceann aguisín maith a chur leis, os chómhair na cúirte aríst.

Bhí go maith go dtáinig an briseadh tubaisteach sin ar na Gaedhil agus na Franncaigh ag Baile na Muc, agus nuair a tháinig, fáisgeadh an tsrian ní ba déine ná ariamh ar na Gaedhil, acht go mór mhór ortha seo a theasbáin aon cháirdeamhlacht nó a thug aon chabhair do na Franncaigh. Ar ndóigh níor spáráladh cléir ná tuata agus cuireadh an tóir ar an Athair Mac Suibhne agus gabhadh é ina theach féin i mBaile Uí bhFíodhcháin. Tá sé sa tseanchas gurab é Domhnallach Bhaile Uí bhFíodhcháin a rinne príosúnach dhe acht le cabhair ó mhinistéar Protustúnach na h-áite, d’éirigh leis an sagart na cosaí a thabhairt saor leis agus éalódh as an bpríosún.

Cuireadh an tóir ní ba géire air annsin agus b’éigean dó dhul ar a sheachaint agus glanadh leis as Baile Uí bhFíodhcháin. Ar Acaill a tharraing sé mar bhí baramhail aige go mba é an áit ba sábháilte dhó é. Thiar ar an tSléibh Mhóir a chaith sé an chuid ba mhó de’n am agus é i bhfolach i bpluais atá ar thaobh an tsléibhe. Tá an phluais sin ann go fóill acht nár mhór do dhuine eolas cruinn a bheith aige ar an áit shul a bhfághadh sé amach é. Thiocfadh leis an sagart a bheith annsin i gcaitheamh a shaoghail i ngan fhios do lucht an dligheadh acht go raibh an áit an-fhada suas ó’n mbaile agus ba deacair biadh nó eile a thabhairt suas ann i ngan fhios. Ina cheann sin bhí an t-uaigneas agus an cruadhtan ag goilleadh ar shláinte an tsagairt go mb’éigean dó an phluais a fhágáil agus a theacht anuas imeasg a mhuinntire agus chuig an gcómhluadar. Chaith sé tamall maith ar cuairt ag gaolta a bhí aige i mBaile Chruaich go dtí go ndeacha an sgéal amach go raibh sé ann agus go dtáinig cipe de shaighdiuirí an Bhiongamaigh as Iorrus go Baile Chruaich ar a lorg.

Fairíor, ní raibh lá ariamh nach raibh Gaedhil le fagháil a chuir dúil i n-airgead na spiadóireachta agus gan lá cotuighthe ná náire ortha mionna séanta a ghlacadh i n-aghaidh a dtíre agus a gcreidimh. Bhí siad le fagháil an t-am sin chomh maith agus ní díoghbháil dúthrachta a bhí ar chuid aca an sagart a chur dh’á chois agus cé gur gabhadh ar deireadh é ní spiadóireacht ba chionntach leis.

Nuair a fuair sé an t-eolas agus é i mBaile Chruaich go raibh na saighdiuirí ag tarraingt air, d’fhág sé an áit agus stop ná cómhnuidhe ní dhearna sé gur shroich sé Tóin a’ tSean-Bhaile i nAcaill. Ba gearr a bhí Baile Chruaich fágtha aige nuair a shroich na saighdiuirí é, acht ar ndóigh ní raibh an sagart le fagháil. Bhraith siad gur ar Acaill a thug sé a aghaidh agus siar leo ag cuartughadh ’chuile theach ar an mbealach siar. Bhí an tAthair Mághnus faoi seo i bhfolach i nGob a’ Cháirn, i dteach a raibh sean-bhean a raibh lúb gaoil aige dhi ina cómhnuidhe ann. Tráthamhail go leor, chonnacthas na saighdiuirí ag déanamh ar an mbaile agus cé go mba mhaith a bhí fhios ag muinntir an bhaile go gcuartóchaidhe ’chuile theach, ní raibh caoi ná bealach éaluighthe as an mbaile ag an tsagart. Nuair a bhí na saighdiuirí ag tarraingt ar theach na sean-mhná suas leis an tsagart ar lota a bhí i n-éadan an tighe áit a ndeacha sé i bhfolach faoi chochan a bhí ann.

Níor bhaileach i bhfolach thuas é nuair a bhí na saighdiuirí istigh i bhfud na bhfud sa teach ag cuartughadh agus ag rannsughadh. Níor fhág siad áit ann nár chuartuigh siad acht amháin an lota. Amach leo annsin le dul go dtí an chéad teach eile acht nuair a bhí an duine deiridh dhíobh ag an doras ar a bhealach amach loisg sé urchar suas ar an lota.

"Ó, Dia ’ghá réidhteach," arsa an tsean-bhean, "tá an tAthair Mághnus marbh."

Ar ndóigh, ba é an chaoi ar sgiorr na focla sin uaithi acht d’fhág na focla céadna an sagart gabhtha, mar thuig cuid de na saighdiuirí Gaedhilg. D’fhill siad ar ais isteach agus chuartuigh siad an lota agus fuair siad an sagart.

Mar atá ráidhte, b’iad saighdiuirí an Bhiongamaigh a ghabh é agus tugadh é ina phríosúnach go caisleán an Bhiongamaigh i nIorrus. Ina dhiaidh sin tugadh ar ais é go Baile Uí bhFíodhcháin áit a rabhthar le n-a chrochadh. Ar an mbealach go Baile Uí bhFíodhcháin dóibh d’iarr an sagart deoch ortha. Bhí duine de na saighdiuirí ag teacht le deoch chuige nuair a bhuail duine eile an soitheach le cic gur dhóirt sé an deoch.

"A Mhic Uí Mhurchadha," arsa an sagart leis an té a bhí ag teacht leis an deoch chuige, "tá saoghal fada le séan rómhat-sa agus Flaitheas Dé ar deireadh. Acht, a ghiolla úd a dhóirt an deoch, ní bhéidh an chos sin leat go dtí an uaigh."

B’fhíor dhó. Chómhnuigh Mac Uí Mhurchadha ag Áit Tighe Chonáin cómhgarach do Bhéal a’ Mhuirthid ina dhiaidh sin agus fuair sé saoghal séanmhar sonasach. Bhí sé céad agus dhá bhliadhain déag d’aois nuair a fuair sé bás, agus tá cuid dh’á shliocht i nÁit Tighe Chonáin go fóill. Acht an fear eile, thoisigh an chos ag lobhadh agus seal gearr ina dhiaidh sin thuit sí lobhtha ó’n gcolainn.

Tugadh an sagart go Baile Uí bhFíodhcháin agus réidhtigheadh le n-a chrochadh. Lá aonaigh sa mbaile mór a bhí ann agus bhí na sráideanna dubh le daoine. Ar chrann-meadhchain an mhargaidh a bhí an sagart le crochadh agus chruinnigh na daoine uilig thart ar an áit agus deirtear go rabhthar le iarraidh a thabhairt leis an tsagart a shaoradh acht chómhairligh sé dhóibh a bheith go ciuin, go raibh sé ag fagháil bháis ar shon a thíre agus a chreidimh, agus dh’á mbéadh a rogha féin aige go mb’in an bás a b’annsa leis. Nuair a bhí sé thuas ar an gcroich agus an rópa ag dul faoi n-a mhuinéal, labhair duine de na saighdiuirí, agus le teann fonamhóide agus magaidh dubhairt sé:

"Is árd atá splíonach sagairt indiu."

"Fainic," arsa an tAthair Mághnus ’ghá fhreagairt, "tiocfaidh do lá féin agus ní bhéidh fhios ag aoinne cé’n sórt bás a gheibhfeas tú."

Lytell a b’ainm do’n tsaighdiúr a bhí ag magadh faoi’n tsagart agus tamall gearr ina dhiaidh sin cailleadh é ar an tsléibh i n-aice le Tóin ré Gaoith, gan fios ag aoinne céard a thárla dhó.

Ba é an chéad tuairisg a fuarthas ar a bhás, na madaidh a fheiceál ag teacht anuas taobh an tsléibhe agus cnámha daonda leo. Thoisigh an cuartughadh annsin agus fuarthas an corp. D’aithnigheadh éadaighe an fhir acht ba bheag de’n cholainn a bhí fágtha. Níor dearnadh a dhath acht uaigh a dhéanamh san áit a bhfuarthas an corp agus é a chur ann san áit a bhfuil an uaigh go n-a leacht le feiceál indiu.

Crochadh an tAthair Mághnus ar chrann-mheadhchain an mhargaidh i mBaile Uí bhFíodhcháin ar an ochtmhadh lá de Mheitheamh sa mbliadhain 1799, i n-aois a shé bhliadhna déag agus fiche. Tá sé curtha i roilig Bhuirgéis Umhaille i n-éinfheacht le n-a athair agus le n-a mháthair. Nuair a bhí an tAthair Mághnus ina shéiplíneach i mBaile Uí bhFíodhcháin, d’fhág a athair agus a mháthair Acaill agus chuaidh siad ina gcómhnuidhe go Baile Uí bhFíodhcháin, áit a bhfuair siad bás. Seo i n-ár ndiaidh dán atá le fagháil i nIorrus faoi’n Athair Mághnus Mac Suibhne:

 

1

Tá a cholann sa talamh

Is a anam i bhFlaitheas,

Faoi chúram na n-aingeal,

Na n-asbal is na naomh;

Is gan cosg le n-a theangaidh,

Acht ag agairt na Tríonóide,

Éire a shaoradh

Ó ghangaid ’s baoghal.

2

Tá an Mhaighdean ina fhochair,

Agus Seosamh a céile

Ag éagcaoint go fabharach

Leathtrom na nGaedheal

Atá faoi dhuibheachan creidimh,

A tháinig go hÉirinn,

I soisgéal neamh-thairbheach,

I nGall-bhriathra béil.

3

Crochadh an sagart,

Is céasadh na céadta,

Marbhuigheadh na mílte

Le géar-smacht ’s crádh,

Nuair nár thréig siad a gcreideamh

Ar thoiseach na féile,

Is an Mhaighdean a shéanadh

Ar shon pálaighe mná.

4

Bhí an soisgéal seo i bhfolach

Ó aimsir na Páise,

Go dtí tráth an tsean-phéintéir

Ag fimíneach tréan,

Gur bhrostuigh an donas é

A dhul i n-aghaidh an Phápa,

Agus an Bíobla a athrughadh

’Réir a dhroch-smaointe féin.

 

Tá an sgéal uilig faoi bheatha agus bás an tsagairt Ghaedhealaigh agat anois, a léightheoir, chomh cruinn agus fuair muid féin é agus ó thárla ag trácht ar shagairt muid, bhéarfaidh muid duit anois sgéal a fuair muid faoi shagart eile a thug a anam ar shon an chreidimh i nAcaill san am fadó. Ba é an seanchaidhe céadna, go saoghluighidh Dia é, a thug an sgéal seo dhúinn chomh maith, agus d’fhág sin go raibh sé mall go maith an oidhche sin nuair a d’fhág muid Dúmhach Cinn Aille, acht má bhí féin ní raibh lá aithreachais orainn faoi, mar go raibh stór maith seanchais againn ó Mhac Uí Ghallachubhair, an seanchaidhe.

 

 

CAIBIDIL X

I n-aimsir na bPéin-Dlighthe - An tAthair Ó Gallachubhair - É ar a sheachaint - An spiadóireacht - An feall - A bhás.

"I bhFAD ó shoin nuair a bhí na Dlighthe Pianamhla ina lán-neart i nÉirinn agus an tóir ar chléir na tíre, bhí duine de na Gallachubhair as Acaill ina shagart suas amach an tír. Acht nuair a tháinig an tóir i gceart ar na sagairt b’éigean dó a pharáiste féin a fhágáil agus imtheacht ar a sheachaint. Tharraing sé siar ar Acaill, a áit dhúthchais, agus é ar intinn aige fanacht ann faoi choim go dtigeadh maolughadh ar ghéire na ndlighthe agus athrughadh ar an tsaoghal.

Bhí driotháir dó a bhí pósta ar mhnaoi as Tír an Áir ina chómhnuidhe i nDubh Acha thiar i n-iarthar Acla agus b’ar an driotháir seo a tharraing an sagart. Chuir sé sgéal roimhe chuig a dhriotháir go raibh sé le teacht agus bhí ’chuile nidh socruighthe ag an driotháir nuair a tháinig an sagart. Socruigheadh go bhfanfadh an sagart i bhfolach i bpluais a bhí ins na h-alltracha móra atá thiar ag fíor-iarthar Cheann Acla agus go dtiúbharfadh an driotháir biadh, deoch agus aon nidh eile a bhéadh ag teastáil uaidh chuige. Bhí an sagart sásta leis an tsocrughadh seo agus nuair a shroich an sagart Dubh Acha, siar leo beirt faoi dhorchadas na h-oidhche gur teasbáineadh do’n tsagart an phluais a bhéadh mar áit chómhnuidhthe aige go ceann sgathaimh.

Pluais í atá ag dul i bhfad isteach i n-éadan na h-aille agus í timcheall leath bealaigh idir barr na h-aille agus an fhairrge thíos. Níl acht áit amháin ann a dtiocfadh le duine a dhul síos chomh fada leis an bpluais ó bharr na h-aille agus bealach é a bhfuil contabhairt mhór ann do’n té a bhfuil eolas aige air, gan trácht ar an mbaoghal atá ann do’n strainséar. Níl a fhios i gceart ag aoinne c’fhad isteach san aill atá an phluais seo ag dul. Tá an béal réasúnta árd acht nach bhfuil sé thar ceithre troighthe ar leithead san áit is leithne. Áit iongantach uaigneach é gan teach ná cómhnuidhe faoi neasacht dhá mhíle dhó agus gan bóthar gan bealach siar chuige, acht criathrach agus bogach, turtógach, fliuch idir an aill agus Baile Dhubh Acha. Thiar annseo a bhí an sagart le fanacht san áit nach raibh a dhath le clons aige acht greadadh agus buarfadhach na dtonn i n-aghaidh na h-aille oidhche agus lá, sin agus síor-sgréachaghail chaointeach na n-éanlaith mara, a bhfuil an áit beo leo.

Ó’n áit iargcúlta seo théigheadh an sagart amach de shiubhal oidhche ag freastal agus ag friotháil ar mhuinntir na mbailte thart air agus d’fhilleadh sé ar ais roimh an maidneachan go dtí a phluais féin. Ní raibh fhios ag neach beo san áit cá raibh an sagart i bhfolach, acht ag a dhriotháir féin amháin. Chongbhuigh seisean an rún seo ó n-a mhnaoi féin cé gur mhinic a cheistnigheadh sí é, cá mbíodh a thriall nuair a d’fheiceadh sí é ag imtheacht ’chuile oidhche, mórán, le biadh. Ba chuma cé’n cineál aimsire a bhíodh ann ní dhearna an driotháir ceann-fhaillighe ar an tsagart, agus ba roimhe a bhíodh an fháilte. Ní bhíodh sgéal ag imtheacht nach mbíodh leis chuig an tsagart agus d’innsigheadh an sagart dó a chuid eachtra féin, na daoine ar chuir sé an Ola Dheireannach ortha, iad seo ar bhaist sé leanbh dhóibh agus ar ndóigh iad seo ar chuir sé ceangal an phósta ortha.

Nuair a bhí an sagart corrlach le bliadhain sa bpluais bhí corr-spiadóir ag teacht isteach go hAcaill, mar chuaidh an sgéal amach ar chaoi eicínt go raibh an tAthair Ó Gallachubhair i bhfolach ann i n-áit eicínt. Bhí imnidhe ag teacht ar dhriotháir an tsagairt faoi seo, go mór mhór nuair a chuala sé fuagraithe é go raibh suim mhaith airgid le fagháil ag an té a bhéarfadh eolas do lucht an dligheadh cé’n áit a raibh an sagart i bhfolach. Acht ina dhiaidh sin níor loic sé pioc uair ar bith gan freastal ar an tsagart le biadh agus gach a mbíodh de dhith air.

B’iomdha sin uair ar chuir sé fainic ar an tsagart agus ar chómhairligh sé é gan a bheith ró-dhána agus gan a bheith ag dul amach imeasg na ndaoine acht díreach nuair a bhéadh an call go géar leis. Mhínigh sé dhó go mion agus go minic an baoghal a raibh sé ’ghá chur féin ann agus an cathughadh mór a bhí san airgead agus chomh géar agus a bhí lucht an dligheadh ar lorg eolais. Ghlac an sagart a chómhairle agus ina dhiaidh sin ba rí-annamh a d’fhágadh sé a phluais chor ar bith acht amháin le cead a dhriothára.

Timcheall an ama seo tháinig cipe saighdiuirí go hAcaill agus chuir siad fútha i n-aice le Gob a’ Choire. Deirtear gur i n-aon turas leis an tsagart a ghabhadh a tháinig siad acht deirtear fútha chomh maith nach raibh siad ró-ghéar ná ró-dhúthrachtach ar a thóir. Rud eile, ó’n chéad lá ar casadh an tAthair Ó Gallachubhair ar a sheachaint go hAcaill ní féidir an spiadóireacht ná an fheallacht a chasadh le aoinne de thógáil an oileáin. Duine ar bith a chleachtuigh an obair úir-íseal seo ar an oileán ba strainséar san áit é agus tá sé sin sa tseanchas ó cheann ceann an oileáin go dtí an lá indiu. Ba rí-mhaith a bhí a fhios ag na saighdiuirí go raibh an sagart i bhfolach i n-áit eicínt ann acht níor chuir siad lá stróimh ortha féin ’ghá thóruidheacht oidhche ná lá agus do réir mar innstear, níor lúgha leo an deamhan féin ná iad seo a bhí ag déanamh na spiadóireachta.

Acht cébí ar bith, maidean amháin d’éirigh driotháir an tsagairt i bhfad roimh an lá le dul go dtí an phluais ar cuairt chuig a dhriotháir. Níor thúisge glanta as an teach é ná bhí a bhean ina suidhe. Lean sí a fear i ngan fhios dó go bhfeiceadh sí céard a bhí ar bun aige. Ar ndóigh níor bh’fhada go bhfuair sí fios fátha na moich-éirghe agus nuair a fuair, ar ais léithe agus stop ná moill ní dhearna sí gur bhain sí bearaic na saighdiuirí amach agus gur innis sí dhóibh gach a bhfaca sí ó thús go deireadh. Níor shásuigh an méid sin í, mar d’fhan sí go raibh na saighdiuirí réidh agus threoruigh sí iad go barr na h-aille, áit ar shroich siad le fochraighe an lae.

Thíos sa bpluais bhí an driotháir ag fágáil sláin ag an tsagart agus ag cómhairliughadh dhó a bheith ar a aire go géar agus nár bhaoghal dó. Ba bheag a shíl ceachtar de’n bheirt go raibh an fheall déanta agus go raibh na saighdiuirí faoi seo ag barr na h-aille. Nuair a bhí an driotháir cúpla slat nó trí amach ó bhéal na pluaise ar a bhealach aníos, h-óbair go dtuitfeadh an t-anam as nuair a chonnaic sé anuas chuige na saighdiuirí, agus chomh fada agus ba léar dó le marbh-sholas na maidne, bhí na sgórtha aca ar bharr na h-aille thuas.

Níor bh’fhéidir leis a dhath a dhéanamh acht glaodhach i n-árd a ghutha ar an tsagart thíos, ag rádh leis a bheith amuigh go beo, go raibh an tóir sa mullach air. Tháinig an sagart go béal na pluaise agus nuair a chonnaic sé chuige anuas na saighdiuirí, ba mhaith a bhí a fhios aige go raibh a chaisgín meilte, mar nach raibh bealach éaluighthe aige. I ndiaidh breathnughadh suas dó ar lucht an dligheadh, d’fhéach sé síos san áit a raibh an fhairrge ’ghá caitheamh féin gan trócaire i n-aghaidh na gcarraigeach thíos. Thuig sé ar an móiméad nach raibh aige acht rogha an dá dhíogha, sé sin fanacht go dtigeadh na saighdiuirí fhad leis, nó é féin a chaitheadh le fánaidh síos san aibéis. Mheas sé go mba trócaraighe iad na tonnta fuara féin ná na saighdiuirí, agus seo é de léim síos san uisge ag brath snámh amach go carraig a bhí leith-mhíle nó mar sin amach uaidh. Chonnaic na saighdiuirí é thíos san uisge agus é ag carraidheacht go tréan leis na tonntracha agus bhí cineál faitchís ortha go n-éireochadh leis imtheacht uatha. Níor mhaith leo urchar a chaitheamh leis agus é sa tsnámh, mar dá marbhuighthí san uisge é ní bhéadh aon chruthughadh aca-san le tabhairt gur dearnadh an gníomh.

Ghlaoidh siad ar an tsagart filleadh ar ais agus gheall siad dó nach n-imreochadh siad aon fheall air agus go leigfeadh siad saor le n-a anam é. D’fhill sé. Ar an dá luathas ’s ar leag sé cos ar an gcarraig rug siad air agus thug go barr na h-aille é. Bhí a dhriotháir gabhtha annsin aca agus é ag féachaint ar an obair ar fad. Níor thúisge an sagart ar bharr na h-aille aca ná sgoith siad an ceann de gan truaigh gan trócaire, gan cúirt gan cuisne.

Níor shásuigh an méid sin iad. Chas siad leis an driotháir go raibh seisean ag cabhrughadh le duine a bhí ag iarraidh éalughadh ó’n dlighe agus thug siad leo ina phríosúnach é. Cuireadh an dlighe air agus cuireadh thar sáile go deo é. Níor leag sé súil ar Acaill ní ba mhó. Thug na saighdiuirí ceann an tsagairt leo acht d’fhág siad an cholann annsin ar an mbán ina ndiaidh. Ba chuma leo acht an cruthughadh a bheith aca gur cuireadh an sagart dh’á chois.

Amach faoi mheadhon lae fuair muinntear na h-áite sgéal faoi gach ar thárla ag an bpluais agus barr na h-aille agus tháinig siad gur thug siad colann an tsagairt leo. I ndiaidh tórramh mar ba chuibhe a dhéanamh air cuireadh é i roilig Chill Cholmáin ag bun na Sléibhe Móire.

Ó’n maidin sin ní raibh trácht ná tuairisg ar bhean an driothára ar an oileán, acht amháin gur innis na saighdiuirí gurabh ise a thug an t-eolas dóibh agus go bhfuair sí luach a saothair. Bhí beirt chlainne aici acht breathnughadh siar ortha ní dhearna sí. Bhíodh siad ar aimsir anonn agus anall ag muinntir an oileáin gur fhás an bheirt aca suas. Nuair a tháinig ann dóibh i gceart d’imthigh siad leo ar nós an tsrotha, gan filleadh ar Acaill ní ba mhó.

Bhí sé soiléir go raibh bród ar an tseanchaidhe faoi go mba sagart dh’á shloinneadh féin a bhí i gceist aige sa sgéal mar go mba mhinic a thug sé le fios dúinn go mba duine de na Gallachubhair é, agus a bheag nó a mhór de’n mhaoidheamh le n-aithneachtáil air chomh maith.

"Bhfuil aon chruthughadh nó comhartha anois thiar ag na h-alltracha sin gur marbhuigheadh an sagart ann?" arsa Micheál leis.

"Tá díreach," ar seisean, "cruthughadh a mhairfeas fhad is beo duine i nAcaill. Tá ‘Pluais an tSagairt’ go fóill ann le feiceál ag feara Fáil agus leanfaidh an t-ainm sin dó go deo. Ina cheann sin tá carraig amach sgathamh san bhfairrge ó bhéal na pluaise agus ‘Léim an tSagairt’ a tugtar uirthi. Deirtear go mb’in í an charraig a raibh dúil ag an tsagart snámh amach chuici nuair a ghlaoidh na saighdiuirí air filleadh."

D’fhág muid slán ag Mac Uí Ghallachubhair i ndiaidh ár mbuidheachas a ghabháil go fial leis agus tharraing muid siar ar an gCaol aríst, áit ar fhan muid an oidhche sin. Ba mhall a chodluigh muid an oidhche chéadna mar bhí muid ag cíoradh agus ag spíonadh gach a raibh cluinte agus feicthe againn ar feadh an lae, agus ag leagaint amach céard a b’fhearr a dhéanamh ar maidin. Ar an gcaoi sin níor airigh muid go raibh sé amach doimhin san oidhche nuair a chuaidh muid a chodladh.

 

 

CAIBIDIL XI

Gráinne Ní Mháille - A bunadh - Na Flaithbheartaigh - Na Máilligh - Na Búrcaigh - Eachtra Ghráinne - "Diabhal an Chorráin" - "Caiptín Ó Máille."

BHÍ duine cáileamhail eile ar chuala muid sgéalta fánacha fúithe ó am go h-am agus ba mhaith linn cunntas réasúnta iomlán a fhagháil fúithe shul a bhfágadh sinn Acaill. Gráinne Ní Mháille, nó mar a tugtar uirthi go minic sa tseanchas, "Bainríoghan an Iarthair," atá i gceist againn. Chuala muid ’chuile lá ariamh go raibh dlúth-bhaint aici le Acaill agus le iarthar Chonndae Mhuigheo, agus ó casadh san áit muid, shocruigh muid a tuairisg a chur.

D’éirigh linn go seoigh. I n-uachtar Acla, thart ar Chill Damhnait agus an Corrán, a fuair muid a bhfuil de sheanchas annseo fúithe, gan cur leis ná baint de, acht a bhreacadh síos mar a fuarthas é ó shean-daoine anonn agus anall ins an gceanntar sin. Ar ndóigh cuireadh eagar ar an tseanchas sin shul ar breacadh síos é, agus bíodh an fhírinne ann nó ná bíodh tuigfidh an léightheoir uaidh gur fada siar a théigheas seanchas na sean agus gur ádhbhar iongantais é an chaoi a dtáinig sé anuas chugainn ó ghlúin go glúin gan mórán cabhrach ó leabhra ná láimh-sgríbhinní, mar go mba bheag dhíobh sin a bhí le fagháil, agus dhá mbéadh féin ba fíor-chorr-dhuine de na seanchaidhthe a bhí i n-ann léigheadh, ná aon mheabhair a bhaint as leabhra.

Le linn Eilís a bheith ina bhainríoghain ar Shasana, bhí, i n-iarthar Chonnacht, bean chalma ar a dtugtaoi Gráinne Ní Mháille. B’inghean do Eoghan Ó Máille í agus bhí "Dubh-Darach" mar leas-ainm air-sean. Bhí cabhlach láidir ar an bhfairrge aici ó Oileáin Árann go cuan Dhún na nGall agus ar fhad an chósta sin tá, annseo agus annsiúd, fothracha na gcaisleán a bhí aici.

Gadaidhe mara a b’eadh a h-athair agus a shinnsear roimhe agus bhíodh Gráinne leis i gcómhnuidhe agus ar an gcaoi sin fuair sí eolas ar mhairnéalacht. Cailleadh a h-athair nuair a bhí Gráinne timcheall naoi mbliadhna déag d’aois agus ghlac sise an tsrian annsin agus rinneadh ceannphort ar lucht leanamhna an athar di. Uaidh sin amach thugtaoi Bainríoghan an Iarthair uirthi. Níltear cinnte cé mhéad soitheach a bhí aici ná cé’n cineál a b’eadh iad acht ó’n tseanchas, is cosamhail nach raibh mórán méid ionnta, mar teasbántar go fóill na clúideanna agus na céabhanna a mbíodh siad ar fasgadh ionnta, agus dhá mba soithigh mhóra iad ní bhéadh áit aca ins na clúideanna seo ná a sáith uisge aca ionnta. Mar atá ráidhte bhí go leor caisleán aici, cuid aca ar an móir-thír agus cuid eile ar na h-oileáin atá ar chóstaí Mhuigheo agus na Gaillimhe. Bhí ceann láidir aici i nOileán Chliara, áit a bhfuil sí curtha. Bhí ceann eile aici i n-íochtar Bhaile Chruaich; caisleán Dhún Átha a tugtar air, acht bhí an ceann ba láidre ar fad aici ag Carraig a’ Chabhlaigh i n-aice le Ros Tuirc i gConndae Mhuigheo.

Mhair sí ins an aois a mbíodh an ghadaidheacht ar muir ar siubhal go tréan agus san am a mbíodh earraidhe dh’á smugláil isteach go iarthar na hÉireann ó’n bhFrainnc agus ó’n Spáinn agus ó thíortha eile chomh maith. Bhíodh Gráinne agus a cabhlach san áirdeall ar na longa smuglála seo agus ghlacadh sí seilbh ar gach ceann dhíobh dá gcastaoi uirthi. Dhíoladh sí féin na h-earraidhe sin aríst agus dhéanadh sí go maith ortha.

Acht ní ar luingeas na Spáinne ná na Frainnce a bhí an tóir uilig aici. Ba iomdha fogha a thugadh sí faoi luingeas tráchtála Shasana chomh maith. Bhí sí ag déanamh creacha chomh mór sin ar thráchtáil Shasana san iarthar gur thairg riaghaltas na tíre sin £500 le n-a gabhadh acht b’in an cúig céad punt nár éirigh le aoinne a shaothrughadh. Bhí Gráinne faoi’n tráth seo i gcaisleán a bhí aici i gConamara agus thug cipe de shaighdiuirí Shasana a bhí i nGaillimh fogha faoi’n gcaisleán acht i ndiaidh a bheith ag dul dó ar feadh coicighíse, b’éigean dóibh tabhairt suas agus Gráinne a fhágáil mar a bhí sí.

Bhí sí pósta faoi dhó. Domhnall Ó Flaithbheartaigh a b’ainm do’n chéad fhear a bhí aici. Ba duine de Fhlaithbheartaigh mhóra Chonamara é agus fear a bhí tugtha do chogadh agus do achrann chomh mór léithe féin. Níl aon eolas gur fiú le fagháil ó sheanchaidhthe Acla ar an bhFlaithbheartach i ndiaidh an phósta. Nuair a cailleadh é phós sí duine de na Búrcaigh a raibh go leor de Ghaillimh agus deisceart Mhuigheo aige. Ar an gcaoi sin fuair sí an chúmhacht agus na caisleáin a bhí aici, ní h-é amháin i n-iarthar Mhuigheo acht i gConamara chomh maith. Timcheall na bliadhna 1576 a phós sí an Búrcach, agus cé nár réidhtigh siad beirt le chéile, throid siad go dian dúthrachtach i n-aghaidh an tSasanaigh. Ar chuma ar bith, innstear sa tseanchas gur cuireadh an dara pósadh ar neamhnidh acht bhí cuid mhór de chúmhacht an Bhúrcaigh ag Gráinne.

Bhí go maith go dtáinig an Biongamach go Connacht mar uachtarán ar an gcúige. Bhí Gráinne ar cheann de na náimhde ba chúmhachtaighe a bhí roimhe agus fhad agus bhí sí i n-ann, níor leig sí dhó greim a fhagháil go bog ar chuid ar bith dh’á dúthaigh. Acht nuair a thuit sí féin agus a fear amach, is cosamhail go raibh sí ag cailleadh cúmhachta ina dhiaidh sin, mar tháinig sí le cur fúithe ins an gcaisleán a bhí aici ag Carraig a’ Chabhlaigh. Thug sí suas an troid agus sgathamh ina dhiaidh sin ghlac an Biongamach seilbh ar mhaoin agus ar thalta Ghráinne agus gheall sé dhi nach mbacfadh sé léithe dá ngéilleadh sí dhó. Bhí imnidhe ar Ghráinne nach raibh acht cur i gcéill i gcainnt an Bhiongamaigh agus chonnaic sí an oiread sin dh’á chuid olcais roimhe sin nach raibh aon mhuinighin aici as. D’fhág sí Connacht annsin agus stop ní dhearna sí gur shroich sí Cúige Uladh. D’fhan sí annsin sgathamh maith faoi chosaint mhuinntir Dhomhnaill acht bhí sí ina mnaoi bhoicht anois gan cúmhacht ná saidhbhreas aici.

h-é go leor eolais atá againn san tseanchas fúithe fhad agus bhí sí i gCúige Uladh acht is cosamhail gur fhill sí go Connacht agus gur thoisigh sí ar an tsean-cheird aríst, ag gaduidheacht ar an bhfairrge agus ag troid i n-aghaidh chabhlaigh Shasanaigh am ar bith a bhfuair sí an deis. Níl fhios i gceart cé’n chaoi a bhfuair sí an luingeas ná an gléas troda i ndiaidh theacht ó Chúige Uladh dhi acht tá baramhail ag cuid de na seanchaidhthe gurab iad Domhnallaigh Thír Chonaill a chuir ar na bonnaí aríst í nuair a tháinig siad féin go Connacht. Ar chuma ar bith, bhí cabhlach aici aríst mar d’ionnsuigh siad cuid de chabhlach Shasana ag Oileáin Árann agus fuair sí an bhuaidh ortha. Níltear cinnte cé’n t-am a bhfuair sí bás acht bhí deireadh le n-a réim mar throdaidhe timcheall toiseach na seachtmhadh aoise déag.

Ba duine de na Máilligh céadna an Caiptín Ó Máille sin a bhfuil a chuimhne go glas go fóill thart ar chóstaí Mhuigheo agus ar Chonndae na Gaillimhe agus chomh fada ó dheas le Conndae an Chláir. Bhí sé ina smuglaer cáileamhail agus b’iomdha sin gábhadh a ndeacha sé thríd agus é ag tabhairt luchtaí fíona, síoda, tobac agus earraidhe eile de’n chineál sin anall ó’n Eoraip gan cáin ar bith a íoc. Ba mhinic a bhíodh an tóir go géar air acht níor ceapadh ariamh é. Tráth amháin agus é ina shean-fhear bhí sé ag teacht ó’n Spáinn le lucht nuair a spréach sé ina stoirm air ar chósta Chonamara. Cuireadh i dtír an long agus briseadh ar na cairrgreacha í. Tháinig sé féin agus an fhuireann slán acht níor thaobhuigh sé an fhairrge ní ba mhó. Bochtuigheadh é ina dhiaidh sin go mb’éigean dó dul isteach go teach na mbocht i gCathair na Mart agus b’ann a cailleadh é.

Níl léigheadh ar a bhfuil de sgéalta fánacha ag seanchaidhthe Acla agus Iorruis faoi Ghráinne Ní Mháille, agus mur’ gcuirtear leo san innseacht ní baintear tada dhíobh. Timcheall an ama a raibh sí ina neart thug Eilís, bainríoghan Shasana, cuireadh dhi a dhul anonn chuici ar cuairt. Shíl Eilís go mb’fhéidir go n-éireochadh léithe a dhéanamh le plámás agus bladar an rud a sháruigh uirthi a dhéanamh le lámh-láidir, sé sin géilleadh a bhaint de Ghráinne. Acht níor chríonna an cat ná an coiméad. Bhí baramhail mhaith ag Gráinne cé’n gnaithe a bhí dhi thall agus ar an ádhbhar sin bhí sí réidh leis an bhfód a sheasamh fiú amháin thall i Lunndan.

Ghléas sí a cabhlach agus sgód níor tharraing sí gur bhain sí Lunndan amach. Bhí Eilís lághach go leor léithe acht níor theasbáin Gráinne mórán umhlaidheachta dhi. Ní go ró-shásta a bhí Eilís le iomchur agus neamh-spleádhachas Ghráinne acht nár leig sí sin uirthi. Tharraing sí chuici an plámás ag súil go ngéillfeadh Gráinne acht b’in a raibh dhá bharr aici. Bhí Gráinne chomh teann léithe féin agus bogadh ní dhéanfadh sí. Nuair a bhí sáruighthe ar ghliocas agus bladar Eilíse gheall sí do Ghráinne dá ngéilleadh sí, go ndéanfadh sí bainríoghan fúithe féin di agus go dtiúbharfadh sí saidhbhreas agus talamh dhi. Tháinig ruibh feirge ar Ghráinne nuair a chuala sí sin agus d’ionnsuigh sí Eilís thall ar a h-urlár féin.

"Nach dána an mhaise dhuit é," arsa Gráinne léithe, "a rádh go ndéanfá bainríoghan díom-sa, ná cé’n ceart atá agat a leitheide a rádh? Bhí mise ’mo bhainríoghain rómhat féin agus do dhubhshlán mé a chur faoi smacht. Tusa Bainríoghan Shasana agus mise Bainríoghan an Iarthair agus is beag mo bheann ort."

Leis sin d’fhág sí Lunndan agus d’fhill sí abhaile.

Ar an mbealach abhaile dhi shéid sé ina stoirm agus b’éigean di cur isteach go cuan Bheann Éadair gur leig an stoirm faoi. Chuaidh sí féin agus cuid dh’á h-oifigigh i dtír agus chuaidh chomh fada le caisleán Bheann Éadair. Ar sroichint an chaisleáin dóibh chonnaic siad go raibh na doirsí agus na geataí uilig druidthe mar bhí muinntear an chaisleáin i gcionn a ndinnéar. Ní raibh aon chaoi ag Gráinne le dul isteach agus chuir sin ar mire í mar nach raibh aon chleachtadh aici ar a leitheide de dhoicheall. D’fhill sí síos i dtreo an chuain agus ar an mbealach síos di casadh páiste beag dathamhail uirthi ag spraoidh dhó féin ar mhacha an chaisleáin. San gcainnt a bhí aici leis an malrach fuair sí amach go mba oidhre óg an chaisleáin é. I ngeall ar an doicheall a fuair sí ag an gcaisleán d’fhuaduigh sí léithe an gasúr siar go Conndae Muigheo.

Cuireadh an tóir uirthi acht dhiúltuigh sí an gasúr a thabhairt ar ais go ngealltaoi dhi go bhfágfaidhe doirsí agus geataí an chaisleáin fosgailte ag tráth béilithe agus fáilte agus féile a bheith le fagháil ann ag "taistealaidhthe thriallta an róid" ina dhiaidh sin. Deirtear gur tugadh an gheallamhaint agus go raibh áit ar leith san gcaisleán a mbéadh biadh le fagháil i n-aisge ag aoinne a chasfaidhe an bealach le linn béile a bheith ar siubhal ag muinntir an chaisleáin.

Bhí caisleán, nó dún-phort aici i gCill Damhnait, an t-aon cheann amháin a bhí aici ar an oileán. I n-uachtar Acla atá sé, nó na fothracha anois, ba chóra a rádh agus é déanta ar bhord an chuisle fairrge atá ag deighilt an oileáin ó’n mhóir-thír. Níl fágtha indiu acht giota de’n túr chearnógach a bhí air, acht ó’n méid sin féin is soiléir go raibh eolas a gceirde ag na saortha a rinne i dtoiseach é agus go mba dún daingean é ina lá. Ó’n tseanchas agus ó na fothracha bhí sé timcheall céad agus trí sgór troigh ar fad ina éadan acht ní féidir a bheith cinnte faoi’n leithead mar go bhfuil cuid de na fothracha sguabtha ar siubhal ag an bhfairrge, acht thiocfadh dhó nach raibh ins an gcuid seo acht balla an chlóis. Má b’í Gráinne féin a thogh an áit is soiléir go raibh dúil aici san áilneacht. Ba doiligh áit ní ba deise a fhagháil ar an gcuisle sin ó Bhéal a’ Bhuláin go Béal na gCliath, ná Cill Damhnait. Is breágh an radharc é lá breágh samhraidh acht go mór mhór sa tráthnóna nuair a bhíonn sgáilí an chaisleáin agus na gcnoc ar a chúl le feiceál san uisge. Acht más deas an radharc é indiu, níl aimhreas ná go mba deise i bhfad é nuair a bhí an caisleán ina sheadh agus cabhlach Ghráinne ar ancoire faoi n-a sgáth.

Is féidir an rud céadna a rádh faoi’n gceann a bhí aici i nDún Átha i n-íochtar Bhaile Chruaich. Ní mór nach é an déanamh céadna a bhí ortha chomh maith, do réir mar a feictear ó na fothracha indiu. Agus rud eile, is beag nach é an déanamh agus an chuma chéadna atá ar an ngiota atá ina sheasamh de’n dá cheann go fóill. Tá an ceann i nDún Átha déanta ar bhord Chuan an Fhóid Dhuibh san áit a dtéigheann an Abhainn Mhór i bhfairrge. Deirtear go raibh tóchar nó bealach déanta ó’n gcaisleán treasna béal na h-aibhne go dtí an taobh thall agus go bhfuil rian an tóchair sin le feiceál go fóill amuigh ag íochtar láin, nuair a bhíonn sé ina dhíth-thráigh.

Ar chuma ar bith is cosamhail ó’n tseanchas go raibh réim na Máilleach mar thaoisigh i nAcaill agus i nÚmhaill thart nuair a cailleadh Gráinne. Mar atá ráidhte, tháinig easaontas idir na Máilligh agus na Búrcaigh nuair a sgar Gráinne agus a fear, "Risteard an Iarainn" mar a thugtaoi air, ó chéile. Lagaigh sin na Máilligh go mór agus nuair a tháinig an Biongamach go Connacht ní raibh na Máilligh ina líon-chatha dhó, cé nár leig siad ordlach leis go bog gur sáruigheadh ortha.

Timcheall an ama a dtáinig an Biongamach go Connacht bhí taoiseach tréan calma i gCorrán. Ba duine de shliocht na Máilleach é agus tá baramhail ag cuid de na seanchaidhthe go mba mac ar dhíomhaoineas do Ghráinne é. Deir cuid eile go mba driotháir dhí é acht cébí sin de, níl aimhreas nach raibh sé ann, mar is iomdha seanchas atá faoi san gceanntar sin. "Diabhal an Chorráin" a bhí mar leas-ainm air agus más ion-chreidthe an seanchas faoi, ba treoraidhe glic agus saighdiúr calma a bhí ann.

Nuair a tháinig na Brúnaigh go Conndae Mhuigheo i dtoiseach shocruigh siad i ndeisceart an chonndae agus nuair a bhí siad bunaighthe i gceart annsin tugadh Acaill, mar a bhí sí an tráth sin, dóibh. Chuala Seán Brún, sé sin an chéad duine dhíobh a tháinig, chuala sé trácht ar "Dhiabhal an Chorráin" agus shocruigh sé searsa a thabhairt go hAcaill ag súil go mbainfeadh sé géilleadh de "Dhiabhal an Chorráin" agus go gcuirfeadh sé an ríoghacht sin faoi smacht. Chuala taoiseach an Chorráin go raibh an Brúnach le teacht agus thoisigh sé féin ag stócáil agus ag réidhteach mar nach raibh dúil aige aon chuid dh’á ríoghacht a leigint uaidh go bog. Nuair a fuair sé an sgéal go raibh an Brúnach ar bhealach ag teacht, chruinnigh sé féin a arm agus chuaidh sé i n-airicis an Bhrúnaigh.

Casadh an dá arm ar a chéile ag Tír an Áir, áit atá ar an taobh thoir de Mhaolraithnighe. Tugadh cath fuilteach fíochmhar annsin a mhair trí lá agus deirtear nach bhfuil léigheadh ná innseacht ar an tsléacht a rinneadh ann. Bhí an bhuaidh ag "Diabhal an Chorráin" acht má bhí, cheannuigh sé go daor é. Rinneadh príosúnach de Sheán Brún agus crochadh é ar an gcnoc cómhgarach do’n áit a bhfuil an teach phobail i dTír an Áir anois. Níor thug na Brúnaigh iarraidh eile ar Acaill go ceann céad bliadhan ina dhiaidh sin. Tá furmhór na seanchaidhthe ar aon intinn gur i ngeall ar an marbhughadh agus an sléacht a rinneadh san gcath sin a fuair an áit sin an t-ainm atá air.

Bhí caisleán láidir ag na Búrcaigh ar oileán ar Loch Measga. Caisleán na Caillighe a b’ainm dhó agus d’ionnsuigh an Biongamach é. San tráth sin bhí na Máilligh agus na Búrcaigh guala ar ghualainn le chéile agus iad ag tarraingt go maith le chéile agus gan aon dúil aca bheith faoi ghéilleadh ag Sasana. Ba é "Diabhal an Chorráin" a bhí ag cosaint an chaisleáin a bhí ar an oileán agus cé gur chaith an Biongamach a dhícheall go dúthrachtach le n-a bhaint amach, sháruigh air. Bhí an lá le "Diabhal an Chorráin" agus b’éigean do’n Bhiongamach glanadh leis.

Más fíor gach a n-innstear faoi "Dhiabhal an Chorráin," ní raibh trodaidhe ná ceann catha a b’fhearr ná é san iarthar ariamh. Nuair a ghéill Gráinne féin do’n Bhiongamach, b’fhada ó’n "Diabhal" thabhairt isteach. Laguidheadh go mór é acht ina dhiaidh sin dheamhan géilleadh a dhéanfadh sé. Nuair a baineadh a chuid caisleán agus talaimh dhe ar deireadh, d’imthigh sé leis ar fairrge agus lean sé air ag baint fogha agus ag déanamh creacha ar an námhaid gach uair d’á bhfuair sé an deis gur báitheadh é ar deireadh i n-aice le Béal na gCliath idir Acaill Bheag agus Corrán.

h-ionann an tuairisg atá ag seanchaidhthe Acla agus seanchaidhthe Bhaile Chruaich faoi "Dhiabhal an Chorráin" agus ó tugadh thuas an tuairisg atá le fagháil faoi i nAcaill, bhéarfaidhear annseo an tuairisg atá ag seanchaidhthe Bhaile Chruaich faoi, agus an gaol a bhí aige le Gráinne.

Bhí triúr clainne ag Gráinne - Máire, Murchadh agus Eoghan - leis an bhFlaithbheartach agus nuair a tháinig Eoghan i n-aois phós sé cailín de na Búrcaigh. Bhí cúmhacht agus caisleáin ag na Búrcaigh seo thart ar Chuan Modh, agus chomh fada soir le Caisleán a’ Bharraigh. Phós Máire, inghean Ghráinne, duine de na Búrcaigh céadna a raibh caisleán Charraig a’ Chabhlaigh aige agus ceann eile ar an gCorrán. Ba é seo an fear a dtugtaoi "Diabhal an Chorráin" air agus níor de shliocht na Máilleach é chor ar bith acht go raibh gaol tré phósadh aige leo. Phós Gráinne í féin duine de na Búrcaigh chomh maith nuair a cailleadh an Flaithbheartach agus do réir seanchas Bhaile Chruaich b’in é an chaoi a raibh an cairdeas idir na Máilligh agus na Búrcaigh a d’fhág iad chomh cúmhachtach agus bhí siad i gConndae Mhuigheo.

Ar chuma ar bith ba chúmhachtach an dream iad na Máilligh agus maireann a gcliú go h-úr go fóill i seanchas Mhuigheo. Ba é Seoirse Ó Máille, an caiptín sin ar tagruigheadh cheana dhó, an duine deiridh dhíobh a bhfuil aon tseanchas faoi. Is cosamhail go raibh a réim thart nuair a cailleadh eisean agus ní fearr leacht a thógfadh sinn ortha annseo ná an dán sin, "Caiptín Ó Máille," a thabhairt do’n léightheoir. Dán é atá ag seanchaidhthe an Iarthair ó Chuan na Gaillimhe go Ceann Iorruis agus níl duine ortha nach gcuideochadh linn le cloch a chur ar an leacht.

 

CAIPTÍN Ó MÁILLE

1

An chéad lá de mhí Fhóghmhair a chrochamar ár seolta

Ag tarraingt ar na cóstaí úd ag tóin an Bhunnáin siar,

Thart annseo le Cliartha agus Acaill Bheag taobh thiar dhe

Is go hInis Tuirc dhá dtrialladh, bhéadh áirdeall orainn ann,

Thart le Rinn na Maoille, síor ag Cruach na Caoile,

An Cloigeann le n-a thaobh sin agus Tráigh Bhrighid ina dhiaidh

Ná gur dhóirteamar le fánaidh, fríd fhairrge is í ag cáthadh,

Gur shroicheamar an Ráithche, mar is ann a bhí ár dtriall.

2

Ag síneadh dhúinn le hÁrainn, mhéaduigh orainn gála

Bhí cúrsaí istigh i dtráth againn, is níor thráth faillighe é;

D’árduigh sé ’na fheochan agus as sin ’un na gaoithe móire

Gur chrochamar na seolta, is níor mhór dúinn é i n-am.

Bhí an fhairrge ag géimnigh agus las na tonnta tréana,

Dhorchuigh na spéarthaí agus mhéaduigh ar an gceo;

Is dhá mbéadh cainnt ag na clárthaí, d’innseochaidís sgéal cráidhte

Faoi chomh gar is chuaidh an bás dúinn is gan eadrainn acht iad.

3

Bhí crú na luinge i n-aoinfheacht ag dearcadh ar chlár m’éadain,

Ag dúil le cabhair a dhéanamh is gan mhaith ar bith dhóibh ann,

Acht dubhairt mé leo i dtréan-ghuth go ndéanfainn gach a bhféadfainn

Le n-a stiúradh faoi iomlán éadaigh fhad is thiocfadh léithe snámh.

Bhí mo lámha feannta stróicthe go síorruidhe tarraingt rópaí;

Tá’n craiceann uilig tóigthe amach ó alt is cnáimh.

Acht má’s é an bás a gheall Mac Dé dhúinn, cia’n gar atá ’ghá shéanadh,

Acht a dhul go Flaithis Dé dhúinn ar aon stáid amháin.

4

Ag teacht dúinn go hÉirinn, bhí fíon is branndaí is tae linn,

Tobac ’gus Jamaica ’gus gach aon tsórt d’á raibh ann,

Píosaí fada síoda agus sgeafanna dhá dhaoire,

Cébí í féin is mian liom, is di shínfeas mé mo lámh.

Mo shoitheach bocht tá brúighte ó earainne go glúiní,

A cuid boltaí gur lúbadh iad is ní náire ar bith dhi é,

Acht anois ó lag an feochan, is go bhfuaireamar an chóir mhaith,

Críochnuighmuist an t-amhrán agus ólamuist dram.

5

Nár mhór an cliú is an t-ádh dhúinn an bealach úd a shárughadh,

Is gan againn ann acht námhaid rómhainn is ’nár ndiaidh,

Bhí water-guards san áirdeall agus póilíos le n-a sálaí,

Revenue na h-áite is gach spiadóir dá raibh leo.

Bhí cutters, beag is mór ann, píolótaí sanntach’ leobhtha,

Luingseacha Rí Sheoirse sa tóir uilig ’mo dhiaidh,

Acht is mise Seoirse Ó Máille, fear maith de chineál Ghráinne,

A chuireadh i dtír mo lucht go sásta, is ná raibh maith aca dhá chionn.

 

 

CAIBIDIL XII

Tighearnaí talaimh - Muinntear Brún - Muinntear Uí Dhomhnaill - Muinntear Mhic Lochlainn - Muinntear Mhic Chormaic - ’Liam Píce - Iarla Chábháin - "Cailleach a’ Valley."

BHÍ fúinn ó casadh go hAcaill muid tuairisg a fhagháil faoi na tighearnaí talaimh ba mhó cliú a bhí ann ó aimsir na Máilleach anuas agus an t-eolas sin a thabhairt do’n léightheoir mar a fuarthas é ó na seanchaidhthe. Ba doiligh eolas cruinn a fhagháil faoi chuid aca agus níl na seanchaidhthe ar aon fhocal fútha. Níl sé seo le tógáil ortha mar bhí na dúithchí a bhí ag cuid de na tighearnaí ina ngiotaí anonn agus anall ar fud an oileáin agus taobh amuigh dhe, agus ina cheann sin bhíodh fó-thighearnaí ag cuid de na tighearnaí ó am go h-am agus cuireann sin na seanchaidhthe ar an tseachrán san tseanchas i n-áiteacha.

Ar chuma ar bith, do réir mar tuigtear ó’n tseanchas, b’iad muinntear Uí Dhomhnaill agus na Brúnaigh an dá dhream ba mhó a raibh dúithchí aca i nAcaill i ndiaidh réim na Máilleach a bheith thart. I gCathair na Mart a bhí cómhnuidhe ar na Brúnaigh agus i mBaile Uí bhFíodhcháin a chómhnuigh muinntear Uí Dhomhnaill. Tá sliocht an dá dhream sin ins na h-áiteacha sin go fóill. Ní raibh tighearna ar bith aca a raibh an oiread talaimh aige i nAcaill agus a bhí ag Risteard Ó Domhnaill. Bhí an tighearna seo ina ridire agus dúithchí aige i n-áiteacha eile thart ar Bhaile Uí bhFíodhcháin agus i mBaile Chruaich. Ní raibh an oiread talaimh ag an mBrúnach ann agus a bhí ag Risteard Ó Domhnaill ná níor chongbhuigh sé é chomh fada leis acht oiread. Cúpla bliadhain nó trí i ndiaidh bliadhanta an droch-shaoghail dhíol sé Dún Ibhir le duine de chlainn Mhic Aodha.

Ba le muinntir Mhic Lochlainn cuid mhór de leith-innse an Chorráin, Bun a’ Chorraigh agus Tóin a’ tSean-Bhaile. Deirtear gur as Albain a tháinig siad seo acht ’sé baramhail cuid de na seanchaidhthe gur ó Chúige Uladh a tháinig siad go hAcaill. Ba Caitilicigh iad agus bochtuigheadh iad sa gcaoi go mb’éigean dóibh glanadh as Acaill agus ba dream de mhuintir Mhic Chormaic a fuair seilbh ar na h-áiteacha a bhí aca ina ndiaidh. Ba Caitilicigh iad-san chomh maith acht níor éirigh leo go ró-mhaith i nAcaill mar nach raibh aca acht talamh bocht agus gan d’acfuinn ag na tionóntaí a bhí aca an cíos a íoc. Dhíol siad Bun a’ Chorraigh agus Tóin a’ tSean-Bhaile agus ina dhiaidh sin chuaidh siad i bhfiacha chomh mór sin go mb’éigean dóibh Corrán a leigint uatha chomh maith.

Taobh amuigh de’n chuid sin d’Acaill a bhí ag muinntir Mhic Lochlainn agus ag muinntir Mhic Chormaic ina ndiaidh, ba leis an Domhnallach an chuid eile dhe acht Dún Ibhir ar ndóigh, agus uachtar Acla. Ba le duine darbh’ ainm dhó Uilliam Píce an chuid sin de’n oileán atá le h-ais an chuisle fairrge atá idir an mhóir-thír agus an oileán ar an taobh thiar, ag síneadh ó Ghob a’ Choire ó dheas go Clochmhór.

Ní mór nach ionann an sgéalaidheacht atá faoi imtheachtaí na dtighearnaí seo agus an seanchas atá faoi n-a leitheidí i n-áiteacha eile ar fud an chonndae. Bhí an sirriam go gnaitheach agus lucht na gcróithe ag fagháil a sáith le déanamh le dlighe na dtighearnaí a chur i bhfeidhm. Bhí an "bánughadh" agus an "cur as seilbh" ar siubhal ann go tréan faoi chuid de na tighearnaí agus ní díoghbháil cruthumhnais atá ar an té a bhéarfas searsa fánaidheachta ar fud an oileáin.

Thuas i n-uachtar Acla cómhgarach do Chill Damhnait tá lorg sean-bhaile. Ailt a b’ainm do’n bhaile sin agus bhí sé ar na bailte ba mhó i nAcaill tráth. Cuireadh an sirriam agus lucht na gcróithe ina chionn leis an dlighe a chur i bhfeidhm agus cúmhacht an tighearna talaimh a theasbáint agus ba mhaith a rinneadh é mar obair le ceart an dligheadh. Bánuigheadh an baile. Leagadh na tighthe agus cuireadh muinntear an bhaile sin ar fán ar bheagán siocair. San áit a raibh tighthe seasgaire agus muirighneacha múirneacha tráth, níl ann indiu acht beanntracha bearnacha agus ballóga manntacha ina seasamh go tuartha lom le cruthughadh cé’n éagcóir a rinneadh san am a raibh an neart ina cheart. Tá seanamóir ins na clochaí i nAcaill fearacht áiteacha eile agus an stair agus an seanchas ionnta go soiléir buan, an stair agus seanchas a thug dubhshlán do ghaoith, do bháistigh nó do theas dá mhéad, a chur ar cheal nó i bhfolach anuas thríd na bliadhanta. Meabhruightear dúinn ionnta an saoghal bocht a bhí ag ár sinnsir, agus an chruadhtain agus an pianós a mb’éigean dóibh fuilint le ain-mhian na dtighearnaí a shásughadh.

Mar adubhradh, cuireadh as seilbh muinntear na hAilte agus d’imthigh siad go h-áiteacha eile gur chuir siad fútha agus go ndearna siad áitreabh ionnta. Shocruigh cuid aca i nDubh Éige agus ar an gcaoi sin mhéaduigh an baile sin go mór thar mar bhí sé shul a dtáinig muinntear na hAilte ann. Chuaidh cuid eile dhíobh treasna na feirsde soir go leithinnse an Chorráin gur bhunuigh siad bailte eile ann. B’é seo an t-am ar bunuigheadh Buaile an Ghleanna mar go mba iad muinntear na hAilte a shocruigh ann i gcéadóir. Níor éirigh leo seo uilig a caitheadh amach as seilbh socrughadh i nAcaill agus d’fhág siad an t-oileán ar fad agus is ag Dia amháin atá fhios cé’n bhail a chuaidh ortha. Ba é an Píceach a rinne an bánughadh sin agus a chuir an fán ar mhuinntir na hAilte.

Thíos i n-íochtar Acla thart ag bun na Sléibhe Móire bhí baile mór eile tráth a dtugtaoi an tSléibh Mhór air. Ba leis an Domhnallach an talamh agus nuair a tháinig Éduard Nangail go hAcaill ag iarraidh iad a mhealladh ó’n bhfíor-chreideamh agus Protustúnaigh a dhéanamh dhíobh, fuair sé talamh an bhaile sin ó’n Domhnallach. Níor chlaoidh muinntear na h-áite sin leis an gcreideamh nua seo le aon tsásamh agus cuireadh an sirriam agus a chomplacht ag obair ann gur bhánuigh siad an baile sin bun barr.

B’éigean do na daoine glanadh leo agus a n-aghaidh a thabhairt ar áiteacha eile. Shocruigh cuid mhór aca i nDubh Acha, agus tháinig cuid eile aca aniar go h-áiteacha eile ar fud an oileáin. Tá an fhiadhnaise annsin go fóill ag feara Fáil. Tá na sean-bhotháin agus na garrdhanta bána, na bóithríní agus na claidhtheacha le meabhrughadh go raibh am ann a raibh "cur agus treabhadh" agus saothrughadh cneasta ar siubhal san áit.

Is doiligh radharc chomh dubh-brónach truaighmhéalach a fheiceál le "baile bánuighthe." Cá bhfuil an té sin a fheicfeas a leitheide nach mborann a chuid fola ina chuisleacha nuair a smaoinigheann sé ar an am a raibh aithreacha cneasta agus máithreacha grádhmhara ag obair agus ag saothrughadh as lámha a chéile le n-a gclainn a thógáil ins na bailte atá anois bán! Bhíodh spraoidh agus siamsa, greann agus gáiridhe ann. Bhíodh an cleamhnas agus an bhainis ann agus ar ndóigh an bás agus an brón ann leis, acht má bhí, bhí an fíor-chreideamh agus an Gaedhealachas ann agus ghlactaoi go foighdeach leis an mbrón mar go mba toil Dé é. Cé’n bhail a chuaidh ortha? Nach doiligh innseacht? Nach iomdha sin smaoineadh a thiocfas in do cheann fútha i ndiaidh an sgapadh fada fánach a cuireadh ortha le ceart dligheadh sho-lúbtha chaim?

Deir an sean-fhocal nach ceart lucht luinge a bháthadh i ngeall ar dhuine amháin. ’Sé an chaoi chéadna é leis na tighearnaí talaimh. Ní cóir a bheith sa mhilleán ró-mhór ortha uilig mar bhí corr-cheann aca, cé go mba fíor-chorr-cheann é, a raibh an chneastacht agus an Grádh-Dia ann agus a rinne cion fir le cabhrughadh le n-a chuid tionóntaí nuair a bhíodh an t-anró agus an cruadhtan ag teannadh ortha. Ní dearmadthar é seo sa tseanchas, mar an tighearna a rinne an gar agus a shín lámh na tárrthála i n-aimsir an ghéar-ghádha tá a chuimhne congbhuighthe beo go fóill ag na seanchaidhthe agus ní cluintear an focal trom dh’á leagaint air.

Tá fhios ag an léightheoir faoi seo go raibh muinntear Mhic Lochlainn ina dtighearnaí ar Bhun a’ Chorraigh agus Tóin a’ tSean-Bhaile agus go mb’iad muinntear Mhic Chormaic a raibh seilbh aca ar Chorrán. Tá na seanchaidhthe san dá cheanntar seo go fóill ag maoidheamh nach raibh i gceithre cheárda an chonndae tighearnaí a bhí chomh fial leis an dá dhream atá luaidhte thuas. Níl sé le cur ina leith i gceachtar de’n dá áit gur chuir siad aoinne dh’á dtionóntaí ariamh as seilbh. Acht tá sé sa tseanchas fútha gur chabhruigh siad chomh mór sin leo i n-aimsir an droch-shaoghail gur bochtuigheadh iad féin ar deireadh.

Annsin timcheall na bliadhna 1853, nó mar adeir an seanchaidhe, "sé nó seacht de bhliadhanta i ndiaidh an droch-shaoghail," fuair an tÁrd-Easbog Seán Mac Éil seilbh ar Bhun a’ Chorraigh nuair a d’fhág muinntear Mhic Lochlainn é. Chuir sé mainistear ar bun ann i n-áit a dtugtar Asgaill air. Sgathamh ina dhiaidh sin d’aistrigheadh an mhainistear ó Asgaill go Bun a’ Chorraigh, áit a bhfuil sí faoi lán-tseoil go fóill. Manaigh de Órd Phróinsiais atá i mbun na mainistreach. Tá sgoil na mbuachaillí san áit faoi n-a gcúram agus ina cheann sin tá feilm mheasardha mhór ag dul leis an mainistir agus í saothruighthe go h-ealadhanta gan aimhreas.

Nuair a d’fhág muinntear Mhic Lochlainn Tóin a’ tSean-Bhaile b’é Iarla Chábháin an chéad duine eile a fuair seilbh air. Ina dhiaidh sin tháinig duine de chlainn Mhic Dhomhnaill i seilbh. Níor chaith an fear sin thar seachtmhain i nAcaill acht d’fhan a bhean, an Bhaintighearna Mhic Dhomhnaill, nó mar a thugtaoi uirthi i nAcaill "Cailleach a’ Valley," ann go raibh sí go mór i n-aois. Ní raibh sí i bhfad imthighthe as nuair a fuair sí bás agus tá a mac i seilbh na h-áite ó shoin i leith acht nach bhfuil an oiread talaimh aige agus a bhí aici.

Bunuigheadh dúithche eile i nAcaill nuair a fuair Eduard Nangail seilbh ar an tSléibh Mhóir ó’n Domhnallach. "Misiún Acla" a b’ainm do’n dúithche seo nó do’n dream a bhí ’ghá stiúradh. Fuair an "Misiún" greim i dtoiseach ar an tSléibh Mhóir agus leis an am ba leo íochtar Acla uilig, Caiseal, Maoileann agus Polraithnighe. Bhí sé de chuspóir ag lucht stiúrtha an "Mhisiuin" an oiread talaimh a fhagháil i nAcaill agus a thiocfadh leo agus muinntear Acla a mhealladh annsin ó’n bhFíor-Chreideamh agus Protustúnaigh a dhéanamh dhíobh. Má bhíonn beagán foighde agat linn, a léightheoir, bhéarfamuid iarraidh imtheachtaí an "Mhisiuin" i nAcaill a thabhairt dhuit annseo, do réir mar a chnuasaigh muid féin é ó sheanchaidhthe an oileáin gan a dhul ró-chruinn ná go bun na sprioga san sgéal.

 

 

CAIBIDIL XIII

Roimh an Ghorta - Teacht Nangail - Bunughadh an "mhisiuin" - Imtheachta an "mhisiuin" - An "Achill Herald" - Meath an "mhisiuin" - A dheireadh.

MÁS mian linn eolas cuimseardha cruinn a fhagháil ar imtheachtaí an "mhisiuin" i nAcaill, ní mór dúinn léim ghlan-osgardha a thabhairt siar céad bliadhain nó b’fhéidir beagán le n-a chois le baramhail a bheith againn ar an gcineál saoghail a bhí i nAcaill nuair a bunuigheadh an "misiún" i dtoiseach. Feicfidh muid annsin go raibh cuid mhór de na daoine, ní h-é amháin i nAcaill acht ar fud na tíre, a raibh caoi bhocht ortha i ngeall ar ghorta agus ganntanas. Bhí Oileán Acla ar cheann de na h-áiteacha ba déine ar theann an gorta seo leis mar go raibh líon mór daoine ann agus gan ag an gcuid ba seasgaire dhíobh acht sgair bheag de dhroch-thalamh. Ní raibh an imirce go hAlbain ná go Sasana ar siubhal ann an tráth sin agus iad seo nár chlaoidh le curaidheacht bhíodh siad ag pléidhe le iasgaireacht. Acht cé go raibh na h-éisg níos fairsinge an t-am sin ná mar atá anois, níor mhór an pré an iasgaireacht mar shlighe bheathadh mar nach raibh an chaoi ann le n-a gcur chuig an margadh.

An tráth sin ní raibh an t-oileán ceangailte leis an móir-thír mar atá anois agus cúrsaí na mbóthar de, má ba chóir bóithre a thabhairt ortha, ní raibh ionnta acht bóithríní agus casáin gharbha chorracha. Ba é Cathair na Mart an baile mór ba goire dhó agus bhí sé sin suas le deich míle fichead uaidh agus ar bháid mhóra ba mó a dhéantaoi an tráchtáil idir Acaill agus Cathair na Mart. An biadh nach dtiúbharfaidhe ó’n mbaile sin go hAcaill ar na báid mhóra, chaithfidhe é a thabhairt ar chartacha agus go minic bhíodh moill mhór air, go mór mhór sa nGeimhreadh. D’fhág sin go mbíodh muinntear Acla gann go leor i mbiadh an t-am a b’fhearr a mbíodh saoghal aca an tráth údaigh.

Bhí go maith go dtáinig an ganntanas ar fud na tíre agus gur loic a gcuid fataí ar mhuinntir Acla, agus annsin b’éigean dóibh a bheith i muinighin na déirce. Thigeadh min bhuidhe agus biadh eile isteach chuig an oileán le roinnt ortha seo a bhí ina chall agus cé go mba mhaith ann é an corr-uair a thigeadh sé, ba gearr a théigheadh sé ortha. Ar chuma ar bith bhí siad ag roighineadh leo agus iad ag dúil ’chuile lá go dtiocfadh athrughadh chun feabhais ar an tsaoghal ná fóirthín ó cheárd eicínt ortha. Tuigfidh an léightheoir uaidh seo go mb’olc an bhail a bhí ar mhuinntir Acla an t-am sin, an t-ocras agus an bochtanas ’ghá sgrúdadh agus gan aon tsaothrughadh le fagháil ná aon rath ar a gcuid barranna.

Casadh isteach go hAcaill an t-am sin ministéar Protustúnach ar a shaoire. Eduard Nangail a b’ainm dhó agus ba anuas ó lár na tíre é. Chonnaic sé an droch-chaoi a bhí ar mhuinntir an oileáin agus shíl sé dhá dtugtaoi tárrtháil dhóibh le n-a dtógáil as an mbochtanas go dtréigfeadh siad a gcreideamh ar fad agus go gclaoidhfeadh siad leis an gcreideamh a bhí aige féin. I ndiaidh dhó cuairt a thabhairt ar fud an oileáin d’imthigh sé leis aríst agus é socruighthe ina intinn aige filleadh ar an oileán go luath agus iarraidh a thabhairt leis an gcreideamh Protustúnach a bhunughadh ann. Níor chaill sé mórán ama annsin go ndeacha sé i gcómhairle leo seo a raibh cáil agus gradam aca ina chreideamh féin i nÉirinn agus i Sasana. Chuir sé os a gcómhair gach a bhfaca sé i nAcaill, an gorta, an bochtanas agus an t-anró agus ina cheann sin fógruigheadh é go fóirleathan gur phágánaigh a bhí ins an gcuid ba mhó dhíobh seo a raibh cómhnuidhe ortha ar an oileán iargcúlta seo.

Mínigheadh agus tugadh le fios ar pháipéirí agus ag cruinnighthe ar fud na tíre seo agus i Sasana go raibh na daoine bochta seo ag fagháil bháis leis an ocras agus nach raibh ag teastáil acht airgead le tárrtháil a thabhairt dhóibh agus iad a theagasg sa gcaoi go gcaithfeadh siad uatha na nósaí págántachta a bhí dh’á gcleachtadh aca. Bhí daoine le fagháil i Sasana a chreid gach ar dubhradh ins an mbollsgaireacht seo a craobhsgaoileadh faoi mhuinntir Acla, mar nár thuig siad i gceart an sgéal mar a bhí sé i nAcaill agus ghlac siad leis an tuairisg a cuireadh os a gcómhair.

Iad seo a raibh airgead aca thug siad go fial uatha é leis an sgéim a bhí ar intinn ag Nangail a thabhairt chun críche. Ar an gcaoi sin d’éirigh leis airgead a fhagháil go fairsing le dul ar aghaidh le n-a chuid oibre i nAcaill. Ba mhaith a thuig sé go mb’fhearr a d’éireochadh leis a chuid cuspóirí a chur abhaile ar mhuinntir an oileáin fhad agus bhí an t-ocras dh’á sgrúdadh agus ba é nach raibh fuar ná failligheach an deis sin a thapughadh nuair a bhí an t-airgead aige.

Timcheall trí bliadhna i ndiaidh a chéad chuairt go hAcaill d’fhill Nangail aríst air agus ’chuile shórt i gcaoi agus i gcóir aige le toiseach a chur ar an "misiún" ann. B’shin an bhliadhain 1834. Thíos i n-íochtar Acla a shocruigh sé i dtoiseach. Fuair sé, mar adubhradh cheana, an talamh atá thart ar an tSléibh Mhóir ó Risteard Ó Domhnaill agus ar an gcaoi sin d’éirigh leis a chrúbaí a chur i dtaca. Thoisigh sé air annsin i ndáirírí ag réidhteach i gcóir na h-oibre a bhí leagtha amach aige a dhéanamh, sé sin muinntear Acla a mhealladh ó’n bhFíor-Chreideamh agus Protustúnaigh a dhéanamh dhíobh. Mar atá ráidhte bhí dalladh airgid aige faoi’n am seo agus tuilleadh ag teacht isteach chuige i n-aghaidh an lae.

Ba gearr ar an tSléibh Mhóir é go raibh teampall, trí cinn de sgoltacha, cisteanach mhór le biadh a réidhteach ann agus tighthe eile le n-a n-aghaidh seo a bhéadh i mbun na h-oibre ann, déanta aige. Ba choimhthightheach a ghlac muinntear na h-áite leis an réidhteach seo go léir agus nuair a thuig siad i gceart céard a bhí dúil ag Nangail a dhéanamh, d’éirigh siad faobhrach nimheannta leis. Bhí an sop séidthe anois i nAcaill agus toiseach ar an troid idir na Caitilicigh agus iad seo a tháinig isteach leis an sgéim a bhí leagtha amach ag Nangail a chur ar bun.

Shul a n-abruighthear níos mó faoi thoiseach an "Mhisiuin," tá taobh eile ar sgéal Acla an tráth sin gur chóir a mheas agus léargus a fhagháil air. Tá Acaill ar cheann de na paráistí is mó i nÉirinn. Indiu tá sé cinn de thighthe pobail ann. Tá sagart paráiste agus triúr séiplíneach ag freastal agus ag friotháil go dúthrachtach ar an bpobal mór atá aca. I n-éinfheacht leis sin tá dhá chlochar agus mainistear ins an bparáiste le cabhrughadh leis na sagairt ina gcuid oibre agus le stiúradh agus treoir a thabhairt do na daoine. Acht san tráth ar thoisigh an "misiún" ní raibh acht dhá theach phobail ins an bparáiste agus go rí-mhinic bhí an paráiste i muinighin aon tsagairt amháin. Ní raibh sgoil ar bith gur fiú sgoil a thabhairt air ann le teagasg nó treoir a thabhairt d’óg nó sean. Ní raibh aoinne le cuidiughadh leis an tsagart leis na daoine a thabhairt ná a choingbheáil ar dheágh-stáid na nGrást. Ní raibh cárr ná cóiste ag an tsagart agus b’éigean dó ’chuile aistear a chaithfeadh sé a dhéanamh a chur de de shiubhal cos nó ar mhuin capaill agus mar adubhradh cheana ní raibh ar an oileán acht fíor-dhroch-bhóithre. Ní amháin sin acht i ngeall ar chomh mór agus chomh fairsing agus a bhí an paráiste, agus na daoine ina gcómhnuidhe i mbailte beaga anonn agus anall ar a fhud agus na bailte seo uilig sgaithte, sgaptha i bhfad ó n-a chéile sa gcaoi go sáróchadh sé ar aon tsagart amháin friotháil nó teagasg mar ba chóir a thabhairt do na daoine, go mór mhór nuair nach raibh sgoltacha ann le fóghluim a thabhairt dóibh agus an creideamh a mhúineadh dhóibh le linn a n-óige.

San iarraidh bheag atá déanta annseo le léargus a thabhairt do’n léightheoir ar an gcineál saoghail a bhí i nAcaill timcheall céad bliadhan ó shoin, sé sin timcheall an ama ar bunuigheadh an "misiún," béidh fios aige go mba daoine iad muinntear Acla a raibh an gus bainte asta agus an spiorad geall le bheith múchta ionnta ag an mbochtanas agus díoghbháil treoir.

Bhí an chaoi agus an deis ag an "misiún" dul ar aghaidh leis an obair a chuir sé roimhe mar bhí an talamh le fagháil go réidh ag lucht stiúrtha an "mhisiuin" ó chuid de na tighearnaí talaimh agus cé nár ró-mhaith a thaithnigh sé seo le muinntir Acla bhí sé ar a ndubhshlán focal a rádh. Nuair a bhí greim ag an "misiún" ar an talamh agus lucht a stiúrtha ina dtighearnaí, ní raibh mórán de’n cheart le fagháil ag na tionóntaí. An té a ghlac le teagasg an "mhisiuin" agus a thaobhuigh leis, fágadh i seilbh a ghabhaltais é acht an té a chuir troigh le taca ina aghaidh agus a chlaoidh leis an bhFíor-Chreideamh caitheadh as seilbh é agus cuireadh ina áit an té a thréig a dhúthchas agus a chreideamh ar mhaithe leis an maoin.

Is beag má tá ré ar bith i stair na tíre nach raibh daoine le fagháil a shanntuigh an breab, daoine a ghéill do’n phlámás agus do’n mhealladh agus a thug druim láimhe do’n dúthchas agus do’n cheart. Bhí amannta ann ar dearnadh seo ar bheagán siocair. B’fhéidir go mba díoghaltas agus droch-chómhursanacht ba chionntach leis amannta. Uaireannta eile an t-éad a spreag an duine le n-a chúl a thabhairt ar a dhúthchas, acht ní ceann ar bith dhíobh seo ba chionntach leis an athrughadh a tháinig ar mhuinntir Acla. An t-ocras ba mhó ba chionntach leis. Bhí an caillteanas ortha idir óg agus sean agus annsin bhí an t-airgead agus an stór ag lucht an "mhisiuin" le dáil amach go fial ortha seo a thaobhuigh leo, agus ar ndóigh bhí an dlighe ar thaobh an "mhisiuin" chomh maith. Bhí an cathughadh agus an faitchíos ag obair go tréan agus ar an ádhbhar sin ba doiligh a bheith ró-ghéar sa mhilleán ortha seo a thug a gcúl ar a gcreideamh i nAcaill an uair sin.

Ar chuma ar bith cuireadh toiseach ar an obair i nDubhghort agus i n-íochtar Acla. Bhí Dubhghort ina lár-phoinnte nó ina phríomh-áit, mar b’ann a bhí lucht stiúrtha an "mhisiuin" ag cur fútha. B’ann a tóigeadh an chéad sgoil agus an chéad teampall, agus bhí an obair ag leathnughadh amach do réir a chéile go raibh sgoltacha i gCaiseal, ar an gCaol, agus i Sléibh Mhóir chomh maith.

Tráth amháin, timcheall dó nó trí de bhliadhanta i ndiaidh an "mhisiún" a bhunughadh, bhí os cionn trí chéad páistí ag freastal ar na sgoltacha seo, más fíor do’n tseanchus. Bhíodh biadh agus éadaighe le fagháil ag na daltaí seo agus cabhair agus tárrtháil dh’á bhfagháil ag a muinntir sa mbaile agus chuidigh sin go mór leis na sgoltacha. Bhí gnáth-ádhbhair na linne sin dh’á múineadh ins na sgoltacha sin acht b’é eolas ar an mBíobla an príomh-cheann. Ní h-é amháin go raibh sé ina phríomh-ádhbhar i dteach na sgoile acht bhíodh "Bíoblóirí" ag dul thart ar fud na mbailte ag léigheadh agus ag míniughadh an Bhíobla dhóibh seo nach mbíodh ag teacht ar sgoil. I nGaedhilg a bhí an Bíobla aca mar ba bheag duine i nAcaill an t-am sin a thuig an Béarla. Ghlaoidhthí na daoine le chéile i n-áiteacha áithride uair sa tseachtmhain nó b’fhéidir uair sa gcoicighís le giotaí as an mBíobla a léigheadh agus éisteacht le seanamóir. Iad seo a tháinig bhí duais nó cabhair de chineál eicínt le fagháil aca. Bhíodh biadh, éadaighe nó airgead dh’á thabhairt amach aca, sin nó féarach i n-aisge dhóibh dhá gcuid beithidheach ar thalta an "mhisiuin." An cíos a bhí ag na tighearnaí a bhí ann roimh an "misiún" ar na tionóntaí, laghduigheadh é go mór dóibh seo a rinne freastal féilteamhail ar na sgoltacha agus ag na cruinnighthe a bhíodh ag na "Bíoblóirí."

Acht iad seo nár ghlac leis an teagasg bhí saoghal bocht aca. Ní raibh cabhair ná congnamh de chineál ar bith le fagháil aca. Bhí féarach trom le n-íoc aca agus d’árduigheadh an cíos ortha-san sa gcaoi go raibh siad creachta agus de dhruim an tsaoghail leis. Nuair a tháinig sé go dtí an t-am nach raibh sé d’acfuinn aca an cíos a íoc chaithfeadh siad a ngabhaltais a leigint uatha agus a ndubhshlán cur ina aghaidh.

Bhí biadh agus éadaighe dh’á bhfagháil aca seo a bhí ag freastal ar na sgoltacha gach áit dá raibh sgoil. Bhí cisteanach mhór i ngach sgoil aca, áit a mbíodh an brochán, an t-anbhruith agus an biadh eile dh’á réidhteach.

Cómhgarach do’n áit a raibh an sgoil aca i gCaiseal tá tobar breágh fíor-uisge ar thaobh an bhóthair mhóir, áit a mbíthí ag fagháil an uisge do’n sgoil. Tugadh "Tobar an Bhrocháin" air i ngeall air sin agus lean an t-ainm sin air ó shoin. Bhí gabhaltas beag talaimh thart ar gach sgoil agus é saothruighthe aca seo a bhí ag freastal ar an sgoil sa gcaoi go mbíodh glasraí dh’á gcuid féin aca faoi chómhair na mbéilithe san sgoil.

Nuair a bhí na ceithre sgoltacha atá luaidhte thuas faoi lán-tseoil, cuireadh craobh de’n "mhisiún" ar bun i Maoileann, baile atá i ndeisceart an oileáin i n-aice le Dubh Éige. Bhí árd-sgoil annseo a dtugtaoi "Trinity College" uirthi. Cineál coláiste a bhí sa sgoil seo agus chuirtí na buachaillí a b’fhearr a bhí le fagháil ins na sgoltacha eile go dtí an coláiste seo nuair a bhíodh a gcuid oideachais críochnuighthe aca ins na sgoltacha eile. Bhí suas le trí sgór daltaí innti uair amháin agus iad ag fanacht i dtighthe a bhí déanta le n-a n-aghaidh. Bhí sgair mhaith talaimh leis an sgoil agus fearacht na sgoltacha eile b’iad na daltaí a dhéanadh an chuid ba mhó d’obair na feilme. Bhí teampall, teach ministéara, teach faoi chómhair na múinteoirí, na tighthe a mbíodh na daltaí ag cur fútha ionnta agus tighthe an bhaile féin uilig cómhgarach dh’á chéile i ngleann Mhaoilinn sa gcaoi mba geall le baile mór é tráth. Ar ndóigh bhí sgoltacha ag an "misiún" i nAcaill thar "Trinity College" agus na ceithre cinn eile atá luaidhte annseo acht b’iad sin na cinn ba mhó cáil.

Nuair a bhí an "misiún" ar bun timcheall trí bliadhna tharraing Nangail chuige gléas eile le eolas a thabhairt do’n tsaoghal mhór faoi’n chaoi a raibh sé ag dul ar aghaidh le n-a chuid oibre. Chuir sé páipéar nuaidheacht ar bun a dtugtaoi an "Achill Herald" air. I n-aghaidh na míosa a thigeadh an páipéar seo amach agus ba i nDubhghort a bhí an oifig agus an teach clódóireachta. Fear a b’ainm dhó Micheál Ó Dálaigh a bhí ina eagarthóir air acht b’é Eduard Nangail é féin an príomh-stiúrthóir. B’é an cuspóir ba mhó a bhí ag an "Achill Herald" eolas a chraobhsgaoileadh go fóirleathan ar imtheachtaí an "mhisiuin" i nAcaill. Cuireadh os cómhair an tsaoghail, áit ar bith a raibh an páipéar le fagháil, an obair mhór agus an dul chun cinn iongantach a bhí dh’á dhéanamh ag an "misiún." Bhíodh fógraí air ag lorg cabhrach agus airgid leis an obair seo a chur ar aghaidh le muinntir Acla a thógáil as an mbochtanas agus teagasg a thabhairt dhóibh sa gcaoi go gcaithfeadh siad uatha na nósaí págántachta a bhí dh’á gcleachtadh aca, má b’fhíor do’n "Herald."

I gcuid de na cóipeanna de’n pháipéar atá le fagháil go fóill níl righeachan saoghail leis an méid áidhbhéile a bhí ins na tuairisgí faoi bhochtanas agus faoi phágántacht Acla. Ar ndóigh bhí daoine le fagháil, go mór mhór i Sasana, a chreid gach ar léigh siad ar an "Herald" agus a sheol airgead go fairsing anall chuig Nangail le cuidiughadh leis. Bhí an páipéar seo le fagháil i n-aisge aca seo i nAcaill a ghlac le teagasg Nangail agus a bhí i n-ann léigheadh agus a chuir dúil sa léightheoireacht, acht san tráth ar cuireadh ar bun é b’fhurast a leitheide sin a chómhaireamh i nAcaill. Ar ndóigh ní le h-aghaidh mhuinntir Acla a cuireadh ar bun é acht le cabhair a fhagháil tré fhógraidheacht, agus le bollsgaireacht a dhéanamh.

Páipéar beag a bhí ann agus i mBéarla a bhí sé clódh-bhuailte. San am a dtáinig sé amach i dtoiseach ba bheag glaodhach a bhí air i nAcaill mar nach raibh mórán daoine ar an oileán an tráth sin a thuig an Béarla ní h-é amháin a bheith i n-ann é a léigheadh.

Acht do réir mar bhí obair an "mhisiuin" ag dul ar aghaidh agus an teagasg dh’á fhagháil aca seo a bhíodh ag freastal ar na sgoltacha bhí an "Herald" ag fagháil a ghreama go maith ar fud an oileáin, mar bhí na daoine ag fagháil eolais ar an mBéarla agus ag cur suime san léightheoireacht. Ní féidir anois eolas a fhagháil ó na seanchaidhthe faoi ché’n bhliadhain a ndeacha an páipéar as clódh acht is feasach do chuid aca go raibh sé dh’á chur amach anuas go dtí timcheall trí fichead bliadhan ó shoin.

San tráth ar cuireadh toiseach ar an "misiún" ní raibh acht dhá theach phobail ar an oileán agus sagart amháin. Thuas i n-uachtar Acla a bhí an sagart ag cur faoi. Bhí teach phobail amháin annsin agus bhí an ceann eile i nDúmhach Chinn Aille i n-íochtar Acla. Nuair a chuir Nangail faoi i nDubhghort d’athruigh an sagart paráiste a áit chómhnuidhthe ó Chill Damhnait go Dúmhach Chinn Aille ionnus go mbéadh sé cómhgarach do’n áit a raibh toiseach curtha ar an "misiún" ag Nangail agus go mbéadh deis ní b’fhearr aige a dhaoine a chómhairliughadh.

An bhliadhain i ndiaidh Nangail shocrughadh i nDubhghort, thug an t-Árd-Easbog Mac Éil cuairt ar Acaill. Ní raibh sé acht bliadhain ina easbog ar an díoghóise an t-am sin agus is léir nach ndearna sé moill ná faillighe gur thug sé cuairt ar Oileán Acla. Níor stop sé go ndeacha sé síos go Dumhach Chinn Aille, áit ar chuir sé sgata mór de mhuinntir na h-áite faoi Láimh Easbuig. Tamall ina dhiaidh sin cheannuigh sé Bun a’ Chorraigh nuair a fuair sé an deis chuige agus chuir sé an mhainistear ar tagruigheadh cheana dhi ar bun. Acht cé go raibh an méid seo uilig dh’á dhéanamh le creapaill a chur ar obair an "mhisiuin" ba bheag an mhaith é mar bhí na daoine a bhí ar thalta an "mhisiuin" ag taobhughadh le Nangail agus a chuid teagaisg.

Deireann an seanchaidhe nach raibh an dara rogha aca mar bhí an "bás ins an spéir" agus gan cabhair le fagháil ag aoinne nach nglacfadh le sgéim an "mhisiuin." Chruthuigh Nangail chomh maith sin le n-a chuid oibre go raibh ’chuile dhuine a bhí ar thalta an "mhisiuin" meallta aige faoi n-a stiúradh féin, acht fíor-chorr-dhuine. B’fhéidir go raibh beirt nó triúr i ngach baile a sheas amach agus nár ghéill ariamh dhó, acht ba mhór a d’fhulaing siad agus b’iomdha masladh a mb’éigean dóibh cur suas leis uatha seo a d’iompuigh.

Acht más mar sin a bhí agus go raibh siad uilig, mórán, faoi n-a bhrat ag Nangail, mar a shíl sé, ní raibh an chuid ba mhó dhíobh seo a d’iompuigh leis acht ag fanacht go dtigeadh feabhas ar an tsaoghal agus go bhfághadh siad iad féin ar na bonnacha aríst. ’Réir mar a bhí siad ag fagháil an chaoi chuige sin bhí siad ag tabhairt a gcúl do na "Bíoblóirí" agus do’n "mhisiún." Nuair a bhéadh an bás ag teannadh leo chomh maith chuirfeadh siad fios ar an tsagart.

Is iomdha sgéal atá ag na seanchaidhthe i nAcaill faoi’n sgliúchas agus an treasgairt a bhíodh ann nuair a bhíodh an sagart ag teacht leis an Ola Dheireannach a chur ar dhuine eicínt díobh seo a d’iompuigh. Chaithfeadh sgata fear a bheith leis le n-a chosaint, mar nach raibh léigheadh ar chomh faobhrach bagarthach is a bhíodh na "Bíoblóirí" ar ócáid de’n tsórt sin. Thárla sé chomh maith go mbíodh an bhuaidh ag na Bíoblóirí amannta, cé nár mhinic é, go bhfághadh an duine bás i ndiaidh fios a chur ar an tsagart agus nach mbíodh sé i n-am, nó nach bhfághadh sé an focal i n-am. Annsin lá na sochraoide bhéadh an corp ag an taobh ba láidre acht dá measadh na Caitilicigh go raibh an taobh eile ró-láidir dóibh, leigfeadh siad dóibh an corp a chur acht thigeadh siad aríst de shiubhal oidhche agus chuireadh siad an corp i roilig na gCaitiliceach.

Ba rí-mhinic a thárla sé seo agus cé’n cruthughadh níos fearr atá ag teastáil le teasbáint nach raibh mórán dáirírí ionnta seo a ghlac le teagasg na "mBíoblóirí" ná mórán muinighine aca as an "misiún" acht díreach "fhad is mhair an cioth," mar adeir an seanchaidhe. Ar ndóigh má bhí daoine le fagháil nach raibh acht ag cur i gcéill go raibh siad dílis do theagasg Nangail, bhí go leor eile a d’iompuigh leis nár thréig ariamh ina dhiaidh sin é agus a d’oibrigh go dúthrachtach dhó.

Bhí an "misiún" ina neart i nAcaill bliadhanta an droch-shaoghail acht nuair a bhí an ré sin thart thoisigh an meath ag teacht air. Thoisigh an imirce annsin agus bhí na daoine ag glanadh leo go tíortha eile agus ar an gcaoi sin bhí sé ar a gcumas seo a d’imthigheadh cabhrughadh leo seo a bhí sa mbaile ionnus nach mbéadh siad ní b’fhuide i muinighin na déirce.

Leis an imirce bhí muinntear Acla ag fagháil léarguis ní ba leithne ar chúrsaí an tsaoghail mhóir amuigh agus thuig siad annsin cé’n éagcóir mhór a bhí dh’á dhéanamh ortha ag baile. Nuair a thuig siad é ba gearr ortha teagasg Nangail a chaitheamh uatha agus a gceart féin a sheasamh. Do réir mar a bhí feabhas ag teacht ar an tsaoghal bhí an Fíor-Chreideamh ag teacht ar ais aríst i nAcaill go láidir agus tighthe pobail dh’á ndéanamh ann agus sagairt ag teacht ann le friotháil go fonnmhar ar mhuinntir an oileáin. Cuireadh sgoltacha ar bun ann le teagasg mar ba chóir a thabhairt d’aos óg an oileáin agus do réir mar bhí sin dh’á dhéanamh bhí sgéim Nangail ag tuitim ó chéile. Bhí droch-mhisneach ag teacht ar lucht stiúrtha an "mhisiuin" mar bhí a dteampaill agus a sgoltacha dh’á mbánughadh agus an t-airgead ag éirghe gann agus na daoine ag teacht ar ais aríst do’n tSean-Chreideamh. Chomh fada agus a mhair an t-airgead agus an "misiún," agus an bochtanas i nAcaill, bhí sgéim Nangail ag dul chun cinn, acht nuair a tháinig athrughadh ar an saoghal chuaidh an "misiún" i n-ísle bhrígh agus ag cailleadh a bhí sé i n-aghaidh an lae.

Tugadh iarraidh anois agus aríst craobh de’n "mhisiún" a chur ar bun i n-áiteacha ar fud an oileáin nach raibh aon bhaint ag lucht stiúrtha an "mhisiuin" leis an talamh. Ba saothar i n-aisge é mar nach raibh aon ghlacadh ag na daoine ins na h-áiteacha sin le soisgéal Nangail. Níor éirigh leis ariamh craobh a bhunughadh i n-uachtar Acla, Corrán ná Dún Ibhir, cé go mba mhinic a tugadh an iarraidh. Ar ndóigh bhí ’chuile áit dubhshláinneach air acht áiteacha a raibh seilbh aige ar an talamh agus ba mhaith a thuig sé féin sin.

Ó thoisigh an meath ag teacht ar an "misiún" i ndiaidh an droch-shaoghail lean sé dó. Chonnaic lucht a stiúrtha go raibh a lá thart, go raibh muinntir Acla ag tabhairt a gcúl ar sgoltacha agus ar theagasg an "mhisiuin" agus go raibh siad ag éirghe neamh-spleadhach ionnta féin. Caitheadh airgead agus dúthracht le muinntir Acla a mhealladh ó’n bhFíor-Chreideamh agus soisgéal úr a thabhairt dóibh, acht bhí na préamhacha ró-dhoimhin ag Creideamh Naoimh Phádraig ina gcroidhe le n-a mealladh ná an chluain a chur ortha.

Deir an sean-fhocal go mbíonn caora dhubh ins an tréad is gile agus fíoradh é sin i nAcaill. Bhí daoine le fagháil de thógáil an oileáin a ghlac go fonnmhar leis an tsoisgéal úr seo agus a d’oibrigh go dúthrachtach ar thaobh Nangail. Nuair a tháinig feabhas ar an tsaoghal féin níor chaith siad-san uatha an dalladh mullóg a cuireadh ortha, ní fearacht na coda eile de mhuinntir an oileáin. Chongbhuigh siad greim an fhir bháidhte ar chébí fuighleach de’n "mhisiún" a bhí fágtha, agus chomh fada agus tháinig leo, chonbhuigh siad séideog leis an mbladhaire lag a bhí a dul i n-éag i n-aghaidh an lae gur fhág an tséideog iad féin agus gur cuireadh iad agus an "misiún" i n-aon uaigh amháin ar deireadh.

D’fhág Nangail Acaill sa mbliadhain 1852 agus timcheall an ama chéadna tháinig sagart óg dar b’ainm dó an tAthair Ó hÉinrí go dtí an paráiste. B’é an sagart seo a thug an buille marbhtha do’n "mhisiún." Chuir sé cómhairle ar aithreacha agus máithreacha a gcuid páistí a choingbheál ó sgoltacha an "mhisiuin" agus iad a chur chuig na múinteoirí a bhí sé féin ag soláthar dóibh. Ghlac na daoine a chómhairle agus innstear dhúinn nach raibh sé bliadhain ins an bparáiste go mb’éigean dó ocht gcinn de chuid sgoltacha an "mhisiuin" a dhúnadh ar fad.

Bhí cliste anois ar lucht stiúrtha an "mhisiuin" an sgéim a bhí leagtha amach aca a chur chun críche i nAcaill, acht bhí an talamh aca a fuair siad ó am go h-am. Chongbhuigh siad é seo agus thóg siad cíos air go dtáinig Bord na gCeanntar bPulcaighthe agus go bhfuair siad-san seilbh air. Riaruigh an dream nua seo an talamh mar ba chóir agus d’fhág sin na tionóntaí sa gcaoi nach raibh beann dá laghad ní ba mhó aca ar "mhisiún" Acla.

 

 

CAIBIDIL XIV

An chéad traen go hAcaill - An Tairingireacht - An Traen Speiséalta Deiridh - Ag fóghluim an Bhéarla - Lá an Easbuig - hata Acla.

TÁ sé corrlach le dhá sgór bliadhain anois ó toisigheadh ag cainnt i dtoiseach faoi bhóthar iarainn a dhéanamh ó Chathair na Mart go hAcaill. B'iomdha focal cainnte a baineadh amach sul ar socruigheadh ar deireadh go ndéanfaidhe an bóthar iarainn chomh fada le Gob a’ Choire. Ní raibh léigheadh ná innseacht ar an ríméad a bhí ar mhuinntir an oileáin nuair a chuala siad go raibh ’chuile shórt socruighthe le toiseach a chur ar an obair. Ba é a mbaramhail nach bhfeicfeadh siad lá bochtanais ná anró aríst go deo ó thárla anois go mbéadh an traen ag teacht go béal an dorais aca.

Nár mhór an gar dóibh seo a théigheadh ’chuile bhliadhain "ag déanamh an fhóghmhair" ó Acaill go hAlbain agus go Sasana, an traen a bheith aca i n-áit a dhul ar bháid mhóra go Cathair na Mart le dul ar bhord na luinge annsin a bhéarfadh go Glascú iad. Cinnte chabhruigh an traen go mór leis an oileán acht ní faoi sin atá fúinn trácht annseo anois. Ní raibh áit ar bith ar an oileán an tráth sin a gcasfaidhe beirt ar a chéile nach mbéadh a bheag ná a mhór de sheanchas aca faoi’n maitheas a dhéanfadh an bóthar iarainn. Ba bheag áird a bheirtí ar na sean-daoine a sháitheadh a ladar san tseanchas anois agus aríst ag rádh go raibh sé sa tairingireacht gur lán traenach de chuirp a bhéadh leis an gcéad traen a thiocfadh go Gob a’ Choire agus cuirp a bhéadh leis an gceann speiséalta deiridh a thiocfadh chomh maith.

Dar le cuid mhaith, go mór mhór an t-aos óg, nach raibh sa tairingireacht chéadna acht seafóid shean-daoine nár chóir aon áird a thabhairt air, acht is aisteach í an chinneamhaint agus cúrsaí an tsaoghail. Ba mhaith a cuireadh abhaile do mhuinntir Acla, dóibh féin a h-innstear é, nár seafóid ar bith an tairingireacht agus gur doiligh a dhul thar cómhrádh ná cómhairle na sean.

An bhliadhain a bhí an bóthar iarainn le bheith críochnuighthe bhí "lucht an fhóghmhair" ag réidhteach le dul go hAlbain mar ba gnáthach leo. Bhí díombáidh ortha nuair nach raibh ’chuile shórt réidh ag lucht an bhóthair iarainn ionnus go dtiocfadh leo imtheacht ar an traen, acht dá mbéadh moill seachtmhaine eile ar "lucht an fhóghmhair" bhéadh an traen ann, acht níor tháinig leo fanacht. B’éigean dóibh imtheacht an bhliadhain sin mar a d’imthigheadh siad roimhe sin, ar an mbád mór go Cathair na Mart.

D’fhág ós cionn céad aca, idir fir agus mná, an t-oileán ar bháid mhóra le dul go Cathair na Mart, agus an chuid ba mhó dhíobh i mbláth an tsaoghail, agus iad láidir folláin aerach. D’éirigh go seolta leo go dtáinig siad cómhgarach do’n chéibh ag Cathair na Mart. Bhí long Ghlascú annsin ag fanacht leis an taoide le dul isteach go dtí an chéabh agus nuair a bhí ceann de na báid mhóra ag dul thart léithe isteach chruinnigh an chuid ba mhó dhíobh seo a bhí ar bord an bháid mhóir anonn go taobh amháin dhi le lán a súl a bhaint as an luing. Maidean chiuin a bhí ann gan friota gaoithe ann acht ar éigin, sa gcaoi gur beag siubhal a bhí faoi’n mbád mór. Acht ar mhío-ádhmharaighe an tsaoghail tháinig séideán iom-ghaoithe a chaith an seol thart go dtí an taobh de’n bhád a raibh na daoine ina seasamh, agus le meadhchan na ndaoine agus an tseoil h-iompuigheadh an bád ar a taobh agus d’fhan sí mar sin. Caitheadh a raibh ar bord uirthi amach sa bhfairrge agus báitheadh go leor aca. Bhéadh seans ag cuid aca acht bhí seol an bháid anuas ina mullach agus congbhuigheadh thíos iad. Iad seo nach dtáinig an seol sa mullach ortha tháinig siad slán. Nuair a d’iompuigh an bád bhrúcht an t-uisge isteach innti gur báitheadh iad seo uilig a bhí thíos faoi bhord uirthi, acht aon fhear amháin.

Nuair a chonnaic fuireann na luinge agus fóirne na mbád eile an rud a thárla tháinig siad de chabhair ortha seo a bhí san uisge. Bhí siad seo a bhí faoi sheol an bháid agus iad seo a bhí thíos faoi bhord thar fóir, acht sábháladh an chuid eile. Báitheadh ceithre dhuine dhéag agus fiche acht fuarthas na cuirp uilig. Tugadh isteach go Cathair na Mart iad gur cuireadh i gcómhnraí iad le n-a dtabhairt abhaile go hAcaill. Socruigheadh annsin go mba é an chaoi a b’fhearr le n-a dtabhairt abhaile an giota beag de’n bhóthar iarainn a bhí le críochnughadh a chur i gcóir ionnus go bhféadfaidhe an traen a chur leis na marbháin go hAcaill. Rinneadh amhlaidh agus tháinig an traen leo. B’in an chéad ualach a tháinig ar traen go hAcaill agus bhí a sáith cruthuighthe ag muinntir an oileáin ann nach raibh seafóid ar bith ins an gcuid sin de’n tairingireacht ar chuma ar bith. Tá na cuirp a tugadh ar an traen sin curtha i n-aon uaigh amháin i roilig Chill Damhnait i n-uachtar Acla agus leacht shlachtmhar os a gcionn.

D’imthigh na bliadhanta thart agus bhí an traen ag teacht is ag imtheacht ó Ghob a’ Choire go Cathair na Mart agus tráchtáil mhór dh’á dhéanamh ag lucht an bhóthair iarainn ann ar feadh i bhfad. Acht tháinig athrughadh ar an tsaoghal agus annsin sa mbliadhain 1937 socruigheadh go gcaithfidhe deireadh a chur leis an mbóthar iarainn sin mar nach raibh sé ag glanadh a chostais féin ní h-é amháin aon bhrabach a bheith as. Bhí cur agus cúitiughadh go leor ag na daoine agus lucht stiúrtha an bhóthair iarainn faoi’n gceist mar nach raibh na daoine sásta a bheith gan bóthar iarainn, acht i bhfóghmhar na bliadhna sin tugadh an t-ordughadh go gcaithfidhe deireadh a chur leis, nach raibh ann acht cailleamhaint. Bhí a gcuid oibridhthe faoi seo ag lucht stiúrtha an bhóthair iarainn ag sgaoileadh anuas agus ag tabhairt chun bealaigh leo gach ar bhain leis an mbóthar iarainn ionnus go bhféadfaidhe na ráileacha a thógáil bun barr.

Nuair a bhí an obair seo uilig ar siubhal tháinig sgéal uathbhásach go hAcaill i mí Mheadhon Fhóghmhair na bliadhna sin. Rinneadh luaithreamhán de dheichneabhar stócach as Acaill thall i nAlbain, áit a ndeacha an teach a raibh siad ina gcodladh ann tré theine agus gan aon chaoi aca san a fhagháil as. Tugadh na cuirp uilig abhaile agus cuireadh traen speiséalta leo ó Bhaile Átha Cliath go hAcaill agus b’in an traen speiséalta deiridh a tháinig go Gob a’ Choire. B’iomdha duine adubhairt annsin, agus fáth maith aca le n-a rádh, nár chómhrádh cailleach ná seafóid sean-daoine a bhí sa tairingireacht chor ar bith acht cainnt a raibh ciall innti agus cómhairle go mb’fhiú áird a thabhairt air. Cuireadh cuirp na ndeichneabhar n-ógánach seo i roilig Chill Damhnait chomh maith.

Tá an Ghaedhilg go bríoghmhar láidir ag muinntir Acla fré chéile acht tá corr-bhaile ann a bhfuil níos mó úsáide dh’á bhaint as an mBéarla ná as an nGaedhilg. I n-íochtar Acla ar an gCaol, i nDubh Achadh agus i nDubhghort is láidre an Béarla annsin ná an Ghaedhilg acht níl ins na bailte sin féin acht fíor-chorr-dhuine nach dtuigeann an Ghaedhilg. Taobh amuigh de na bailte seo is beag Béarla a bhíonns le clons nó i n-úsáid ag na daoine i ngnáth-chúrsaí an lae aca. Ar ndóigh ná síltear go bhfuil siad ina muinighin mar theangaidh. Tá riar maith Béarla aca uilig idir óg agus sean acht is réidhe a thigeas an Ghaedhilg leo, go mór mhór na sean-daoine.

Thoisigh an meath ag teacht ar an nGaedhilg i nAcaill i dtoiseach nuair a bunuigheadh an "misiún" ann mar bhíodh sí dh’á múineadh ins na sgoltacha a cuireadh ar bun an t-am sin. Rud eile a chuidigh leis an mBéarla na préamhacha a chur i dtalamh i nAcaill níos deireannaighe ná an t-am ar cuireadh an "Misiún" ar bun, na cuairteoirí a thigeas ann ’chuile Shamhradh.

Bhí cáil ar Acaill le fada an lá ar an áilneacht agus ar an bhfiadhántas atá ann agus tharraing an cháil sin na sluaighte cuairteoirí ó Shasana agus ó thíortha eile isteach ann agus tháinig an Béarla leo. Tá a rian seo ar áiteacha ar an oileán thar áiteacha eile, mar, na bailte a gcuireann na cuairteoirí seo fútha ionnta, sin iad na bailte is láidre an Béarla ionnta i nAcaill. Tá an chanamhaint atá aca i nGaedhilg i nAcaill an-chosamhail le canamhaint Chúige Uladh acht ar ndóigh luigheann sin le réasún mar gur beag de na sloinnte atá i nAcaill indiu nach as Cúige Uladh a tháinig a gceap-sinnsir agus ar an ádhbhar sin ní h-iongantas ar bith é má tá cosamhlacht idir Ghaedhilg Acla agus Gaedhilg Chúige Uladh.

Acht má tá Béarla i nAcaill indiu, bhí tráth ann agus níl sé i bhfad ó shoin acht oiread, nuair nach raibh ann acht an Ghaedhilg cé is móite de’n bheagán Béarla a bhíodh i n-úsáid aca seo a mbíodh aon bhaint aca leis na cuairteoirí agus strainséirí eile a chastaoi isteach ar an oileán ó am go h-am. Leis an gceist seo a dhéanamh soiléir dhuit, a léightheoir, ní fearr caoi a thiocfadh linn a dhéanamh ná an tuairisg a thug sean-fhear de thógáil an oileáin dúinn i dteach ósda i nGob a’ Choire a thabhairt duit.

Lá aonaigh a bhí ann agus thárla gur casadh isteach muid san teach seo. Bhí triúr sean-fhear ina suidhe istigh i seomra beag ann agus na píopaí faoi lán-tseoil aca agus na gloinneacha ar an mbord. Ag cur caoi ar chúrsaí an aonaigh a bhí siad agus cuid de’n chómhrádh dh’á dhéanamh aca i mBéarla agus cuid eile i nGaedhilg. Ba chuma leo idir an dá theangaidh mar bhí an Béarla aca chomh maith leis an nGaedhilg. Chuirinn féin agus mo chomrádaidhe focal isteach anois agus aríst acht ba gearr gur thug muid faoi deara go raibh duine de’n triúr a raibh fonn seanchais air agus féith an ghrinn ann ní b’fhearr ná an bheirt eile agus nuair a thoisigh seisean i gceart b’éigean do’n bheirt eile éisteacht.

"Raibh an Béarla agat ó t’óige?" arsa mise.

"Raibh what?" ar seisean, ag breathnughadh idir an dá shúil orm. "Ní raibh, ná sgread casta an focal Béarla a bhí in mo bhaile sgór bliadhain ó shoin ag aoinne de bhunadh an bhaile."

"Bhfuil mórán de ann anois?" arsa mise.

"Is beag atá ann acht é anois," ar seisean.

"Agus nach tobann a tháinig sibh isteach ar an mBéarla, nó an ar sgoil a d’fhoghluim sibh é?" arsa mise.

"Dá mbéadh sinne i muinighin an mhéid Béarla a fuair sinn sa sgoil, b’fhurast ár gcuid de a chómhaireamh indiu, acht innseo’ mise dhuit cé’n chaoi a raibh sé. I mBéarla a bhí na paidreacha dh’á mhúineadh san sgoil, agus Béarla a bhí i dteach an phost’, ag na póilíos agus ag daoine eile de’n tsórt sin agus bhíodh sinne ag breith ar na focla a bhíodh siad-san ag sgaoileadh uatha agus ag congbháil greama ar an bhfocal a fuair muid. Ar an gcaoi sin bhí muid i dtólamh ag cur leis an mbeagán a bhí againn go raibh riar maith Béarla againn ar deireadh."

"Bhfuil tú i n-ann an Ghaedhilg a sgríobhadh ná a léigheadh?" arsa mise.

"Tig liom é a léigheadh go measardha maith acht cúrsaí sgríobhadh dhe, níl aon lámh agam air."

"Creidim," arsa mise, "go mba chuma leat acht a bheith i n-ann é a labhairt."

"Sin é é go díreach agus cé’n mhaith teanga ar bith agat mur’ bhfuil tú i n-ann í a labhairt," ar seisean.

"A’ mbíthí ag gáiridhe fúibh nuair a bhí sibh i muinighin an chorr-fhocail Béarla i dtoiseach?" arsa mise.

"Nár chuma dhúinn faoi gháiridhe ná magadh ar bith," ar seisean. "Nach raibh Béarla againn agus b’in a raibh uainn."

"Feicim," arsa mise, "gur chaith sibh am agus dúthracht léithe mar theangaidh le greim a fhagháil uirthi, go mór mhór nuair nach raibh mórán congnaimh le fagháil agaibh."

"Am agus dúthracht, an eadh? Éist, a stócaigh, go n-innsighidh mé dhuit faoi. Bhí mise chomh mór ’s atá mé indiu nuair a chuaidh mé faoi Láimh Easbuig agus bhí daoine ní ba sine ná mise ag an easbog an lá céadna mar is maith is cuimhneach liom é. Ní chuirfidhe lá iongantais ann an tráth sin daoine fásta a fheiceál ag dul faoi Láimh Easbuig ní fearacht anois é. Theastuigh cuid mhaith Teagaisg Chríostuidhe ó dhuine an t-am sin shul a leigthí dhó dul faoi Láimh Easbuig. ’Sí an obair a bhíodh orainne, an sgata a bhí le dul chuig an easbog, istigh i dteach na sgoile ’chuile thráthnóna Domhnaigh agus corr-uair i rith na seachtmhaine ag fóghluim an Teagaisg Chríostuidhe agus an máighistir sgoile ’ghár múineadh. Bhíodh sinn annsin aige go féilteamhail ag dul feadughadh do’n Teagasg Críostuidhe agus an máighistir bocht cráidhte ag iarraidh na focla cruaidhe a mhíniughadh dhúinn agus gan fhios againne ’ch oiread le cúl ár gcinn céard a bhíodh dh’á rádh againn, mar go mba Béarla a bhí ar siubhal ann."

"’Raibh mórán fóghlumtha agat nuair a tháinig Lá an Easbuig?" arsa mise.

"Bhí," ar seisean, "ceithre ceisteanna agus mé bródamhail go maith as obair mo choicighíse mar bhí daoine ann nach raibh an oiread sin aca. Soir linn go seolta go teach an phobail nuair a tháinig an lá agus bhí misneach agam féin i ngeall ar an oiread a bhí fóghlumtha agam, agus an gcreidfeá nár cuireadh orm acht dhá cheist i ndiaidh mo chuid trioblóide uilig."

"An raibh na freagraí agat?" arsa mise.

"Ádhmhail go leor bhí," ar seisean, "mar go mba péire de na ceithre cinn a bhí fóghlumtha agam a cuireadh orm. Nach orm a bhí an t-ádh agus a liachtaighe ceist a bhí ins an Teagasg Críostuidhe?"

"B’ort cinnte," arsa mise, "agus ba chóir dhuit a bheith buidheach."

"Rud a bhí," ar seisean, "acht ag teacht abhaile dhom bhí mo bhean amuigh sa ngáirdín agus nuair a tháinig mé faoi fhad cainnte léithe, ‘Cé’n chaoi ar éirigh leat leis an Teagasg Críostuidhe?’ ar sise, ina sean-bhéic. "Go féidhmeamhail," arsa mise, "mar bhí dhá cheist spáráilte agam."

"Thiocfadh leat a rádh ina dhiaidh sin," arsa mise, "go raibh Béarla agat."

"Agus nach raibh, dá laghad é?" ar seisean. "Acht chabhruigh an mhéid sin féin liom le tuilleadh a fhagháil."

"Caithfidh sé mar sin gur beag Béarla a bhí ar an oileán an tráth sin chor ar bith," arsa mise.

"Nuair a bhí mise óg," ar seisean, "shiubhailfeá an t-oileán ó cheann go ceann agus ní raibh focal Béarla le clons ann acht ó na strainséirí. An té a raibh Béarla aige an t-am sin bhí meas air agus innseo’ mé anois duit sgéal a chuala mé go minic ó m’athair, go ndéanaidh Dia trócaire air. Nuair a bhí seisean ag teacht suas bhí an sagart a bhí ann an tráth sin ag cur cómhairle ar na daoine an oiread Béarla a fhóghluim agus a thiocfadh leo ionnus go mbéadh siad i n-ann a ngnaithe a dhéanamh nuair a théigheadh siad amach go dtí an mhóir-thír nó as baile i n-áit ar bith. Thuig an sagart go raibh a dhíoladh Gaedhilge ag ’chuile dhuine ar an oileán agus go mba mhór an gar dóibh é beagán Béarla a bheith aca. Ghlac na daoine a chómhairle agus bhí siad ar theann a ndíchill ag iarraidh corr-fhocal Béarla a mheabhrughadh. Lá amháin bhí fear as mo bhaile ar a bhealach go Cathair na Mart nuair a casadh an sagart air annseo i nGob a’ Choire. ‘Good morning, John,’ arsa an sagart leis. ‘Anois, a athair, labhair Gaedhilg liom, le do thoil,’ arsa John. ‘Níl agam acht cúpla focal Béarla agus tá mé ’ghá spáráil go dtéighidh mé go Cathair na Mart.’ Nach dteasbáineann sin a laghad Béarla a bhí ann an tráth sin agus an trioblóid a fuarthas ag iarraidh é a fhóghluim?"

"Teasbáineann cinnte," arsa mise, "acht creidim go mba annamh a théigheadh duine as Acaill an uair sin chomh fada le Cathair na Mart."

"Creidim go mba annamh mar nach raibh an chaoi ann leis an aistear sin a dhéanamh mar atá anois," ar seisean.

"Tá seans go mb’in an t-am a raibh ‘Hata Acla’ annseo ag an bhfearsaid," arsa duine de na fir eile nár labhair go dtí seo. "Cuirfidh mé geall nár chuala na fir seo ariamh," ar seisean linne, "aon trácht ar ‘Hata Acla.’"

B’éigean dúinn a rádh nár chuala.

"Seo é an chaoi a raibh sé," ar seisean. "I bhfad ó shoin nuair nach raibh muinntear Acla chomh maith as agus atá siad anois, ná b’fhéidir an dara culaith éadaigh ag cuid aca, bhí hata dubh fágtha annseo ag an bhfearsaid agus duine ar bith a bhéarfadh a ghnaithe as an oileán amach é chuirfeadh sé an hata sin air le bheith ina ‘dhuine uasal’ chomh fada agus a bhéadh sé as baile. Ní raibh hataí chomh fairsing an t-am údaigh agus atá siad anois agus chuirfidhe sunndas san té a d’fheicfidhe le hata air. Ar ndóigh shíl muinntear na h-áite amuigh go raibh hata ar ’chuile dhuine i nAcaill mar nach bhfágfadh aoinne an t-oileán gan an hata a chur air. Nuair a thigeadh an duine sin ar ais d’fhágadh sé an hata san áit a bhfuair sé é ionnus go mbéadh sé ann ag an gcéad duine eile a bhéadh ag fágáil an oileáin. Sin é an chaoi a raibh sé anois agus cuireann sé iongantas orm nár chuala sibh é sin cheana."

B’éigean do’n bheirt againn a rádh nár chuala, gidh gur dhubhairt an fear sin go raibh sé ina leath-fhocal ó shoin ar fud iarthair an chonndae le rud ar bith a bhíos ag dul ar iasacht ó dhuine go duine, gur geall maith le "Hata Acla" é.

Anois, a léightheoir, tá an cúrsa fánaidheachta seo chómhair a bheith tugtha agus tá muid buidheach dhíot a bheith chomh foighdeach linn. Gealladh dhuit i dtoiseach go bhfuightheá breac-chunntas ar gach ar chuala muid agus ar gach a bhfaca muid ar an tsearsa seo atá anois thart. Tugadh dhuit é mar fuair muid féin é. Níl ann acht an cunntas a fuarthas ó’n tseanchaidhe mar nár dearnadh tagairt ná sgrúdughadh ar leabhar ná páipéar leis an gcunntas a fhagháil. Ní raibh gádh leis. Ba suimeamhla i bhfad a bheith ag éisteacht leis an tseanchaidhe ag sgaoileadh an tseanchais uaidh gan pioc stróimh ná trioblóide. Ná síltear go bhfuil an seanchas uilig faoi Iorrus agus faoi Acaill ins an gcunntas seo. Níl, ná baoghal air, mar thiocfadh le duine a bheith ag breacadh ar a dhícheall i gcaitheamh a shaoghail agus ní bhéadh sé uilig aige. Shanntuigh muid féin tuilleadh a chur ar fagháil dhuit, a léightheoir, acht bhí ár saoire anois thart agus ar ndóigh caithfidhear freastal ar "tóir an tsaoghail."

Deir mo leath-bhádóir, Micheál, gur iomdha áit ar leag sé a chos ó d’fhág sé Éire gur fhill sé aríst uirthi, acht nach bhfuair sé aon tsólás ná aoibhneas a chuirfeadh sé i gcomórtas leis an bpléisiúr a fuair sé ar an ngeábh fánaidheachta seo. Tá sé ag brath ar a aghaidh a thabhairt aríst ar an Oileán Úr i gceann sgathaimh, acht mar adeir sé féin, níl an tír sin thall leath chomh h-úr ná chomh h-áluinn leis an tírín seo atá ina bhuaile dhúthchais aige acht go gcaithfidh sé imtheacht mar gur thall atá a chuid agus a chúram anois. Tá an Samhradh ag éalódh uainn anois agus an lá ag cailleadh acht tiocfaidh bliadhain eile agus faoi n-a bheith slán dúinn uilig tá dúil againn searsa eile fánaidheachta a thabhairt agus a thoradh a thabhairt dhuit, a léightheoir. Go dtí sin fágfam slán agus beannacht agat.

 


<<<